Cartlanna Clibe: George W. Bush

Sceimhle bréige na Breataine agus SAM

De réir a cheile a thogtar na caisleáin agus luath nó mall nochtar an fhírinne. Dhá shean fhocal an úsáideach ar fad. Dhá sheanfhocal ar cheart do na rialtaisréimis sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe machnamh a dhéanamh orthu i bhfianaise an scéal is déanaí faoin mbealach ar baineadh feidhm as ‘bagairtí sceimhle’ chun céasadh a dhéanamh ar chimí.

Sa Guardian inniu tá sé á thuairisciú gur polasaí de chuid na Breataine a bhí ann daoine a sheoladh go dtí réimis eile chun go ndéanfaí iad a cheistiú – agus go mbainfí úsáid as céasadh sa cheistiú sin.

Dar leis an scéal seo freisin, rinne Rúnaí Ghnóthaí Eachtracha na Breataine, David Milliband, iarratas ar Roinn Stait na Breataine litir a sholathar ag tabhairt le fios go stopfadh seirbhísí faisnéise na Breataine ag roinnt a cuid eolais leis an mBreatain dá mba rud é go dtabharfaí fianaise chun solais maidir le polasaí na Breataine i gcás cúirte. B’é seo cás Binyam Mohamed, saoranach Bhriotanach de shliocht na Pacastáine. De reir a dhliodóiri deineadh Binyam a chéasadh agus é faoi á cheistiú ag poilíní sa Phacastáin Ansan chuir an MI5 é faoi agallamh agus baineadh feidhm as cuid den eolas a thug sé le linn a chéasta. Ina dhiaidh sin seoladh é go dtí Morocco áit ar céasadh é in athuair – ag uair amháin deineadh a mhagairlí a ghearradh le scian liachta.

Níl sé ach cúpla seachtain ó shin go raibh David Milliband ag cosaint a sheasamh i dtaobh a dhiultú an fhaisnéis seo faoin chéasadh seo a roinnt le dlíodóiri Binyam i bPairlimint na Breataine. Anois tá sé tagtha chun solais ná raibh an chúis imní a luaigh Milliband i dTeach na dTuatach fíor ar chorr ar bith. Is amhlaidh go raibh sé féin tar éis an litir sin a lorg.

Anuas ar an méid sin bheith tagtha chun solais, tá sé ráite ag iar cheannasaí an MI5, Stella Rimington, gur bhain na Stáit Aontaithe úsáid as ‘céasadh’ agus chuir sí i leith rialtas na Breataine gur bhain an rialtas sin feidhm as bagairtí scéimhle gan bunús agus gur cuireadh srian dá réir ar shaoirsí phearsanta.

It would be better that the government recognised that there are risks, rather than frightening people in order to be able to pass laws which restrict civil liberties, precisely one of the objects of terrorism – that we live in fear and under a police state,” she told the Spanish newspaper La Vanguardia.

She said the British security services were “no angels,” but they did not kill people.
“The US has gone too far with Guantanamo and the tortures,” she said.
“MI5 does not do that. Furthermore it has achieved the opposite effect – there are more and more suicide terrorists finding a greater justification.”

Nach mór an admháil uaithí nárbh aingil iad seirbhísí faisnéise na Breataine. Cé a chreidfeadh, áfach, agus an fhianaise go léir atá ann faoi ról na seirbhisí céanna i marú leitheidí Pat Finucane, maiomh an Bhean Uasal Rimington ‘nach maraionn siad daoine’?

Ag an am chéanna d’eisigh Coimisiún Idirnáisiúnta na Saineolaithe Dlí tuairisc inar chuir siad i leith rialtais na Breataine agus SAM go raibh siad ag tochailt faoi bhunús an dlí idirnáisiúnta.

Dar le Mary Robinson, Uachtarán an ICJ agus iar Uachtarán na tíre seo, go bhfuil sé in am anois, seacht mbliana i ndiaidh uafás 2001, go raibh sé in am dlithe a bhí ag déanamh dochar a aisghairm.

“Seven years after 9/11 it is time to take stock and to repeal abusive laws and policies enacted in recent years.
“Human rights and international humanitarian law provide a strong and flexible framework to address terrorist threats.”

Ar ndóigh bhí páirt ag an tír seo sa ghnó lofa seo nó ná raibh Aerfort na Sionainne á úsáid ag na h-eitiltí seo le h-aghaidh an ‘seachadadh neamh ghnach ‘ agus ná rabhmar sásta glacadh le focal SAM ná raibh seo amhlaidh.

Ar ndóigh ní h-é sceimhle Al Qaeda agus an Taliban is a leitheid atá sna cinnlínte faoi láthair ach bréagadóireacht na mbaincéirí agus an mbealach atá siad, lena saint, tar éis nios mó dochar a dhéanamh don gheilleagar domhanda ná mar a dhein ionsaithe 9/11.

Ach níor cheart dearud a dhéanamh ar an ndroch obair a tharla le roinnt blianta anuas agus an saibhreas a seideadh san aer le linn aidbhintiúr mífhortúnach Bush agus Blair.

Agus níor cheart dearúd a dhéanamh ar páirt ár rialtas féin sa ghnó lofa seo.

Sinn Féin agus ath-aontú na tíre

D’eirigh le Gerry Adams filleadh ó Washington in am chun oráid a thabhairt ag ocáid Shinn Féin inné chun bunú an Chéad Dála cothrom an lae 90 bliain ó shin. Oráid a bhí ann inar dhein sé an argóint nár luadh, ní doigh liom, an lá roimhe ar chorr ar bith nuair a bhí an chomóradh oifigiúil ann ag an Stat ó dheas, go raibh crioch dheighilt tar éis bac a chur ar fhás agus fhorbairt na hÉireann agus go raibh sé in am anois feachtas a chuir sa tsiúl chun buanna athaontú na tíre a chuir os comhair an phobail.

Is ceart agus is cóir go mbeadh an feachtas sin ann dar liom agus dá mbeadh an cheist sin ag croí lár gach rud a dhein SF sna toghcháin atá romhainn, mheallfadh siad tacaíocht níos mó ná an 8-10% atá á fháil acu. Roimhe seo bhí na feachtais ag SF leath bhacáilte agus gan creidiúint – iad ag iarraidh ag an olltoghchán dheireannach bheith sa rialtas ó thuaidh is ó dheas ag an am chéanna. Bhí sé olc go leor iad a bheith ag iarraidh bheith ag suí sa rialtas leis an DUP ó thuaidh – ní dócha go bhfuil pairtí níos faide ar an eite dheis ar gach ceist tabhachtach san Eoraip – ní raibh aon rogha eile ann agus bhí toscai láidre eile le cur san áireamh.

Ach iad ag iarraidh bheith ag suí in aon rialtas le Fianna Fáil ó dheas ag an olltoghchán dheireannach, beag bheann ar na prionsabail a bheadh le fágáil ag an doras acu, b’shin céim ró fhada. Más cuimhin libh bhí Sinn Féin sásta a bpolasaithe maidir le cáín corporáideach a athrú díreach roimh an toghchán.

Tá sé tabhachtach go mbeadh polasaithe ciallmhara ag SF i réimsí tabhachtacha ar nós an eacnamaíocht, sláínte agus eile – ach is é an cheist a sháiníonn SF ceist ath-aontaithe na tíre. Is é sin gort s’acu agus cé go bhfuil pairtithe eile béal craifeach ar an gceist, níor cheart go mbeadh aon cheist faoi sheasamh SF ar an gceist.

Ach tá, mar tá an pháirtí tar éis dearúd a dhéanamh ar an mbunchúis go bhfuil siad sa pholataíocht, is é sin deireadh a chur leis an gcriochdheighilt agus Éire a athaontú. Tá an chuspóir seo ligthe i ndearmad acu de bharr go bhfuil siad dallta ag an smaoineamh go bhféadfaidís bheith i gcumhacht ach comhaontaithe a dhéanamh le FF nó eile.

Is íorónta an scéal é ach sílim go bhfuil pobal na tire reidh le h-aghaidh pairtí a chreideann i rud éigean seachas a bheith i gcumhacht ar mhaithe leis an gcumhacht.

An mbeadh speis acu anois i bpáirtí a bheadh ag iarraidh ath-aontú na tíre? Sin ceist ar fiú a chur amuigh ansin anois agus an cogaíocht ó thuaidh thart le beagnach cúig mbliain deag – sin glúin iomlán nach mór.

Tá sé in am freisin do Shinn Féin deireadh a chur lena ré mar pháirtí na h-agóide agus iad féin a athshamhlú mar phairtí an fheachtais. Ní h-aon mhaith doibh nó dón phobal bheith mar phairtí atá i gcoinnibh gach rud ach nach feidir a dhéanamh amach go díreach céard atá siad ar a shon. Sin polataíocht na seachtódaí. Táimíd beo i ré úr anois.

Os rud é go raibh Gerry Adams i Washington ag inshealbhú Barack Obama ina Uachtarán ar Mheirceá, b’fheidir gur feidir leis roinnt ceachtanna a fhoghlaim. Tá an gluaiseacht i measc an phobail a bhunaigh Barack Obama agus a chuidigh leis bheith tofa ina Uachtarán ar an ngluaiseacht pholatúil is cumhachtaí dá bhfacthas riamh san nua aois pholatúil.

Ba chabhair do Obama go raibh uachtarán chomh mí thaithneamhach le George W. Bush ann lena linn mar chuidigh sin leis an aeráid a chruthú le go bhfasfadh síol ar nós Obama i ngort an tsoinicis. B’fhearr le daoine bheith dóchasach seachas bheith soiniceach.

Go dtí seo tá daoine in Éirinn soiniceach faoin pholataíocht. Is é Fianna Fáíl – agus ar an droch uair – an Chomhaontas Glas an George W. Bush s’againne. Dá luaithe a fheicimíd iad ag imeacht, níl sé luath a dhothain. Tá gá le h-údar dochais. Tá gá le tuairim mhór chun sinn a ghriosadh agus ansan modh oibre chun sinn a eagrú.

Tá amhras faoi chumas Sinn Féin tabhairt faoin eagraíocht seo a bheadh ag teastáil chun an taoide soinicis a chur ar ath-threo. Ach ar a laghad tá tuairim mór acu. Tá sé in am go mbeadh Sinn Féin ar son rud éigean atá níos mó ná Sinn Féin agus beartú is eagrú dá réir.

Táim ag caint mar dhuine atá muinín caillte agam i Sinn Féin – de bharr an tréas a rinne an phairtí ar Lá Nua agus eile – ach de bharr go dtacaím leis an sprioc go mbeadh Éire Aontaithe ann, níl sé as an cheist nach feidir mo mhuinín a thuilleamh in athuair. Is féidir sin a dhéanamh ach tabhairt faoi. Tá daoine eile ann atá muinín caillte – ar chúiseanna eile – agus arís eile is féidir an muinín sin a shaothrú arís.

Ach fiú mura raibh Sinn Féin ach ag bladar inné agus nach bhfuil sé i gceist acu aon rud praicticiúil a dhéanamh ar son Eire Aontaithe – go leor ‘gong’ ach gan dinnéir ar bith – ba cheart dúinn mar phobal eagrú ar son an sprioc sin a bhaint amach. Ná bímis ag fánacht ar Phrionnsaí, dúirt Machiavelli fadó, agus b’shin fear a thuig úsáid na cumhachta!

Iosrael an chine dhíothóir

Is léir ón méid atá tarluithe ón Satharn go bhfuil Iosrael ag iarraidh an braon deireannach fola a bhaint as réimeas George W. Bush sa Teach Bhán ar eagla nach mbeadh an céad céanna acu cine dhiothú a dhéanamh ar a gcomharsain, na Pailistínigh, faoi réimeas Obama sa Teach Bhán. 

Níl aon am agam do na h-ionsuithe diúrachán atá á dhéanamh ag Hamas ach ní féidir a rá gur ‘freagra’ atá ann scaird eitleáin F16 agus eile a chur ag scriosadh mathracha is páistí i nGasa.  Tá ainm ar an rud atá á dhéanamh ag Iosrael – agus ní díoltas atá ann ach díothú.  Cinedhiothú. 

Níl sé ar an scála céanna leis an rud a rinne na Naitsithe ar na Iúdaigh sna 30í is na 40í – ach is é an nádúr céanna atá á thiomáint. 

Sibhialaigh is mó atá ag fulaingt ar an dhá thaobh agus léiriú eile é sin ar an slí atá cogaíocht ag athrú.  Sa Chéad Chogadh Domhanda, ba saighdiúirí agus daoine faoi éide is mó a maraíodh is a gortaíodh.  A mhalairt ar fad atá fíor inniu – agus tugtar dul chun cinn ar an méid atá tarluithe ó shin!

Dúirt Obama go raibh sé ar shon Iosrael a chosaint ó bhagairt Arabach agus é i mbun feachtais.  Tá sin maith go leor.  Ach caillfidh sé pé údarás morálta atá aige ar an gcéad lá tar éis a inshealbhaithe ar 20 Eanáir mura dtugann sé aghaidh ar sheabhaic Iosrael agus a rá leo go neamh bhalbh nach dtacóidh Stait Aontaithe Mheircea in aon bhealach le h-ionsuithe mileata ar shibhialaigh.

Ar ndóigh is léir gur beag seans a bheidh ann go mbeidh Obama ag íonsaí Iosrael go h-oscailte agus fear de shliocht Síónach, Rahm Emanuel, mar cheann foirne aige sa Teach Bhán.  Ach b’fheidir gur fear é an tUasal Emanuel a bheidh úsáid leis chun labhairt go réasúnta le hIosrael ar son na siochána. 

Beidh le feiceáil….