Míreanna mire ón Oireachtas…

Díreach tar éis filleadh ón Oireachtas agus is fiú a rá gur bhain mé sult as – fiú má chreidim go fóill go bhfuil alán rudaí i leith na féile ar cheart a fhorbairt go práinneach faoi mar a bhíos ag rá libh san imlitir dheireannach.

Is é an rud mar gheall ar an Oireachtas go gcasann tú le do cháirde atá ag troid an dea throid i dtrínsí eile – leithéidí Darach O Scolaí a sheol leabhar alainn eile ó Leabhair Breac, Ceadtach Mac Rí na gCor le Maidhc P. O Conaola nó na Deartharacha Fanzini nó muintir Mhic Giolla Bhríde – bhí an chéad albam ó Dhoiminic (in éineacht le Greagoir O Labhruidh) á sheoladh ann, Guailibh a Chéile, dluth dhiosca a dheineann ceiliúradh ar an gceangal laidir idir sinn is ár gcomh Ghaeil trasna Sruth na Maoile.    Bhí go leor eile ann, go h-áirithe thíos i bhforhalla an INEC áit go raibh ‘Aonach na Gaeilge’ agus leithéidí Scrabble á dhíol ag Glór na nGael nó BábagoBaby nó An Spailpín Fánach is a chuid t-léinte is eile.

Maidin De Satharn b’é ceann de na príomh ocáidí Seimineár Chonradh na Gaeilge.   Abhar an tSeimineáir: An Straitéis 20 Bliain:  Reiteach an Scéil?    Na cainteoirí:  Pádraig O hAoláín, Udarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhoráin (An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta/COGG) is Fergal O Cuilinn (Comhluadar).   Chuir sé íontas orm, áfach, agus an tAire Ghnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, thíos staighre san óstán céanna, ná raibh seisean ag caint ag an ocáid seo, ós rud é gurb é a sheolfaidh an Straitéis i gceann, deirtear linn, trí sheachtain nó mar sin.

Seans go gcuirfeadh an tAire spéis i rudaí a dúradh ag an Seimineár:   Bhí ráiteas amháin a rinne Donncha O hEallaithe a chuir íontas orm féin:  Dar le Donncha, niorbh é Colm McCarthy agus an Bhord Snip Nua a mhol go mbainfí feidhm na fiontraíochta den Udarás ach Roinn na Gaeltachta féin.  Anois má tá sin fíor, tá go leor ceisteanna le cur, an príomh cheann:  cén taobh ar a bhfuil an Roinn sa chluiche seo?   Más ar thaobh coilliú an Udaráis atá an Roinn, ar cheart do Ghaeil a bheith ag cosaint na Roinne mar atá leithéidí Guth na Gaeltachta.  Gan fiontraíocht a bheith faoi chúram an Udaráis, d’fhagfaí an Ghaeltacht ina thalamh bánaithe mar is cinnte nach lonnódh leithéidí Enterprise Ireland oiread is tionscnamh amháin sa Ghaeltacht.  Ní spéis le Fiontar Éireann bailte beaga is ceantair imeallacha.

Mar ar tugadh chun solais anseo den chéad uair roinnt seachtainí ó shin, ní raibh an t-údarás i measc na n-aisínteachtaí forbartha a fuair cuireadh chun cruinnithe ón dTaoiseach.    Fiú go raibh Fás ar an liosta in ainneoin go bhfuil sé fógraithe go poiblí go mbeidh áisínteacht nua scileanna ann san Athbhliain.    Deirtear linn gur léirigh an tAire ‘dóchas’ nach ngearrfaí buiséad an Udaráis sa Bhuiséad agus é faoi agallamh ar TG4 oíche Déardaoin – ach cad is fiú dóchas an Aire nuair a chuirtear i gcomórtas é leis imeallú shoiléir atá déanta ar UnaG ag an dTaoiseach féin?  Beidh le feiceáil teacht na Nollag!

Tá go leor eile a fhéadfaí rá faoin Seimineár – chuir Eoghan O Néill ceist tabhachtach ina cholún i nGaelscéal an tseachtain seo:

Tá Conradh na Gaeilge chun comhdháil a eagrú ag an Oireachtas chun ‘Straitéis 20 Bliain na Gaeilge’ a phlé.

Go n-éirí go breá leo.

B’fhearr liom go mbeadh ceist eile á plé.

Ceist níos práinní dar liom.

Táimid ar an dé deiridh thuaidh is theas, faoi luí na bíse ag ciorruithe eacnamaíochta, fiacha troma, dífhostaíocht, éagóir agus inimirce.

Ba bhreá liom díospóireacht a bheith ag an Oireachtas faoin saol a bheas ag na Gaeil sa ré barainne atá anois ann.

Shíl mé riamh agus mé ag fás aníos gur Gael-Linn an eiseamláir do gach eagras Gaeilge.

Dream a fuair airgead éigin ón stát ceart go leor ach a bhí dírithe go mór mór ar fhiontair a chur sa tsiúil a shaothródh ioncam don eagras féin – crannchur, díol ceirníní, nuacht-fhíseáin, scannáin, drámaíocht agus go leor eile.

Fiontraíocht an dúshraith a bhí ag an eagras Gaeilge áirithe sin.

Anois, i ré seo na héigeandála eacnamaíochta, caithfidh na heagrais Ghaeilge agus na fiontair Ghaeilge agus na cumainn Ghaelacha agus na hionaid Ghaelacha tabhairt faoina n-atheagrú féin le go mbeadh siad saor ó dheontais stáit.

Nárbh fhiú straitéis 5 bliana a ullmhú chun go mbeadh gach eagras Gaeilge ag cruthú 50% dá n-ioncam iad féin faoin bhliain 2015 seachas iad a bheith ag brath ar dheontais rialtais?

Nó go fiú 75%?

B’fhiú sin a phlé ag an Oireachtas.

Cé gur ceist é ar chóir é a phlé ag an Oireachtas i mbliana – agus ag Oireachtais roimhe seo – tá ceannasaíocht na Gaeilge chomh coimeádach sin nach féidir leo todhchaí gan deontas a shamhlú.  Ní doigh liom go mbeidh gá leis an samhalaíocht i bhfad eile mar tá na mictíre anois ag an doras….

Bhí sé d’adh orm casadh le Seán Tadhg O Gairbhí, iar eagarthóir an ‘sean’ Foinse, thíos staighre ón Seimineár agus d’fhiafraigh mé de cad é an cúram a bhí aige na laethannta seo.  Is cosúil gur mise an duine deireannach atá ar an eolas nó tá Seán Tadhg anois ag cur comhairle ar an Aire Carey.  Sin cara amháin sa chúirt ag lucht gnímh na Gaeilge.  Ní raibh an seans agam plé a dhéanamh leis faoina thuairim ar na ‘nuachtáin’ nua i saol na Gaeilge, ó chuir Foras na Gaeilge chun báis Lá Nua agus Foinse (mar a bhí), nó tháinig an Aire ar an láthair.

Táím tar éis corr alt a sholathar do Ghaelscéal le déanaí agus bhí altanna agam i Foinse anuraidh –  tacaím le nuachtáin Ghaeilge mar bhunphrionsabal – ach mothaím go bhfuil an plot á chailiúint go fóill ag Gaelscéal go h-áirithe.   Is é feile an Oireachtais deireadh seachtaine mór shaol na Gaeilge agus ní raibh tagairt don Oireachtas ar phríomh leathnach an nuachtáín nó fiú san Eagarfhocal.   Bhí an eagarfhocal dírithe, den chuid is mó, ar mhasla a ghlac an t-eagarthóir don téarma ‘Irish language enthusiast’ i bpreas ráiteas ó Shinn Féin.   Anois níl aon bá agamsa le SF agus is minic ar cháin mé an pháirtí in eagarfhocal nuachtáin – ach seo an rud, is ceist fánach is imeallach é seo le h-ainm nuachtáin, murab ionann agus colúnaí, a cheangal leis.     Nuair is eagarthóir nuachtáin thú, tá dualgas ort guth shainiúil a chruthú don nuachtán san eagarfhocal agus, ar uaireannta, d’fhéadfadh sé titim amach go dtrasnódh an rud a dhéarfadh an nuachtán ina ghuth féin agus an rud a dhéarfá id ghuth.      Dá mba rud é go raibh an oiread san dúil ag an Eagarthóir an pointe sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé colún a scríobh ar an gceist ach, ar ór ná ar airgead, níor cheart do an eagarfhocal a fhagaint faoi na maslaí a mhothaíonn sé féin.     Nó má dheineann sé amhlaidh, bíodh sé cinnte gur ceist níos tabhachtaí atá i gceist ná an lipéad a luaitear le cainteoirí Ghaeilge.   Is cainteoir Ghaeilge mé ach, freisin, is ‘Irish language enthusiast’ mé.  Más é sin mar a fheiceann domhan an Bhéarla mé, is beag éifeacht a bheidh ag eagarfhocal i nGaelscéal chun an léargas sin a athrú.   Ní h-é seo an chéad uair don eagarfhocal i nGaelscéal bheith dirithe ar cheisteanna fánacha is imeallacha – níl sé cúpla seachtain ó shin ó bhí an eagarfhocal ag gearán faoi claonadh a bhí tugtha faoi ndeara aige sna meáin Bhéarla ar nós RTÉ is an Irish Times bheith ag moladh d’fhir óga bheith ag liostáil i bhfórsa choimhthíoch ar nós Arm na Breataine.   Ceist é seo a eiríonn mionlach dhaoine tógtha faoi – mionlach de mhionlach – agus is ceist amaideach é le plé in eagarfhocal nuachtán Ghaeilge nuair atá ceisteanna i bhfad Éireann níos giorra den scórnach le plé.

Is cinnte gur scrígh mé féin cúpla eagarfhocal a chuaigh thar fóir le mo linn i Lá/Lá Nua.   Ach níor phléigh le ceisteanna fánacha ar bhonn rialta – riamh ar éigean – mar is nós, is cosúil, don  eagarfhocal i nGaelscéal.  Agus má bhí mo thuairimí féin le craobhscaoileadh agam, dhein mé an obair sin faoi m’ainm féin seachas faoi bhrat an nuachtáin.

Ní thuigim cén fath nach bhfuil lucht bainistíochta an nuachtáín, leithéidí Máire Ní Thuathail is an Connacht Tribune, tar éis comhairle a chur ar an t-é atá ag scríobh na h-eagarfhocail seo smacht de shórt éigean a bheith aige ar a pheann – ar son an nuachtáin agus ar son na Gaeilge.

Ceist eile ar cuireadh orm i gcaitheamh an deireadh seachtaine:  Cén sórt díolachán atá ag Gaelscéal?  Níl a fhios ag éinne mar ní chreidim go bhfuil an nuachtán cláraithe le ABC – cé gur luaigh an Fhoras é sin mar choinnioll liomsa agus mo chomhleacaithe nuair a rabhmar san iomaíocht don chonradh a bhuaigh Torann na dTonn Teo (comhlacht úinéireachta Gaelscéal).   Agus é á cheistiú ar an bpointe seo le déanaí ar An Ghlór Anoir, dúirt Ciaran Dunbar, eagarthóir an nuachtáín, ná raibh na figiúirí ós a chomhair agus é ag caint ach go raibh sé féin agus lucht an nuachtáin is Foras na Gaeilge sásta go raibh na ‘targaidí’ a aontaíodh á aimsiú acu.    Ní chreidim focal de. Ní chreidim nach bhfuil a fhios ag eagarthóir nuachtáin an líon cóipeanna a dhíolann an nuachtán ar an meán agus dar liom is eolas é sin ar cheart a roinnt leis an bpobal ós rud é gur airgead phoiblí atá ag maoiniú an nuachtáin.  Mo bharúil féin, is é go bhfuil díolachán Gaelscéal thar a bheith lag.  Seachas canncráin ar nós mé féin, ní bhionn daoine ag caint faoin ‘scéal’ i nGaelscéal.   Fágtar beartanna móra den nuachtán gan díol sa siopaí im chomharsanacht féin.    Ar ndóígh is beag margaíocht atá á dhéanamh ar son an nuachtáin.   Ní h-é nach bhfuil súáilcí ag an nuachtán – tá colúnaithe maith a dhothain ag scríobh ann, leithéidí Eoghan O Néill agus Páidí O Lionaird is Conn O Múinneacháin – ach níl an nuachtán ag aimsiú an bhuille nó níl fíú i ngiorracht scread ásail do.  B’é eagrán na seachtaine seo, eagrán an Oireachtais, an eagrán dheireannach a thógfaidh mise im láímh mura dtugtar comhairle dom go bhfuil feabhas súntasach tagtha air.   Mo bharúil féin, go bhfuil sé in am anois stiur cheart a chur ar Gaelscéal ionas nach ndéanfaidh sé staicín aiféise den tuairim gur cheart nuachtán Ghaeilge a bheith ann ar chorr ar bith.

Ní raibh sé i gceist agam dul ar strae mar sin (DAS chuala mé mo chéad eagrán de ‘Ar Strae Sa tSaotharlann’ inné ar mo shlí go Cill Airne – tá clár eolaíochta RnaG, curtha i láthair ag Conn O Muineacháin agus Risteard O Coistealbha, ana thaithneamhach ar fad agus é chomh éagsúil ó ghnath stuif RnaG) – ach ós rud é go bhfuilim ag tracht ar na meáin Ghaeilge agus a gcur chuige don Oireachtas, is fiú a lua gur ábhar mór díomá dom é ná raibh Corn Uí Riada á chraoladh ag TG4 aréir.    Tar éis go raibh sé á chraoladh le cúpla bliain anuas – idir 2007 agus 2009 – bhí mé imithe i dtaithí air agus chreideas gur maith ann é – cé go raibh lochtanna is lochtanna súntasacha ar an gcur i láthair.  Ba cheart é a dheanamh agus é a dhéanamh i gceart.     Tá’s agam go raibh TG4 ag craoladh na Rialacha Idirnáisiúnta idir an tír seo agus an Astráil ó Pháírc an Chrócaig aréir ach, mar phríomh urraí na Sraithe, ná raibh deis ag TG4 a chur in iúl do na h-eagraithe gur cheart am nó dáta an dara chluiche a athrú dá mba rud é go raibh sé ag teacht salach ar chlúdach an staisiún ar an Oireachtas?       Is é pobal na Gaeilge sprioc phobal TG4 fiú is go bhfuil ar an staisiún lucht féachana a lorg sa phobal mhór lasmuigh de phobal na Gaeilge.   Nior cheart pobal na Gaeilge a fhágáil in áit na leathphingine agus TG4 sa tóir ar an bpobal mhór.

3 thuairim ar “Míreanna mire ón Oireachtas…

  1. Ping: Tweets that mention Míreanna mire ón Oireachtas… « iGaeilge -- Topsy.com

  2. seamus mac seain

    A Choncubhair a chara sílim go bhfuil tú ró cháinteach faoi Gaelscéal ach is beatha duine a thoil. Taitníonn an páipéar liom agus bím ag tnúth lena fháil gach seachtain. Mura b’ionann agus tú fein ní súil an Iriseora a chaithim air ach súil an ghnáth léitheora agus cosúil le gach páipéar eile a cheannaím ní léim ach na rudaí a bhfuil suim agam iontu. Is maith liom gur thóg duine éigin an cheist faoi “Irish Language enthusiast ” goilleann sé orm nuair a thugtar sin orm. Is ionann agamsa é agus “homing pigeon enthusiast” nó “vintage car enthusiast”. Is mó ná sin atá an Ghaeilge agamsa. Is cuid de mo shaol í mar atá sí agat féin agus ní theastaíonn uaim í a bheith íosgrádaithe go leibhéal an ” caitheamh aimsire” I dtaca le daoine óga a bheith á mealladh isteach in arm thíortha eile dar liom nach bhfuil rud ar bith chomh tromcúiseach an lá atá inniu ann le daoine óga a sheoladh isteach i gcogadh in Afganastán nó in Iaráic le daoine bochta eile a mharú ina dtír féin. Is abhar maith eagarfhocail iad an dá abhar sin dar liom ach aris is beatha duine a thoil

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Beatha dhuine thoil, mar a deir, dá mba ghabháil a thóin sa loch (mar a deirtear anseo i gCúil Aodha!) Is cinnte gur fiú na poinntí sin a dhéanamh – ach ní fiú iad a dhéanamh in eagarfhocal nuachtáin náisiúnta (nó nuachtán atá in ainm is a bheith náisiúnta) mar go bhfuil siad ró fhánach agus ró imeallach agus ró chúng i gcodarsnacht le ceisteanna móra eile seachas an eacnamaíocht agus a thuilleadh nach é. Tá dearcadh cúng iar-radharcach ceart-chreidmheach caomhach ag Gaelscéal agus níl sé i dtiúin leis an saol nua-aimseartha.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s