Agus mé ag fágáil an Oireachtais inné, bhí beirt bhan taobh amuigh de dhóras an INEC ag dáileadh bileoga snásta ildáite. Bíleoga ag moladh Éire Aontaithe a bhí ann agus bhí sé i nGaeilge agus suíomh idirlíon luaite leis. Ba cheart go mbeinn ar a shon seo, cheapas.
Baineadh an snás den bhileog nuair a thugas faoi ndeara gur Sinn Féin a bhí ar chúl an fheachtais. Sílim gur snás gan substaint atá i bhfeachtas SF ar cheist Éire Aontaithe – tá sé léirithe ag an pháirtí i Stormont gur beag ar féidir leo baint amach. Conas a fhéadfadh aon fheachtas ar son Éire Aontaithe bheith rathúil agus an pháirtí sin ar a chúl? Creidim go bhfuil an fheachtas seo á reachtáil acu ní ar mhaithe le brú a chur ar Rialtais na hÉireann agus na Breataine, mar atá siad ag maíomh, ach ar an DUP agus cosmhuintir an pháirtí sin, chun a léiriú go bhfuil an brat glas go fóill ar fholuain ag an pháirtí in ainneoin go bhfuil cumhacht ‘á roinnt’ acu le dearg Aontachtaithe. Tá’s acu go gcuireann an brát glas Aondachtaithe ar mire glan agus nuair atá siad ar mire go ndéanann siad rudaí amaideacha. Anuas ar sin cothaíonn sé scoilteanna agus sin straitéis fíor chliste SF ó thuaidh. Má tá sampla uait den chineál Éire Aontaithe a bheadh ann dá mba rud é gur fíoraíodh fís SF, ní gá ach féachaint ar Fhoras na Gaeilge,
An fath go dtagann siad chuig an Oireachtas agus bileoga i nGaeilge acu ar son Éire Aontaithe, is cur i gcéill atá ann. Creideann siad go mbeidh sé éasca na Gaeilgeoirí a mhealladh le bileoga snásta aistrithe. Ní fheadar. Is cinnte gur mhaith liom féin oibriú ar son Éire Aontaithe – nó Éire a bheadh níos aontaithe ná mar atá sí inniu. Is cinnte gur mhaith liom bheith gníomhach ar a shon. Ach nior mhaith liom aon pháirt a bheith agam le feachtas de chuid SF ar son na h-aidhme seo mar creidim gur feachtas é seo a chuirfeadh lá an athaontaithe níos faide siar ná rud ar bith eile. Tá gá le feachtas nach bhfuil aon cheangal aige le páirtí ar bith ar son na h-aidhme seo. Idir an dhá linn beidh mé ag obair liom ar mo shlí féin chun an dhá chuid den tír seo a thabhairt le chéile.
Maidir le SF agus an Ghaeilge, ní cur i gcéill go dtí ‘coimitmintí’ an pháirtí sin ar son na teanga. Sílim go raibh siad ag tapú na deise bheith i gCill Airne ag an deireadh seachtaine chun Gaeil óga idéalacha a earcú agus cinnte gur éirigh leo duine nó beirt nó b’fhéidir níos mó a dhalladh leis an mbileog snásta.
Maidir leis an mbileog sin, thugas faoi ndeara go raibh an chaipéis i nGaeilge ceart go leor ach gur léir – nó gur chosúil – gur ‘Google Translate’ a rinne an aistriúchán seachas aon duine ar thuig Gaeilge i gceart. D’fhéadfadh sé tarlú gur duine daonna a rinne é – ach más amhlaidh a thárla, bhí an aistriúchán aisteach agus deacair a léamh le náthanna nach bhfaighfeá i gcaint na ndaoine ar chorr ar bith. Nach bhfuil Gaeilgeoirí i Sinn Féin a thuigeann conas labhairt leis an bpobal i dteanga a thuigeann siad seachas aistriúcháin aisteacha le focail ar nós ‘coinbhleacht’ – in áít coimhlint – ar son ‘conflict’ nó ‘sítheach’ (in áít go sona sásta)? Tá barúil agam go mbeidh leithscéalaithe SF agus lucht na bpeann dhearg ag gearán fúm agus an méid atá le rá agam anseo ach beidh a léithéid ann i gcónaí. In áit amháin ar a laghad sa chaipéis tá an chosúlacht ar an scéal gur deineadh dearúd an aistriúchán a dhéanamh.
Is é an trua go bhfuil gort ghlan fágtha ag na páirtithe eile ar fad do Shinn Féin ar an gceist seo ar eagla go gceapfaí go raibh siad ag geilleadh don trathchlár phoblachtach agus go bhféadfadh SF maíomh as ‘dul chun cinn’ ar an mbonn sin. Ach tá súil agam go bhféachann na Gaeil ar chúl an snáís go bhfeicfidh siad nach ann i bhfírinne don bhfeachtas seo – níl ann ach cur i gcéill. Mura gcreideann tú mé, buail ar an suíomh: Uniting Ireland.
Ping: Tweets that mention Sinn Féin ag ‘targaidiú’ an Oireachtais « iGaeilge -- Topsy.com
Targaidiú. – ASG.
Aire – Snaidhpear.
Tá tú ró-chrua orthu a Chonchubair. Bí ag cáineadh Sinn Féin as a gcuid polasaithe i leith na Gaeilge, cinnte, ach níor chóir iad a cheistiú as a gcuid iarrachtaí i leith athaontú na tíre.
Dá mbeadh cónaí ort sna Sé Chontae – agus bhí tú féin linn ar feadh tamaill mhóir – is léir gurb iad an t-aon pháirtí atá dáirithe faoin tír a aontú.
Ní cur i gceil atá ann. Sin a fáth a bhfuil baill s’acu sa pholaitíocht – leis an nasc is Sasain a bhriseadh. Is príomhchuspóir s’acu é agus ní féidir sin a shéanadh, fíu ag lucht nuachtán nó ag an SDLP! Anois, an bhfuil ag éirí leo? Sin ceist eile.
Ar ndóigh, deir na páirtithe uilig sa deisceart gur mhaith leo an tíre a aontú. Ach ar chóir dom a bheith ag brath orthu?
ach a Ghearóid a chara is ceart agus is riachtanach i gcónaí
páirtí polaitiúl a cheistiú ar gach abhar agus go háirithe má bhíonn fimíneacht i gceist. Níl a fhios agam caidé mar a chuireann buanú na críochdheighlte (stormont et al) le hathaontú na tíre. Is féidir go bhfuil “devious and cunning plan “acu dala blackadder ach ní léir domh é.Caithfidh mé a rá go bhfuil cuma iontach shona ar Sinn Féin mar chuid den bhunaíocht nua críochdheighlte ó thuaidh(fiú amháin ar an mheánthuarastal tionsclaíoch). nach bhfuil Mairtin McGuinness i ndiaidh a bheith sna Stáit ag táithint ar déantóirí “agent Orange” a theacht agus lonnú inar measc. Dia idir sinn agus na laetha a bhí Ní fimíneacht go dtí fimíneacht pháirtí polaitiúl
Ag léamh do theachtaireacht a Ghearóid, is leir go gcreideann tú go bhfuil Sinn Féin ag déanamh a ndícheall ach tá an chreidiúint a bhí acu caillte dar liom agus tá siad ag cur an dubh ina gheal ar dhaoine le tabhairt le fios, mar dhea, go bhfuil siad ag déanamh birt ar son deireadh leis an gcrioch dheighilt. Creidim go bhfuil an iarracht is déanaí uatha mar chuid den chur i gcéill.