In am filleadh ar an gComhlathas?

Cen Comhlathas atá i gceist sa cheannlíne? Bhuel, de réir litreach san Irish Times inniu, litir atá sínithe ag tacadóirí móra le rá de chuid na nAondachtach, ní h-é an Comhlathas Briotanach atá i gceist ach is é an Comhlathas ar a bhfuil Banríon Shasana mar cheannasaí.

Is dócha má tá dealramh ag an ainmhí seo le capall agus má shiúlann sé mar chapall agus araile, is dócha gur capall atá ann.

Ní thuigim afach an ath go mbeadh an tír seo ag dul ar ais sa Chomhlathas Briotanach? Cad é an leas atá le baint againn as -agus an bhféadfaimís aon tairbhe a dhéanamh ann?

Dar liom féin níl morán creidiúint ag an gComhlathas seo. Níl sé ró fhada ó shin ó bhí Robert Mugabe ina bhall den gComhlathas seo agus go deimhin fuair sé ridireacht ó Bhanríon Shasana. Ar mhaith linn go mbeadh an tír seo á lua san anál céanna le Mugabe?

Agus gí go ndeineann údair an chomhfhreagrais san Irish Times beag de cheangal na Banríona leis an gComhlathas, mothaímse gur cleas é seo chun trathchlár aondachtach a chur chun tosaigh faoi bhrat bréige.

Na cúiseanna atá tugtha le h-aghaidh ballraíocht a ghlacadh sa Chomhlathas:

Among the many practical advantages of membership of the Commonwealth is the right to compete in the Commonwealth Games – the only multinational, multi-sport event apart from the Olympics. The next games will be held in India in 2010. Ireland’s participation in those games would be good preparation for the London Olympics in 2012.

An gcreideann tú go mbeidh seo ina bhuntáiste dúinn – agus fiú más buntáiste é, an fiú dúinn an buntáiste sin, cúpla bonn sa bhreis, bheith in eagras le Banríon Shasana ag a cheann?

Ní doigh liom é.

Cúis eile a luadh sa litir seo:

Ireland’s membership of the Commonwealth would, we are sure, be welcomed by the unionist community in Northern Ireland as a significant gesture of reconciliation. It would add to the collaborative framework established by the Belfast and St Andrew’s agreements. It would demonstrate unequivocally that the Republic has finally drawn a line under the troubled history of Anglo-Irish relations that led to Ireland’s self-exclusion from the Commonwealth 60 years ago. It would represent a further important step along the road to a pluralist Ireland in which different identities are recognised and respected, a country that celebrates its multi-cultural heritage and diverse history. – Yours, etc,

I measc iad san a shínigh an litir a fhoilsíodh san Irish TImes, bhí aondachtóirí aitheanta nár léirigh faic ach droch mheas don Ghaeilge i gcaitheamh a saol. Beag an suim atá acu san iolrachas agus san Éirinn ina bhfuil ionannais éagsúla á aithint agus ina bhfuil meas orthu, tír ina mbeadh an oidhreacht ilchultúrtha agus a stair éagsúil á cheiliúradh.

Tugaim faoi ndeara go bhfuil bunaitheoirí Reform, an grúpa a bhionn de shíor ag lorg deireadh leis an Angelus, basú na Gaeilge agus athchlárú sa Chomhlathas, ar na sínitheoirí ar an litir seo. Agus ar an gcéad alt sna míreanna nuachta acu, tá an t-alt seo.

Maidir le Banríon Shasana, níl droch mheas agam uirthí. Níl aon meas agam uirthí, thar mar a bheadh agam ar aon sean bhean saibhir a thóg teaghlach.

Ní miste liom rudaí a dhéanamh le go mbeadh aondachtaithe níos compórdaí sa tír seo. B’fheidir gurb é seo an argóint is cumhachtaí atá sa litir seo – go mbeadh aondachtaithe níos compórdaí ar an oileán seo. An mbeimís mar phoblachtóirí – sa chiall is leithne den bhfocal – sásta ballraíocht a ghlacadh arís sa Chomhláthas Briotanach dá mba rud é go raibh an tír seo ath-aontaithe agus rialtas i mBaile Átha Cliath chun an tír seo a rialú?

Agus mura raibh muid sásta seo a dhéanamh, céard iad na rudaí a fhéadfaimís déanamh chun a chinntiú go mbeadh aondachtaithe ar a gcompórd sa tír seo?

8 dtuairim ar “In am filleadh ar an gComhlathas?

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ní doigh liom gur cheart duinn dul isteach sa Chomhlathas.Táimíd san Aontas Eorpach mar a bhfuil cearta daonna agus araile fréamhaithe sa dlí.Níl stair iontach ag Rialtas na Breataine agus ag Aondachtaithe ag tabhairt cearta teanga, daonna agus cultúrtha dár bpobal sa Tuaisceart.Tá Katherine Holmquist ag rá inniú i bpáipear an táiféad gur cheart duinn dul isteach leis Stáit Aontaithe Mheiricea mar an 51ú stáit chun deileáil leis an ghearrchéim éachnamaíochta.Is seafóid ar fad an caint seo.Is Poblachtach sinn len ár dteanga, cultúir agus féiniúlachas féin againn.Ba cheart duinn dul ar aghaidh mar tír poblachtánach. Cé go bhfuil scata amadáin igceannas orainn anois agus gan aon rácht ar an bhfreasúra freisin ní bheidh amhlaidh igcónaí.Ní am é seo chun dul i scaoll.

    Freagra
  2. crosbhealaí

    …agus beidh “díospóireacht” acu ar an Satharn beag seo ag tosú ag 10am in Ostán an Camden Court, Sraid Camden, Baile Átha Cliath 2. Cead isteach €10……

    Freagra
  3. crosbhealaí

    Nach bhfuil Comhairle na nOileán againn faoi réir Choimhaontú Aoine an Chéasta…comhphairtíocht atá ansin le feidhmeannais Oileán Mhanainn, Jersey, Guersney, na Breataine Bige, na hAlban, Thuaisceart Éireann….tá na socruithe ann dóibh siúd le hionnanas Briotanach…..ní gá tuilleadh…ach ta dream ann a iarann tuilleadh an t-am ar fad….tá an tír beag seo faoi scáth cultúrtha a chomharsa mhóir… tá an tAontas Eorpach & na Náisiúin Aontaithe mar adráin idirnáisiúnta againn…..ná glacfaimis le hath-bhallraíocht sa Chomhlathais….tá oidhreacht Briotanach ag baint leis an tír, ach ta féiniúlacht agus ionnanas uathúil againn chomh maith…..nil aon tacaíocht phoiblí don mholadh aiféiseach seo…tig leat urraim agus fiú grá a bheith agat do chultúr na Ríochta Aontaithe agus meas a bheith agat ar an mBanríon féin mar cheann Stáit aici, agus bheith glan in aghaidh ballraíocht sa chlub seo ag an am céanna…

    Freagra
  4. seanmor

    Nach aisteach gurb iad an dream is nimhní i gcoinne Éire Aontaithe, an dream is mó atá ag iarraidh muid a bhrú isteach in Aontas mór eile de chuid na Ríochta Aontaithe? Aontaigh an tír ar dtús, agus ansin thig linn gach rud eile a phlé!

    Freagra
  5. Seán Mícháel O Donnchadha

    Déan dearmaid ar an Comhlathas.Tá rudaí i bhfad níos tabhtachtaí againn le deileáil leo.Is léir go bhfuil an Rialtas Seo taréis dearmad a dheanamh ar gnáth cosmhuintir na tíre.Tá John Gormley taréis Gerry McCaughey a roghnú ina cathaoirleach ar DDDA.Is imghabhálaí cánach an “Boic Mhór” seo a seachain €4.7 milliún a íoch i gcáin ghnóchan caipitiúl.[Nóta ón eagarthóir: Bhí an tUasal McCaughey ag feidhmiú taobh istigh den dlí nuair a dhein sé seo – an bhfuil fadhb leis an ndlí?] An scéal seo ag briseadh lá ina bhfuaireamar amach go bhfuair An tÚasal Fingleton bónas dé milliún euro agus gur raibh INBS taréis €28 milliún a íoch isteach ina gcíste pinseán.Ní fada ó bhi McCaughey ar an teilifís ag impí ar a chuid cáirde san Rialtas gearradh síor ar an tSeirbhis Poiblí cosúil lena gcara An tÚasal MacGiollaphadraigh a d`iarr ar an Rialtas an cárta leigheas a thogaint de na seanóirí.Cén plainéad a bhfuil na hamadáin seo ag marachtaint.Tá an fiainise ann go bhfuil an ciorcal orgha i mbarr a réime fós agus mionbhuiséad ar na bacain chun cáin bhreise a chur ar daoine ar an gnáth tuarastáil.Níl le déanamh ag an Rialtas anois ach fógra a éisiúint o Teach Laighean “is féidir leo cáca a ithe”.B’fheidir go mbeimíd níos fearr as i gComhlathas Mugabe mar níl anseo ach Poblacht banana.

    Freagra
  6. crosbhealaí

    Tá ceisteanna tromchúiseacha ardaithe agat, mar is ceart duit- ach ach táimid ag plé an chomhlathais anois sa phost seo. Ní féidir gach uile cheist eile a chur ar ceal toisc an géarchéim eacnamaíochta. Tá an dream ata ag brú ár ath-bhallraíochta sa chlub úd ag tapadh an deis chun a mholtaí a chun chun tosaigh- ná bímis dall ar sin….

    Freagra
  7. Seosamh Ó Beirgin

    Ar bun pearsanta ní gcuirfeadh sé as dom dá rachadh Éire isteach arís i gComhlathas na Náisiún. Ceann de na rudaí a mbeadh imní agam faoi áfach ná an leibhéal suime a mbeadh ag an gnathduine i gcúrsaí an chomhlathais. B’fhéidir nach raibh sé críonna ag Rialtas na hÉireann siar i 1949 tarraingt amach as an gcomhlathas. Siar i 1949 ba eagraíocht le téagar suntasach a bhí ann, tá mé ag ceapadh. Ach ní dóigh liom go bhfuil an téagar céanna ann anois. Tá scáil Impireacht na Breataine idithe go mór ó 1949. Ní bhainim aon pleisiúir ná pian as sin a rá ach sin mar atá an saol.
    Déantar amach go mbeadh ballraíocht an comhlathais buntáisteach d’Éirinn ó thaobh cothú bá i measc aontachtóirí an tuaiscirt do coinceap Éire aontaithe. Ach i dairíre ní gá dúinn é sin a dhéanamh mar níl muid ag iarraidh muintir an tuaiscirt a mhealladh sa dtreo sin a thuilleadh. Thart fá 1998, mar chuid den proiséas siochána, chaith muid uainn an t-éileamh fadbunaithe a bhí againn ó dheas ar na sé contaethe agus d’aithnigh muid a gceart bheith mar chuid den Ríocht Aontaithe. Agus ar ndóigh tá mórathrú tagtha ar meon an deiscirt maidir leis an stát ó thuaidh thar na blianta. Is ar eigean a bhfuil aithne agam ar trúir ar mhaith leo go mbeadh Éire aontaithe ann am eicint go luath! Ní cheart dúinn imní a cothú i measc éinne ó thuaidh le seifteanna áiféiseacha chun iad a “mhealladh” i dtreo na poblachta. Seifteanna cosúil le athjoineáil an chomhlathais, mar shampla.
    Freisin, ní dóigh liom go bhfuil mórán meas ag muintir na Breataine iad fhéin ar an gcomhlathas taobh amuigh de Cluichí an Chomhlathais agus roinnt searmanas a bhaineann leis an rialtas agus an teaghlach ríoga. I measc siúd áirim muintir an tuaiscirt den claonadh A.ontachtach. Ritheann sé liom gurb é an t-aon duine i measc na maithe móra thall a bhfuil díograis léirithe aici ó thaobh an chomhlathais de ná an Bhanríon Eilís í fhéin! Sin is dócha toisc go bhfuil sí i gceannas air

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s