Claontacht, Cowen, an Daily Mail agus RTÉ

Tá comhbhá éigean agam do Bhrian Cowen as ucht an chonspóid is déanaí ina bhfuil sé sáite. Tá mé ramhar, mar atá sé, b’fhéidir níos raimhre, agus ag iarraidh meachan a chailliúint i gcónaí [agus ní cabhair ar bith é go ngeillim le blaiseadh a bhaint as uachtar reoite ‘Guinness’ ag am lón i gCill Airne ag an siopa uachtar reoite ansin, Murphy’s Ice Cream].

Mar sin de, ní thaitneodh sé liom dá mbeadh mo phortraid is mé lom nocht, ciocha fear is uile, ar chrochadh sa Dhanlann Náisiúnta. Ní thaitneodh sé liom ar chuinsí critice ealaíon agus ar chúinsí phearsanta!

É sin ráite, chuaigh oifig phreas an Rialtais thar fóir nuair a d’éilíodh leithscéal ar RTÉ mar gheall ar an dtuairisc a rinne siad ar an gconspóid, ar a dtugtar Cowengate/Picturegate [cén bhaint atá ag ‘gate’ leis an scéal, ní fheadar?].

Eachtra páistiúíl é seo ó thús go deireadh.

Seo chomh náireach is atá sé, do RTÉ agus don Taoiseach féin. Tá eagarfhocal san Irish Daily Mail inniu ag gearán faoi ‘chlaontacht’ ar an gCraoltóir Náisiúnta.

Seo an ‘Daily Mail’, nuachtán le traidisiún fada claontachta maidir le nuacht na hÉireann.

An lá go n-eiríonn le nuachtán le stair an Daily Mail léacht a thabhairt ar chlaontacht in iriseoireacht in Éirinn agus an cheart a bheith aige, sin droch lá oibre ag an dream a thug an t-údar sin do.

Mar sin, bualadh bos do Oifig Phreas an Taoisigh agus do RTÉ!

4 thuairim ar “Claontacht, Cowen, an Daily Mail agus RTÉ

  1. amhlaoibh O hiodrascail

    an mhaith a Chonchubhair. Píosa an-ionraic agus meáite. An ceart ar fad agat

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Chonchubair aontaoim leat gur eachtra páistiúil a bhí anseo gur fearr don Rialtas neamhaird a dheanamh air.Ar bhonn phearsanta bheadh comhbhá agam do Bhriann Comhainn mar gheall ar a dteaghlach, páistí ar scoil agus araile.Chonaic mé tú i gCill Áirne inné síos an Sráid Nua agus gan faic uachtar reoite le feiscint.Caithfidh tú a bheith ar an airdeall mar tá an “Dearthair Mór” ag faire ort nó ta tú ag éirí ro-chlúiteach leis an blagadóireach seo go léir.

    Freagra
  3. Ping: cearta.ie » Cowengate: Pictures at an exhibition

  4. An Leine

    mas duine tú ar brean leat cinsireacht agus is fuadh leat cos ar bholg bí linn .scriobh alt,sceal piosa tuairimiachta no do rogha ach bi linn! Leine nua an Taoisigh blag don ré nua!
    leinenuaantaoisigh.blogspot.com

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s