An Foras agus an tua…

Ní bheidh tua an Fhorais ag titim go ceann roinnt seachtainí eile ar eagrais atá ag obair i ngort na Gaeilge, de reir na tuairisce seo ar An Druma Mór.

Is cosúil go bhfuil an Fhoras tar éis an cinneadh maidir leis na ciorruithe a d’iarr an Aire Ó Cuív agus a chomrádaí san Fheidhmeannas Sinn Féin/DUP ó thuaidh a chur ar athló go ceann míosa go bhfeicfidh siad na ciorruithe atá le cur i bhfeidhm ag an Rialtas sa chainaisnéis eigeandála a fhogrófar ar 7 Aibreán. Bhí mo mholadh féin agam maidir leis na ciorruithe, tuairim is 20%, atá beartaithe ar gach eagras (seachas an bhForas).

Níl aon phreas raiteas faoin gcruinniú a bhí ag an bhForas Dé hAoine ar shuíomh an Fhorais – go deimhin níl aon phreas raiteas nua ar an suíomh sin ó dheireadh mhí Eanáir [Dála an scéil, bheifeá ag súil le caighdeán Ghaeilge níos fearr ón bhForas ná an méid atá le feiceáil ar an suíomh seo nó tá na cinnlínte ar an suíomh go h-iomlán mícheart agus iad ag tabhairt le fios, mar shampla, go gcuireann Vodafone agus Foras na Gaeilge 25,000 frása Ghaeilge ar fáil. An ndeineann siad an éacht seo gach lá nó rud éigean nó sin atá á thabhairt le fios sa cheannlíne. Amaitéirigh!].

Ait an scéal nár bhfogair an Fhoras, ag deireadh mhí Feabhra, go raibh tuairisc bhliantúil á fhoilsiú acu le h-aghaidh 2004. Cheapfá go mbeadh an chomhlacht teanga tras teorainn lán sásta a fhogairt go raibh an clochmhíle áirithe sin bainte amach acu agus go mbeadh ríméad agus bród orthu na h-éachtaí a bhain siad amach ar son na teanga sa bhliain sin a cheiliúradh cúig bhliain níos déanaí.

Ar aon nós, cuirimís uainn an ghreann. Níl a fhios a fhios agam cad é atá ar bun ag an bhForas leis an gcinneadh seo a chur ar athló – an amhlaidh go bhfuil eagla orthu faoin aisfhreagra a bheidh ann ó eagrais Ghaeilge?

An amhlaidh go bhfuil daoine ag cur na ceiste, a chuir mise anseo, faoi cé acu is fearr maoiniú a ghearradh ó eagrais ar nós Conradh na Gaeilge is POBAL is eile atá ag saothrú go dian is go h-eifeachtach ar son na teanga nó ó eagrais ar nós Foras na Gaeilge féin, atá amhras forleathan ann faoi chomh h-eifeachtach is úsáideach is atá sé?

Ba dheas liom a cheapadh go bhfuil na ceisteanna sin á chur faoi dheireadh.

Tá sé léirithe ag Roinn Uí Chuiv go bhfuil sé go maith ábalta airgead a dháileadh agus má tá ceangal follasach ag d’eagras le Fianna Fáil, faoi mar atá ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann trí Stiurthóir an eagrais náisiúnta sin, an Seanadóir Labhras Ó Murchú, níos fearr arís. Glacfaidh Roinn Uí Chuív le h-iarratas uait ar, abraimís, €50,000 agus íocfaidh siad deontas leat ar €3m agus, seo an rud is fearr faoi, cé gur ó Chiste na Gaeilge a thiocfaidh an t-airgead breise seo, ní bheidh aon cheangal ort aon rud a dhéanamh ar son na Gaeilge.

3 thuairim ar “An Foras agus an tua…

  1. cothromaíocht

    caighdeán Ghaeilge an Fhorais??? Céard faoi caighdeán do chuid Gaeilge féin? Ní dóigh liom go dtuigeann tú an difríocht idir ainmfhocal firinscneach nó baininscneach…
    an greann, an foras, an t-alt, an comhlacht, an tAire, caighdeán Gaeilge…. tá do bhlag spéisiúil ach tá sé breac le botúin mar sin ní féidir leat bheith ag tabhairt amach faoi chaighdeán Gaeilge dhaoine eile…

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Seo aris duine gan ainm ag tabhairt amach mar gheall ormsa bheith ag tabhairt amach. Duine aonair mise – duine gan acmhainn fo eagarthóra nó leitheoir profaí nó a leitheid. Dála an scéil a bhí sa mhéid a duart. Ach os rud é go luann tú é tá an cheart agat faoi na botúin agamsa – ach tá na botúin go fóill á dhéanamh ag an bhforas – agus is comhlacht stait reachtúil atá i gceist agus bheithfeá ag súil le caighdeán níos fearr uatha san.

    Chonaic mé rud ag Foinse ag an deireadh seachtaine. Ceannlíne ar alt ó Phól Uí Mhuirí, eagarthóír Ghaeilge an Irish Times, Cuir é sin i do phiopa agus caith é! B’shin a bhí scríofa. Ná h-abair liom nach Béarlachas glan a bhí ansan. Cuir é sin i do phíopa agus bain gal as. Sin leagan níos fearr agus níos cirte. Tá difríocht idir droch Ghaeilge – sin an méid a bhíonn á scríobh ag an bhForas agus ag scriobhnóir cinnlínte Foinse – agus Gaeilge ina bhfuil botúin.

    Déanfadsa mo dhícheall bheith chomh ceart agus chomh beacht agus is féidir – téir tusa chun cainte leis an bhForas agus le Foinse agus fiafraigh doibh feabhas is slacht a chur ar a gcuid Gaeilge!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s