An Ghúm greamaithe i 2007….

Secatalogo é an catalóg nua le h-aghaidh An Ghúm do 2009. Tá sé lom lán le leabhair bhrea do pháisti agus é snásta ildáite.

Bhuel sin a cheapas nuair a thaispeáin mo bhean dom an chatalóg ildáite seo a bhailigh sí agus í ag freastal ar Chruinniú Bhliantúil Eagras na Scoileanna Gaeltachta ar an nGaillimh ag an deireadh seachtaine.

Ach ansan thugas faoi ndeara clúdach an leabhair agus go raibh an ‘9′ clóite ar ghreamaitheoir ildáite a bhí greamaithe don leathnach. Lom mé an ghreamaitheoir den leathnach agus nocht mé ‘7’ faoi.

Ní raibh a fhios agam ar cheart dom gairí faoin gcleas leanbaí seo nó bheith spréachta le fearg faoin mbob nár buaileadh orm.

Tá fonn orm bheith feargach. Inseoidh mé duit cén fath.

Tá suim ar leith agam i leabhair Ghaeilge do pháistí. Tá an t-adh liom go bhfuil beirt agam féin atá suim acu freisin i leabhair agus ní miste leo leabhair Ghaeilge nó leabhair Bhéarla. Tá fuiollach leabhair sa teach nó gach turas a thugaim in áit go mbionn leabhair, ceannaím ceann. Dar liom ní caiteachas gan chiall é seo – is infhéistíocht sa todhchaí atá i gceist.

Ach dá fheabhas iad leabhair Ghaeilge do pháistí is tearc an solathar i gcomparáid leis an réimse leathan atá ar fáil do pháistí i mBéarla agus, glacaim leis, i dteangacha eile.

Má táimíd i ndáiríre faoi litriocht Ghaeilge bheith ann atá teacht ag an ghnath phobal air, murab ionann agus leabhair Ghaeilge nach bhfuil ach dírithe ar cúpla dosaen, gan bacadh le cúpla céad, léitheoir, ní mór duinn an síol a chuir nuair atá an léitheoir óg agus ní mór réimse leathan de leabhair, irisí, greannáin is eile bheith ar fáil i nGaeilge an oiread is go bhfuil siad ar fáil i dteanga ar bith eile.

Tá sár obair déanta ag léitheidí An Ghúm agus foilsitheoirí leabhair Ghaeilge eile thar na mblianta, dá teirce na h-acmhainní atá ar fáil ón stát. Ach níl na h-acmhainní chomh tearc sin agus tá buíon ag obair don Ghúm anois agus iad ag foilsiú leo.

Tá leabhair foilsithe acu i 2008 agus tá siad feicthe agam. Leabhair breatha iad.

Ach léiríonn an cleas páistiúil seo nach bhfuil suim ag an bhForas leabhair Ghaeilge a dhíol leis an bpobal. Filleann an feall seo ar an bhForas. Tá An Ghúm faoi choimirce an Fhorais agus, anuas ar sin, tá cúram na foilsitheoireachta leabhar Ghaeilge ar an bhForas ó díbhunaíodh Bórd na Leabhar Ghaeilge ag deireadh 2007.

Seo an Fhoras céanna nach staonann ar aon ghimic sheafóideach agus chostasach chun ainm an Fhorais féin, amhail is go raibh an Fhoras ag díol rud eigean leis an bpobal.

Nuair a d’fhill mo bhean ón nGaillimh Dé Satharn bhí eitleoga aici le h-ainm an Fhorais greannta orthu ina mála aici. Bhí gaoth deas ann ar an Domhnach – ach ar m’anam ní eitleodh na h-eitleoga seo ar mo shon. Céard eile ar cheart go mbeinn ag súil leis?

Maidir le díol leabhair Ghaeilge, tá gá le feachtas atá níos dírithe agus níos spreagúla ná ‘Leabhar Power’. Maith go leor go raibh an feachtas ann – ach caithfidh a leitheid dul i ngleic leis an phobal agus níl aon fianaise ann, go bhfeictear domsa, agus cuirfidh mé fáilte roimh malairt scéil, gur sin mar a tharla.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s