An Bhfuil Cead Agam? Ifreann Ar Theilifís

An dream mífhortúnach atá páirteach sa chlár 'An bhFuil Cead Agam'?

An dream mífhortúnach atá páirteach sa chlár 'An bhFuil Cead Agam'?

An bhfuil cead agam….labhairt amach in éadan chlár Ghaeilge ar an dteilifis?

An Bhfuil Cuid Agam? – sin ainm an chláir nua Ghaeilge ar RTÉ, sraith a thosnaigh anocht agus atá an chéad eagrán díreach thart agus mé ag scríobh an méid seo.

Teilifís Réalaíoch atá i gceist. Sin an aistriú ar ‘Reality Television’ is cosúil. Cé nach doigh liom go dtugann an aistriuchán sin uafás iomlán na sraithe seo leis.

Sraith úr Ghaeilge é seo atá á chraoladh ag RTÉ mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Tá deichniúr mean aosta, cúigear fear agus cúigear ban, á imtheorannú i gcoláíste Ghaeilge i Ros Muc. Ní gnath Choláiste Ghaeilge é seo nó is Coláiste na bhFiann atá ann.

Agus ciallaíonn sé sin liosta rialacha nach mbeadh as áit i gcampa géibhinn. Níl cead Béarla a labhairt – go deimhin níl cead fiú smaointe i mBéarla [baineadh leabhar de bhean amháin], níl cead GHDanna [céard iad GHDanna?], níl cead toitiní, níl cead piúnt istoiche agus caithfidh siad éisteacht le droch Ghaeilge cathrach na gceannairí. Tá orthu eirí le breacadh an lae chun Amhrán na bhFiann a chanadh agus an Trídhathach á árdú ar an gcuaille. Ní miste liom omós a thabhairt don Bhrát Náisiúnta ach an bhfuil sin ag dul thar fóir? Tá sé cosúil le rud éigean a dheintear sa tSín – ach deintear ansan é gach maidin agus níl aon fhianaise ann go mbionn céimithe Choláiste na bhFiann ag gabhail dá leitheid nuair a thugann siad na cosa leo ón institiúid sin.

Ifreann ar thalamh a thugaimse ar a leithéid. Ifreann ar theilifís atá i gceist leis an leagan teilifíse.

Ó thaobh íomhá na Gaeilge de, dearbhaíonn sé an droch íomhá atá ag daoine sna cathracha i leith na teanga. Ní mór rialacha a bheith ann gan amhras – ach ní chothaíonn rialacha chomh dian le seo ach spiorad cheannairceach in aghaidh rialacha.

Agus is léir an méid sin ón mhéid den gclár atá feicthe agam.

Bhí sé de mhí adh orm, agus mé ag freastal ar an Oireachtas i gCathair na Mart, bheith i gcomhluadar gasra a d’fhreastal ar Cholaiste na bhFiann. Bhí siad caoch ólta agus iad ag canadh an líne sin a bhionn i bhfógra don “Flake” amhail is gurb é sin an amhrán náisiúnta. Bhí siad ag labhairt Ghaeilge, maith go leor, ach bhí an teanga a bhí acu pianmhar le h-éisteacht leis.

Gan amhras tá aithne agam ar dhaoine eile a d’fhreastal ar Choláiste na bhFiann; is daoine breatha iad agus iad ana dhílis don teanga agus is mór an phleisiúr bheith ag caint leo i nGaeilge faoi ábhar ar bith.

Seo an rud is mó a chuireann as dom. Sa chlár seo tá deichniúr ag taisteal go Ros Muc, croí lár na Gaeltachta in Éirinn, gan bacadh le Conamara, agus iad ag súil go bhfoghlaimeoidh siad a dteanga dhúchais.

Ach i bhfirinne, i bhfianaise an méid atá cloiste agam go dtí seo ó cheannairí an chúrsa a bhí le clos ar an gcéad chlár, is Gaeilge na cathrach a bheidh á fhoghlaim acu seachas Gaeilge dhúchasach Ros Muc.

Ceist agam: cén fath nach dtógann Coláiste na bhFiann campa geibhinn – abraimís an Cheis Fhada i gContae Aontroma atá folamh faoi láthair agus, is cosúil, nach mbeidh staid náisiúnta an tuaiscirt á thogaint ann -ar chíos agus a gcuid cúrsaí a reachtáil ansan?

Táim cinnte faoi rud amháin – ní bheidh paiste liomsa riamh ag freastal ar chúrsa atá á reachtáil ag Coláiste na bhFiann mas é seo an chineal rud atá ar thairiscint.

Creidim freisin go bhfuil a fhios ag RTÉ go maith cad atá ar bun acu leis an gclár seo nach mbeidh mar thoradh air ach go bhfagfaidh sé coláistí samhraidh atá á reachtáil go réasúnta agus go h-eifeachtach ar fuaid na nGaeltachtaí faoi scath. Seo clár a chloíonn leis an sean chló is measa den choláiste samhraidh. Dearbhóidh sé agus daingneoidh sé an íomhá gur áit í an Ghaeltacht ina bhfuil an saol ann glúin ar chúl ar an saol chomhaimseartha, gur áit í an Ghaeltacht a théann daoine ann ón chathair ann chun an sean shaol a bhlaiseadh – an Ghaeilge, an saol gan fón poca, an omós don Trí Dhathach, an Choroinn Mhuire….

Ní sin an Ghaeltacht atá aithne agamsa uirthí….

6 thuairim ar “An Bhfuil Cead Agam? Ifreann Ar Theilifís

  1. Sharon Ni Icí

    GHD- Seasann sé do Good Hair Day, agus ní chím cén baint atá acu le foghlaim na Gaeilge. An saghas Samson effect a bhíonn acu b’fhéidir? Téann do Ghaeilge in olcas le gach stroke ar do chuid gruaige?

    Freagra
  2. Colm

    Níor fhreastal mé ariamh ar chúrsa i gColáiste na bhFiann, ach freastalaíonn mo pháistí ar Chumann na bhFiann, club óige do pháistí a ritear sna bailte móra trí mheán na Gaeilge.
    Tugann sé deis do na páistí saol sóisialta a bheith acu trí mheán na Gaeilge, agus rud taitneamhach a dhéanamh taobh amuigh den scoil agus den teaghlach trí mheán na Gaeilge. Molaim é.
    Is fíor nach bhfuil Gaeilge na Gaeltachta ag na cinnirí, a tháinig trí chóras Choláiste na bhFiann, ach níl an locht orthu, agus is céim ar an mbealach é, agus b’fhéidir go dtógfaidh siad a gcuid páistí le Gaeilge agus beidh cumas níos fearr iontu.
    Maidir leis an mbratach agus mar sin de, ní mór smaoineamh gur Dónal Ó Lubhlaí a bhunaigh Coláiste na bhFiann, agus gur múnla champa samhraidh SAM a bhí aige.
    Ó thaobh na rialacha de, creidim go mbíonn rialacha láidre ag teastáil sna coláistí. D’fhreastal mé féin ar choláiste samhraidh sa Mumhain nuair a bhí mé óg, ach cheal rialacha láidre, is beag Gaeilge a d’fhoghlaim mé ann.
    Le dul ar ais ar chaighdeán Gaeilge na bhfoghlaimeoirí, ní thiocfaidh feabhas air go dtí go nglacann an córas oideachais céimeanna chun dul i ngleic le múineadh na Gaeilge ar gach leibhéal.
    Is pointe eile ar fad é áit na Gaeltachta féin agus muintir na Gaeltachta sna cúrsaí seo. Tá fís ag Coláiste na bhFiann, agus b’fhéidir nach bhfuil mórán de bhaint idir saol mhuintir na Gaeltachta agus an fís sin.

    Freagra
  3. Sharon Ni Icí

    Díreach pointe amháin mar fhreagra ar phíosa Cholm ansin, tháining mise tríd an chóras oideachais Éireannach, agus nílim chomh aosta san. Níor labhair mo mhuintir mórán Ghaeilge sa mbaile cé gurb as an nGaeltacht do mo mháthair phós a máthair fear nárbh ón nGaeltacht dó mar sin labhair siad Béárla sa tigh, agus nuair ad’fhas mo Mham aníos tharla an rud céanna. Béarla don chuid is mó a bhíodh a labhair tagainne sa tigh, ach fós spreag mo thuismitheoirí mé os rud é gur léirigh mé suim sa Ghaeilge.Chuaigh mise ar aghaidh chun céim a bhaint amach sa Ghaeilge, agus suim a choimeád sa teanga agus gach a théann leis. Tá níos mó ná an chórás oideachais i gceist anseo, caithfear an teanga agus an chultúr a spreagadh i ndaoine óga, mol an óige agus tiocfaidh sí, agus go minic an t-aon taithí a fhaigheann daoine óga sa Ghaeltacht ná “droch-thaití príosún na Gaeltachta”. Ní spreagann sé sin faic ach neamhshuim amach anseo.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras, a Choilm, tá an cheart agat a rá nach bhfuil an locht ar na cinnirí as ucht an Ghaeilge atá acu agus go gcaithfear freagracht a chur ar an Roinn Oideachais as an gcóras oideachais lochtach a d’fhag furmhór na tíre ar bheagán Ghaeilge.

    Is dócha go mbaineann mo ghearán leis an íomhá atá á léiriú sa chlár seo den Ghaeltacht agus den Ghaeilge. Cinnte is píosa spraoi é – dar le RTÉ -agus cinnte freisin go gcuideoidh na rialacha diana seo leis an leagan sin den scéal a dhíol.

    Le bheith firinneach tá mé bréan de chláracha i nGaeilge faoin nGaeilge ar RTÉ – cad mar gheall ar shraith dhramaí nó clár fónta chúrsaí reatha nó clár ealaíona nó rud eigean seachas an seafóid seo? Luadh i dtuairisc ar Foinse an tseachtain seo chaite nach mbeadh Scannal – clár a mheallann slua mór féachana fiú más cúrsaí reatha leath bhacáílte atá ann – ar an aer fhaid is a raibh An BhFuil Cead Agam? ag craoladh. An amhlaidh nach féidir le RTÉ dhá chlár Ghaeilge a chraoladh sa tréimhse céanna? An geasa é sin a chur draoi Bhéarla orthu?

    Nílim cinnte cén sort físe atá ag CnabhF. An méid atá feicthe agam, ní thaithníonn sé liom agus ní fheictear dom go bhfuil morán dea thoradh ar. Le cois sin, tugaim faoi ndeara go bhfuil roinnt mhaith den suíomh as Béarla – fiú na míreanna atá dírithe ar iar scoláírí – an é nach bhfuil siad sásta cloí lena gcuid rialacha féin?

    Go raibh maith agat as do fhreagra, dala an scéil. Tá sé ionraic agus tomhaiste agus táím buioch as sin, fiú mura n-aontaím leat…..

    Freagra
  5. Ursula

    Aontaím go hil is go hiomlán leis an méid atá le rá agat faoin gclár. Is é an rud is mó a chuireann isteach orm féin ná an phaidreoireacht. Níl faic agam i gcoinne an Chaitleachais ann féin (tógadh mar Chaitleacach mé). Ach an amhlaidh nach bhfuil fáilte roimh Mhuslamaigh, Giúdaigh, nó fiú Protastúnaigh ag an gcoláiste seo? Tugann an clár le tuiscint go dtéann an Ghaeilge agus an Caitleachas le chéile, rud atá an-ait sa bhliain 2009. Glactar leis ar an gclár go gcaithfidh gach duine bheith ag paidreoireacht le chéile gach lá. Tá cultúr na Gaeilge i bhfad níos leithne agus níos ilghnéithí ná seo. Get real! (nó mar a déarfadh siad ar Choláiste na bhFiann – Faigh fírinneach!)

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Thug mé faoi ndeara seo ag eireabal an chláir a chonaic mé ar an Luan. An oiread is leat féin, bheinn sásta mo phaidreacha féin a rá agus a leitheid ach ní bhéinn sásta ligint don dream seo i ngiorracht scread asail do mo pháistí. Ní thaitníonn an ‘brainwashing’ liom ar chorr ar bith.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s