Cinn línte an Uafáis ar ais

Beag amhras atá ann gurb é an dream céanna a mhairbh an phóílín i Craigavon anocht agus a rinne an íonsaí ar na saighdiúirí i mBaile Aontroma ar an Satharn.

Ar Questions & Answers anocht dúirt urlabhraí Fhine Gael, an Dr. James O’Reilly, go raibh na feallmharfóirí a rinne an slad seo ag iarraidh filleadh ar an sean am – ach ná raibh seo indeanta.

Ar an droch uair, agus aontaím le h-aoí eile ar Questions & Answers, an Dr. Ronan Farren, ollamh staire, mar go gcreidim go bhfuil an síocháin ó thuaidh chomh leochaileach agus nach bhfuil Sinn Féin is an phobal naisiúnach tar éis an leas is fearr a bhaint as Comhaontú Chill Rimhinn.

Nílim chun an dubh a chur ina gheal oraibh agus a rá go gcreidim go bhfuil baint suntasach ag an nGaeilge le seo – ach is léir dom go bhfuil an easpa dul chun cinn ar réimse leathan cheisteanna, an Ghaeilge san áireamh, á úsáid ag an dream seo atá i mbun na h-ionsaithe is déanaí.

Mar is ghnath, áfach, tá ceist conspóideach áirithe atá ar chúl na gcinnlínte faoin uafás is déanai. Is é sin an méid a d’fhogair Príomh Chonstábla an PSNI an tseachtain seo chaite – agus bhí an SDLP agus Sinn Féin ar buile faoi – go raibh cuireadh tugtha aige d’fhorsaí speisialta na Breataine teacht ar dhualgas go dtí an Tuaisceart in athuair.

I bhfianaise na láimhe a bhí ag a leitheid i go leor eachtraí conspóideacha is feallmharfacha, níl aon íontas orm go mbeadh fearg i measc náisiúnaithe faoin u-chasadh ar fhograíodh an tseachtain seo chaite. Ceapadh go raibh an lá thart go mbeadh leitheidí an SAS ar ais ó thuaidh.

Tá deacracht eile ann – níl aon amhras orm go bhfuil spiairí ag fórsaí faisnéise na Breataine atá gniomhach i ngrúpaí ar nós an Fíor IRA. An dtiocfaidh sé chun solais i gceann tamaill go raibh láimh ag gniomhaire de chuid na Breataine sna h-ionsuithe is déanaí?

Ní teoiric comhcheilge ró aiféiseach é seo i bhfianaise rudaí nach bhfuil dearúdta ó thuaidh fiú nach bhfuil cuimhne orthu ó dheas.

Sílim gur iarracht é seo ag na easaontóirí – agus is tréan iarracht leanúnach agus eagraithe é – an bhun a bhaint de Shinn Féin ag am go bhfuil an pairtí sin ag amharc ar na toghcháin áitiúla ó dheas agus na toghcháin Eorpacha.

Fiú nach bhfuil muinín agam as Sinn Féin níos mó, ní h-ionann sin agus a rá go gcreidim go bhfuil rud ar bith le tairiscint ag na h-easaontóirí.

Agus tugaim faoi ndeara na h-iarrachtaí atá á dhéanamh ag roinnt na h-eachtraí is déanaí a úsáid chun brú a chur ar náisiúnaithe glacadh le níos mó ‘slándáil’ ag fórsaí Briotanacha ó thuaidh.

Ní ghlacfar leis an cineal seo claonadh i measc an phobail naisiúnaí. Tá sé feicthe acu go minic roimhe – agus chur siad i gcoinne an uair úd – agus mhéadaigh vota Shinn Féin freisin.

Tá gá le dearcadh úr agus ní leor níos mó polataíocht agus foirmlí folamh ó na http://andrumamornuacht.blogspot.com/2009/03/peas-marbh-in-eachtra-scaoilte-i.html.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s