Foclóir Béarla-Béarlachas

meaitseailTá na milliún Euro á chaitheamh [á chur amú?] ar thionscnamh an fhoclóra Bhéarla Ghaeilge atá á riaradh ag Foras na Gaeilge ó bhfuair siad an tionscnamh mar oidhreacht nuair a bunaíodh an chomhlacht tras teorainn.

Úsáideoir[!] Ghaeilge de bhunadh na Gaeltachta mé féin- agus mar sin tá roinnt den Bhéarlachas le blaiseadh i mo chuid cainte agus scríobhnóireachta gan amhras.

Ag an am chéanna bionn a fhios agam nuair is béarlachas atá ann. Tá’s agam gur béarlachas é ‘blag’ mar shampla, ‘aistriúchán’ ar an bhfocal Béarla ‘blog’ agus is cuimhin liom diospóíreacht a bheith anseo faoi sin tamall ó shin.

San eagrán is déanaí de Nuacht 24 tá fogra iomlán leathnaigh ó Fhoras na Gaeilge le h-aghaidh an tionscnamh foclóra Béarla Ghaeilge. Ní miste sin – tá sé thar am go raibh tacaíocht den chineál seo ar fáíl don iris sin.

Is mé ag léamh an fhógra, thugas faoi ndeara an focal seo ‘meaitseáil’ ann. Aistriúchán ‘Bhéarlachas’ ar ‘match’ atá i gceist. Béarlachas lom gránna atá ann – agus léim sé amach ón leathnach orm.

An é sin an cineál foclóra atá na milliúin a chaitheamh air – foclóir a mholfaidh Béarlachas den chineál seo mar aistriuchán ar fhocail Bhéarla nach bhfuil a gcomhionann le fáil i nGaeilge go h-éasca?

Agus an droch theist é sin ar theanga na Gaeilge? Nach féidir lei leaganacha Ghaeilge nach Béarlachas iad a aimsiú ar fhocail den chineal seo?

3 thuairim ar “Foclóir Béarla-Béarlachas

  1. Lorcán

    Chuala mé an scéal sin cheana.
    An bhfuil iomhá de shaghas ann go bhfuil dul chun cinn bainte le Béarlachas sa Ghaeilge?
    Nach bhfuil aon grá don teanga (don fíor-theanga) ag dream an fhoclóra nua ?

    Freagra
  2. Eoin Ó Riain

    Seo ceann deas ar shuíomh úr Gaelport.com duit a Choncubhair…

    “Chuige seo, beidh Gaelport.com á uasdátú leis na scéalta is déanaí ó shaol na Gaeilge ar bhonn rialta i rith an lae.”

    🙂

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s