Tá an eagrán is déanaí de nós* faighte sa phost agam – más mall is mithid. Mar is dual don iris tá sé lom lán le h-ailt, griangrafanna is eile. Tá roinnt colúin nua ann – ina measc colún breá motair, an chéad cholún i nGaeilge ar mhótair ar léigh mé agus a bhain mé sult as, agus tá colún nua d’fhir óg aeracha, Buachaill sa Bhruachbhaile. Is dócha gurb é seo an chéad cholún ‘aerach agus Gaelach’ cé go bhfuil a fhios agam go raibh cúpla colúin Gaelacha ag scríobhnóirí aeracha roimhe seo. Is maith ann é, fiú nach mbaineann sé liom. Léigh mé é, agus shíl mé gur scríobhnóir ionraic macanta a scrigh agus go raibh léargas suimiúil aige ar chúrsaí.
Bhain mé taitneamh freisin as an gcolún Bhéarla, An Taobh Eile, ar an leathnach Bhéarla. Mhothaigh mé spioraid ‘Ross O’Carroll Kelly’ ann agus bhí sé greannmhar. Cé go gcreidim go bhfuil an coincheap, leathnach Bhéarla in iris Ghaeilge, greannmhar, mothaím nach raibh morán dealramh leis an alt faoi ‘white dwarves’.
Ní iris é nós* don dream atá spéis acu i gcúrsaí reatha – cé go bhfuil roinnt cúrsaí reatha ann agus bionn alt spéisiúil ann i gcónaí i ‘Léargas’. An mhí seo tá sé ag plé leis an gcorraíl sa Choiré. Tá colún géar – agus cliste – ag an Seanduine Liath faoi Thuairisc Uí Riain agus mí órd na n-órd rialta.
Eagrán mí an Mheithimh an eagrán is déanaí agus níl sé ach direach éisithe. Nílim ag iarraidh lucht a fháil ar an eagarthóir nó ar a fhoireann nó tuigim go bhfuil siad ag déanamh na h-oibre seo, obair íontach, go deonach ach go gairmiúil. Léiríonn an mhoill seo go bhfuil deacracht ann i gcónaí cloí le sceideal docht nuair atá acmhainní gann. Is ró mhinic a bhionn Gaeil ag fáil locht ar earraí Gaelacha agus ag tabhairt droim láímhe dóibh dá bharr. Tá sé tabhachtach, áfach, go mbeadh tacaíocht ag nós ó phobal léitheoireacht na Gaeilge, go mbeadh sintiús agat leis an iris (mura bhfuil ceann agat, faigh ceann anois!) mar go mbeadh sé thar a bheith deacair iris chomh maith le nós* a fhoilsiú amach anseo dá dteipfeadh ar an iris seo.
San eagrán seo, tá roinnt mhaith griangrafanna ann agus tá siad ana mhaith iontu féin. Ach ba mhaith liomsa níos mó scéalta a fheiscint – léirmheasanna de na gigeanna seachas gigghraif amháin. Ba mhaith an rud é freisin chun cur leis an díolachán go mbeadh leathnach shoisialta ann – ar nos ocáidí i Foinse+ agus Gaeil sa Phictiúr+ ar nós Lá Nua. Tá na leathnaigh ar dhearadh agus ar ghiúirleidí go maith – ach b’fhéidir go bhfuil gá le níos faisin is smais.
Ceist eile: seo séasúr na laethannta saoire. Ach ni féidir go bhfuil na Gaeil óga ar an Camino de Santiago nó táim cinnte go bhfuil léite agam faoin dturas seo, nó turas cosúil leis, san iris seo roimhe. Maith go leor, íontach spioradálta, ach nach dtéann siad in áiteanna eile, oileáin na Gréige, coláistí samhraidh sa tír seo is eile….
Agus is easnamh mhór nach bhfuil aon trácht ar spórt san eagrán is déanai. Tá na craobhacha peile is iomána faoi lán tseol agus curaithe cúige i ngach cúige is an dhá chluiche nach mór fán dtrath seo. Ba cheart go mbeadh tagairt éigean ar sin i nós*, dar liom. An bhfuil aon seans Dara Ó Cinnéide a mhealladh chun colún rialta a scríobh do nós* anois go bhfuil deireadh le Foinse?
Bhí trath ann go mbíodh nuachtáin ag cur tairiscintí speisialta saoire ar fáil dá leitheoirí. Ní fheadar an mbeadh sé fiúntach do lucht nós* tairiscint speisialta a chur ar fáil le h-aghaidh saoire do Ghaeil óga ar oilean Gréagach nó a leithéid ar feadh coicíse. B’fhéidir go mbeadh brabhús le saothrú óna leithéid….
Ritheann smaoineamh eile liom ar cheist ghaolmhar ach fillfidh mé ar sin ar ball.
Ar aon nós, níl anseo ach racht caradach ón eagarthóir ar an gclaí. Tá nós* ar fheabhas ar fad. Ná bac liomsa!
Dá mbeadh an cur chuige céanna ag mo ghlúin, bheadh iris fónta cúrsaí reatha agus cultúrtha ann fadó. Ná h-abair é, dein é!