An Ghaeilge ina teanga rúnda?

Agus sinn sáite inár ghnóthaí féin le tamall, nior thugamar faoi ndeara go raibh cúrsaí an tsaoil ag titim amach go fóíll.    An chuid is mó de na cúrsaí sin, ní bhaineann siad linn morán.  Níl aon radharc faighte againn anseo i Múscraí ar luaithreach bholcáin na hIoslainne ach seans gurb é sin an smúit ar mo ghluaistean!

Le linn na deireadh seachtaine, bhí imeachtaí éagsúla ag titim amach.  Bhí Ard Fheis an Chonartha ar siúl i Luimneach.  Anseo i gCúil Aodha bhí slán á fhagail againn lenár gcáirde Briotánacha a tháinig ar chuairt chomhcheangail agus beimíd ag tabhairt cuairte orthu sa Bhriotáin i mí Lúnasa.    Tar éis dúinn slán a fhágáil leo, bhí dhá lá cruaigh oibre romhainn ag glanadh amach ár sean teach nó táimíd bogtha go dtí teach nua anois leis an seoladh:  Doire’n Chuilinn, Cúil Aodha (seoladh níos fearr agus níos saibhre sa chultúr ná Hollywood LA!).

Aréir, bhí óglaigh Naomh Abán ag tabhairt aghaidh ar an Dhomhnach Mhóir i gCraobh Fé 21 Lár Chorcaí.  Ní raibh an t-adh leo – ach bhaineamar taithneamh as an gcluiche, oíche amuigh faoin aer, comhartha chinnte de theacht an tSamhraidh.

Agus anois táimíd ag ullmhú go dícheallach le h-aghaidh Cuairt na bhFilí Albanacha ar Mhúscraí oíche amarach, Dé Máirt 20 Aibreán, nuair a bheidh ceoltóirí, amhránaithe agus filí Mhúscraí ag cur fáilte roimh ár gcomh Cheiltigh go dtí an taobh ó dheas de Sruth na Maoile.

Sin réamhrá fada a dhothain agus níl aon bhaint aige le h-abhar na trachtaireachta seo.   Is é sin an íonsaí is déanaí ar an nGaeilge ag colúnaí i nuachtán Bhéarla.

Dar le David Kenny, ag scríobh do sa Sunday Tribune,  tá an Ghaeilge ró leathdránach ar go leor cúiseanna ach ar na cúiseanna seo go h-áírithe:

The chief problem with Irish was the humourless, dry way it was taught. Pádraic Ó Conaire’s ‘M’asal Beag Dubh’ (‘My Little Black Ass’) may have sounded like a Harlem porno mag, but was as interesting as watching donkey poo drying.

D’aontóinn le David faoi sin. Nior thaitin na scéalta sin liom ar chorr ar bith.  Bhain siad leis an aimsir chaite.  Asal beag dubh?  Ní fhaca mise asal riamh ach cois trá.  Ar ndóígh is ‘íomhá’ atá luaite go mór leis an Ghaeltacht an asal céanna, agus dhá chiseán móna ar a dhroim,  agus fear manntach le caipín á tharraingt.      B’fhéidir gur cheart do David amharc ar Nuacht 24 le teacht ar thuiscint éagsúil faoi abhar leitheoireachta pháistí na linne seo.

Ceist eile a bhí ag David, bhain sé lenár sean cara, Peig.

What gaeilgeoir fundamentalism also ignores is that Ireland loves English. Whenever we market ourselves abroad, we point to our great writers: Wilde, Yeats, Joyce. They all wrote in English, not Irish. Have you ever seen a souvenir tea towel with Peig Sayers’ face on it?

I gcead dhuit David, níl a fhios agam faoin ‘tea towel’ ach tá t-léine agam le aghaidh Pheig air agus is é an t léine is mó a thaithníonn liom é a chaitheamh na laethannta seo.     Tuigim go bhfuil an margaíocht á dhéanamh ar na scriobhnóirí móra Béarla – agus chaith ar a laghad beirt den triúr atá luaite agat cuid is mó dá saol thar lear.    Ní h-ionann sin agus a rá nach féidir aghaidheanna na scríobhnóirí Ghaeilge a úsáid freisin.  Is scríobhnóir le clú idirnáisiúnta é Seán O Riordáin mar shampla agus b’fhéidir gur cheart dúinn níos mó tairbhe a bhaint as.

Ach tuigim anois cén fath go raibh tú ag scríobh an ailt sin – agus nach olc le Gaeilge amach is amach atá i gceist.    Rud eile atá ann.

Schoolkids still don’t love Irish. RTé reported last week that more students are seeking exemption from doing it on learning-disability grounds. However, half of this year’s exempted Leaving students are sitting other language exams.

Some parents are using the exemption to get their children out of studying what they see as a difficult subject. It’s entirely understandable. Dropping Irish means a better chance of more points, which means a better chance of a job. Irish should not be compulsory for the Leaving Cert – its outcome is far too important.

Still, it’s perplexing to think that parents will brand their kids ‘special needs’ to get them out of doing something difficult. To teach them it’s okay to break the rules if you can get away with it. Maybe I’d do the same if I had kids. Maybe abusing the exemption is our generation’s revenge on Peig.

Díoltas é míúsáid na diolúine ar an míúsáid a baineadh as na glúinte dalta a cuireadh iacaill orthu staidéar a dhéanamh ar Peig.   Agus deineadh míúsáid ar Pheig freisin.  Nár deineadh eagarthóireacht ar a leabhar chun an leagan is measa den saol a léiriú ionas go mbeadh daoine buioch as an saol a bhí acu.  Dá olc é, ní bheadh sé níos measa ná saol Pheig ar an mBlascaod Mhór!

Sílim gur féidir linn cur síos a dhéanamh ar alt David Kenny sa ghnath slí – ionsaí eile ar an nGaeilge i nuachtán mhór Béarla, quelle surprise! – ach tá blaisín den fhírinne sa mhéid a deir sé freisin, go h-áirithe an abairt seo.

We had no need for Irish and were never given any reason to love it

Níl aon cheist ach go bhfuil grá agam don Ghaeilge – agus ag cuid mhór againn.  Ach ní mór dúinn smaoineamh ar an dream nach bhfuil an grá céanna don teanga, ar chúiseanna nach mbaineann le biogóidiocht nó rud ar bith eile den tsort sin.       Go deimhin is cosúil go bhfuil ár n-éilimh ar ár gcearta ag cothú breis fuatha agus fuachta don teanga.

Gaeilgeoir fundamentalism was a major turn-off. This fundamentalism was in evidence again in Clare last February. County councillors complained that they had spent €30,250 translating three development plans into Irish, but nobody wanted to buy them. Then-Gaeltacht minister Eamon Ó Cuív insisted the practice should continue nonetheless. Idiotic wastefulness like that turns people against Irish.

Cé dheirfeadh nach bhfuil an cheart aige?  Cé dheirfeadh nach n-iompaíonn cur amú airgid ar aistriúcháin nach léitear daoine i gcoinne na Gaeilge.   Iompaíonn sé mise i gcoinnibh an teanga – bhuel iad san atá ag brú an pholasaí mí amharach seo.

Nílim cinnte an bhfuil an cheart ag an iriseoir nuair a mholann sé mar reiteach:

Gaeilge can’t compete with that kind of marketing. For it to appeal to a wider audience it has to dumb down. It has to be conversational, not literary. It needs to be promoted as Ireland’s secret language. The one you can insult foreigners in, when they’re eavesdropping, for example.

Ach is cinnte go bhfuil plean nua ag teastáil chun an grá don teanga atá ionainn de réir gach pobal bhreith, an grá sin a mhúscailt.    An bhfuil aoinne ann atá ábalta tabhairt faoin dúshlán sin?

Sin í an phríómh cheist atá le freagairt chun go gcomhlíonfaí spriocanna an Dréacht Straitéis 20 Bliana don Ghaeilge.



4 thuairim ar “An Ghaeilge ina teanga rúnda?

  1. ormondo

    Níl an tUasal Kenny ach ag baint mí-úsáide as an mBéarla chun a bheith ag caitheamh anuas ar an nGaelainn. Tá ionad dumpála bruscair déanta ag a leithéid d’iriseoirí as teanga bhreá an Bhéarla.

    Déarfainn féin gur lú líon na n-Éireannach atá Ulysses léite go hiomlán acu ná an líon a bhfuil Gaelainn ar a gcumas acu!

    Nach olc an mhaise do mhuintir na tíre dá mba é nach mbeadh ar a cumas aici gan ach an teanga gach Tadhg-Bocht-an-Mhargaidh-ar-fud-na-cruinne a labhairt?

    Agus d’ainneoin an bhladair a chloistear faoi “Bhéarla iontach na n-Éireannach”, ní bheinn féin ró-chinnte de nach bhfuil de bhunús ag an ráfla siúd ach plamás Sasanach múinte le droch-choinsias mar gheall ar an ré chóilíneach!

    Freagra
  2. Séamas Ó Neachtain

    Dá mbeadh seilbh ag Sasana ar Éirinn (ina hiomlán), bheadh i bhfad ní ba mhó suime sa Ghaeilge (mar a bhíodh, agus mar atá ó thuaidh)… Ní thuigim an fáth nach múintear grá tíre agus grá cultúir. Gan a leithéid, is beag an seans go mbeadh suim ag daoine sa teanga, gan fréamhacha, gan chomhthéacs. Saoirse bainte amach agaibh chun a bheith i bhur nIarShasana, an amhlaidh é? Cúinne dhorcha de mhórphobal an domhain (nó ar a laghad na hEorpa)?
    Is gné den saol seo an neamhaird seo ar thírghrá san oideachas. Tá an fhadhb chéanna againn sna Stáit. Ach anseo, ní baineann sé lenár dteanga (go minic).
    Viva an éagsúlacht!
    DAS, ní minic a chaithear t-léinte le scríbhneoirí orthu, ach go hannamh sna hollscoileanna, i mo thaití féin. Is argóint amaideach sin.

    Freagra
  3. Seán Mór

    Caithfear na modhanna teagaisc a athrú, cinnte. Caithfear an t-airgead a chaitheamh ar rudaí fiúntacha, cinnte. Ach ní shábhálfaidh sin an Ghaeilge mura gcuirfear an-bhéim ar an cheangal idir í agus féiniúlacht na hÉireann, bród a chothú aisti mar theanga agus as an náisiún ag an aon am amháin. Luaigh tú ‘grá’ ansin, a Choncubhair, agus tá tú cóngarach go leor don rud atá de dhíth. Déarfainn féin ‘tírghrá’. Bhí ciall ag an fhear a scríobh ‘tír gan teanga, tír gan anam’. Tá cuma sheanchaite ar an nath sin anois… ach tá cuid mhaith den fhírinne ann go fóill.

    Freagra

Freagra