Ní fhéadfadh an ghnath dhuine cur síos a dhéanamh ar Chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí aréir (Dé Máirt). Ghlacfadh sé file chun sin a dhéanamh. Ar ndóigh ní file mé – cé gur de shliocht filí mé – is iriseoir/ainniseoir mé. Ach roinnfidh mé mo smaointe ar an ocáid libh ar aon nós.
Ritheann líne ó dhán a scrígh Seán O Riordáin liom agus mé ag meabhrú ar dhraíocht na h-oíche aréir san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne. Ag tagairt do ar bhean a aithris dán ag an Dáimh Scoil i Múscraí tar éis gur fhreastail sé air, dúirt sé an líne seo: “Ní file an bean, ach filíocht”.
Leis an chaint go léir faoin scamall luaithrigh a d’eisigh an Bolcáin úd san Ioslainn, ba cheart a lua gur eirigh leis na filí agus na ceoltóirí seo teacht thar Shruth na Maoile gan aon dua ró mhór agus bhí oíche bhrea acu i gCorcaigh, i dTabhairne an Long Valley oíche Dé Luain, sara tháinig siad chomh fada le Múscraí. Ar aon nós, bhí fearadh na fáilte rompu chuig Múscraí,Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, na filí, agus Shona Masson is Joy Dunlop, an cheoltóír agus an amhránaí faoi sheach. Ag cur fáilte rompu bhí Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Peadar O Riada agus Gobnait Ní Chruadhlaoich, maraon le slua brea ón chomharsanacht.
Idir ceol traidisiúnta nua chumtha agus sean amhráin, dánta ó óg agus sean, poirtíní béil agus jigeannaí, bhí oíche bhrea chultúrtha againn. Agus fíon dearg is chnóanna ón gcomhlacht áitiúil, Bia Sláintiúil na hÉireann, mar sholáistí, bhí gach mian sásta, d’fhéadfá a rá.
Ag deireadh na h-oíche, bhí deoch agus comhrá againn sa Mhuileann agus thugas aghaidh ar an mbóthar abhaile. Tá na filí anois ar a mbealach ó thuaidh go Baile Atha Cliath agus deirtear liom go mbeidh siad ag tabhairt cuairte ar Charraig Chaisil sara sroicheann siad an Ard Chathair. Má bhionn deis agat dul ann, ná caill é. Glanfaidh sé luaidreáin na luaithreach ód’ inchinnn…..
Beidh an chéad fhíseán ón oíche [thuas] ar fáil go luath – is amhlaidh go bhfuil sé uaslódáilte ach tá sé go fóill á phroiseáil.
“…bhí gach mian sásta, d’fhéadfá a rá….”-igaeilge
Gach mian?
Tá sé pósta, agus mar sin, is dócha…
Agus gan amhras beidh dhá oíche bhreá chultúrtha eile i mBaile Átha Cliath. Ní fios a mbeimid in ann gach mian a shásamh(!)ach tá fáilte roimh gach duine freastal ar an dá ócáid a bheidh i Toners, Sráid Bhagóid, Déardaoin @7.30 i.n. agus in Áras na Comhdhála ar an Aoine @7 i.n. beidh ceiliúradh mhór ar 40 bliain de mhalartú cultúrtha.
Dia linn is Muire, ach nach tapaidh atá Seosamh agus Séamus ag baint ciall aisteach as abairt liom. Caithfidh go mbionn na cúrsaí sin in aigne acu agus iad á léamh – ach ní gá go mbeidís im aigne agus mé ag scríobh. An é mise atá soineanta nó iadsan atá gan soineantacht?
http://www.forbairtfeirste.com/forbairt-news/deicniur-na-cinniuna-destiny-decade/
an dtig seo a thabhairt do dhaoine mar eolas a Choncubhair. Lean leat. Dála an scéal taimid ag gniomhiú smaointiú s’agat faoi Ghaelbhranda más mall is mithid