Nuacht 24 – fíorú na físe

Tá an tseirbhís nuachta dhigitigh, Nuacht 24, beo faoi dheireadh, deirtear  liom.   Beagnach bliain ó shin ó fhograíodh go raibh an chonradh faighte ag Tomaí O Conghaile agus a cháirde i Fusion i mBéal Feirste, tá na deacrachtaí suntasacha a bhí acu maidir le cúrsaí éagsúla réitithe.

Seo sampla thuas den chineál oibre a bheidh ar bun ag Nuacht 24 – scéal deas ag cur síos ar an obair mhaith atá á dhéanamh i gColáiste Feirste.   Dream óg ag tabhairt an dráma iomráiteach, Dialann Anne Frank, ar árdán sa Baby Grand sa Grand Opera House i mBéal Feirste.

Is maith liom na guthanna óga seo a chloisint ag labhairt na Gaeilge go nádúrtha, de réir a gcanúint féin.   Níl aon náire orthu í a labhairt – a mhalairt glán, is léir go bhfuil siad bródúil aistí agus is dea theist é sin ar scoil ar bith.

Iar scoláire de chuid Coláiste Feirste í Milene Fegan, laithreoir Nuacht 24, agus ar ndoigh tá sí tar éis go leor taithí iriseoireachta agus eile a bhailiú le Nuacht 24, an nuachtán, agus chomh maith le sin b’í Rós Bhéal Feirste ag Féile na Rósanna anuraidh.

Beidh Tomaí O Conghaile, mo shean chomrádaí ag Lá Nua agus duine de na h-iriseoirí agus gniomhaithe is bisiúla sa tír, ina laithreoir freisin agus tuigim go mbeidh sean chomrádaí eile liom, Eoghan O Néill le feiscint ós comhair ceamra freisin.

Tá sé de rún agam féin cúpla scannán a chur ina dtreo le féachaint an mbeidh spéis acu iontu – b’fhéidir go mbeidh tuairisc againn ar chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí ar Nuacht 24 amach anseo?

Beidh le feiceáil!  Más amhlaidh go dtarlaíonn sé sin, déanfaidh mé mo dhícheall mo phus gránna a choimead as radharc an cheamra!

Mar is dual do mhuintir Bhéal Feirste, tá ceannródaíocht ar bun acu.  Níl siad sásta bheith sáite leis an sean rud ach iad, ar nós criú an Enterprise, ag lorg domhan úr agus a leithéid.

Go maire sé i bhfad – agus go raibh rath air!  Live Long and prosper!

5 thuairim ar “Nuacht 24 – fíorú na físe

  1. Seosamh Ó Beirgin

    “Tá sé de rún agam féin cúpla scannán a chur ina dtreo le féachaint an mbeidh spéis acu iontu”..igaeilge

    Bhuel,a Choncubhuir, i ndiaidh an oiread sin rudaí deasa atá ráite agat fúthu, cha féidir leo thú a dhiúltú.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    cá bith faoin fhíseán é féin, atá le moladh gan amhras , is iad na haisteoirí óga seo atá suimiúl. Chonaic mise an drama sa Choláiste féin seachtain sul ar bhog sé go lár na cathrach i mBéal Feirste agus chuir sé iontas orm chomh maith agus a bhí siad. Is drama sách deacair é sa mhéid a’s go mbíonn na háisteoirí ar an ardán ar feadh beagnach uair go leith agus idirchaint ag dul ar aghaidh i rith an ama agus biodh agus gur thuig na daltaí gur i gcanúint eile a scríobhadh an drama bhí siad sásta tabhairt faoi gan eagla. Mura a mbeadh de bhua ag an Ghaeloideachas ach an mhéid sin b’fhiú ann é ach sa bhreis ar sin mar a chonaic muid níorbh iad na línte amháin a d’fhoghlaim siad de ghlan mheabhair ach go raibh siad lán líofa le cur síos a dhéanamh ar an drama ina gcanúint féin atá difriúl cinnte ó chanúintí eile ach atá so thuigthe ag an té a chuirfeadh cluas le heisteacht air fein is cuma cad é an chuid den tír arbh as é. Dar liom gur sin an tabhar dóchais don todhchaí agus moladh go deo leo.

    Freagra
  3. asal4

    Ta me ag iarraidh blog a scriobh as Gaeilge do phaisti, ach n’fheadar conas a chuireann tu fada ar na focail?

    Ma sheolann tu freagra dom as Bearla, beidh seans agam go mbeidh me in ann e a dheanamh- nil an teicneolaiocht easca dom! Mile buiochas!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s