Na Gradaim Cumarsáide….

Anocht, ag ocáid cheiliúrtha i dTeach Farmleigh i bPairc an Fhionnuisce i mBaile Atha Cliath, bronnfar Gradaim Cumarsáide an Oireachtais ar ‘réaltaí’ na meáin Ghaeilge.

Is deas an rud ocáid dá leithéid a bheith ann chun aitheantas a thabhairt do dhea shaothar agus do ghairmiúlacht na n-iriseoirí, na n-aisteoirí, na laithreoirí agus, cá bhfios, na mblagadóirí a bhionn ag saothrú leo i ndomhan bheag na meán Ghaeilge.

Is seana phort agam é nach doigh liom go bhfuil an comórtas seo á reachtáil i gcaoi a aithníonn an obair is fearr seachas go mbionn na ‘Oscars’ seo á mhalartú ó bhliain go bliain idir na cáirde.    Ní painéal moltóirí a chineann cé bhfaigheann na gradaim ach sórt vóta phoiblí – níl a fhios agam cé chomh poiblí is atá sé ach tugtar cuireadh do dhaoine a rogha i naoi gcinn de chatargóir a ainmniú agus ansan bionn vóta ar líne.   Níl a fhios againn cé mhéid daoine a bhionn ag votáil nó cé chomh fairsing is atá an toghlach.

Is é an t-aon chomórtas ar chlár an Oireachtais nach mbionn moltóirí ag cinneadh cé a bhaineann – nó nach mbuann na gradaim.

Ar ndóigh is cás trom d’fhinniúna ghéar é seo – ní fheadar an méid uair a deineadh mé ainmniú do ghradam ach ní raibh riamh píosa criostail im ghlaic is mé ag dul abhaile seachas uair amháin nuair a bhuaidh Lá an Buaic Ghradam, cúpla seachtain tar éis dúinn athsheoladh mar nuachtán laethúil i 2003.   Bhíomar bródúil as an mbua sin – cé gur thuigeas i gcónaí nár tugadh aitheantas mar is ceart don ard chaighdeán iriseoireacht a foilsíodh i Lá/Lá nua sna blianta ina dhiaidh sin agus gur sórt gradam é an gradam a fuarthas ar an ocáid sin a thabharfá do dhuine as cloch mhíle a bhaint amach seachas gradam ar fheabhas ár gcuid oibre.

É sin go léir ráite, táim chun mo ghradaim féin a bhronnadh inniu.  Níl aon criostal i gceist, ní cheannóidh piúnt don bhuaiteoir fiú.  Níl ann ach aitheantas do na daoine sin a chreidim gur eirigh go sár mhaith leo le linn na bliana seo chaite.

1.  Clár Raidió na Bliana:  Blas BBC Raidió Uladh

2. Pearsa Raidió na Bliana; Ronán Mac Aodha Bhuí, RnaG

3.  Clár Teilifíse na Bliana:   Na Cloigne

4.  Pearsa teilifíse na bliana:  Brian Tyers – GAA Beo

5.  Aisteoir na Bliana:   Donncha Crowley (An Crisis, An Béal Bocht)

6. Iriseoir Chló na Bliana:  Breandán Delap (Beo.ie)

7. Colúnaí na bliana:  Gearóid O Cairealláin (Nuacht 24)

8.  Buaic Ghrádam Cumarsáide:  Nuacht 24 (Tá’s agam gur bronnadh an gradam seo ar Foinse 1996-2009 roimhe seo ach is do Foireann Nuacht 24 atá an gradam seo tuillte i bhfianaise an méid a rinne siad gan deontas le linn na bliana seo cháíte!)

9.  Réalt na Bliana: Cliar, Criú agus Foireann Léirithe ‘Na Cloigne’

Ar ndóigh níl cuid de na roghanna thuas luaite ar na ngearrliostaí do na gradaim fiú.  Bíodh san mar atá.   Nílim ach ag iarraidh aitheantas phoiblí a thabhairt do na daoine a chuaigh i bhfeidhm ormsa.   B’fhéidir go bhfuil bhúr rogha féin agaibh – agus tá fáilte romhaibh iad a chur ós comhair an tsaoil anseo.

7 dtuairim ar “Na Gradaim Cumarsáide….

  1. seamus mac seain

    a Choncubhair mo chara do bhárúil an ceart “gradam” a bhronnadh ar dhuine as a chuid oibre a dhéanamh go h-éifeachtach agus go slachtmhar agus go h-áirithe má íoctar an duine as an obair sin a dhéanamh?. Is scéal eile ar fad é an té atá ag obair go deonach gan íocaíocht, sin iad na daoine ar díol gradaim iad i mo thuairim. Dá mbainfí amach na daoine as an liosta thuas a ndíoltar a ndolaí leo as a bheith “gradamúil” is beag ar fad a bheadh fágtha.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ba cheart aitheantas a thabhairt don duine a dheineann a chuid oibre go slachtmhar agus a shroicheann ard chaighdeán amach – is bealach é sin (agus tá bealaí eile ann) chun caighdeáin na h-oibre a fheabhsú. Mar atá sé, níl aon moltóireacht á dhéanamh ar an gcomórtas seo mar sin níl a fhios ag éinne cé acu an mbuann an bhuaiteoir de bharr feabhas na h-oibre nó díreach gur votáil a cháírde go léir do nó di.

    An rud is mó mar gheall ar an oíche seo go mbionn slua mór daoine ann, iad ag ithe agus ag ól ar chostas eagras amháin nó eile, agus gach eagras maoinithe ag an gcáin íocóir. Ní ceiliúradh ar na meáin Ghaeilge é an oiread is gur ceiliúradh é ar an ‘gravy train’ Gaelach….

    Táim ar son aitheantas a thabhairt do obair mhaith, bíodh sé déanta ag daoine gairmiúla nó daoine nach bhfuil ag fáil airgead as a saothar. Ar ndóigh níor cheart gur comórtas cothrom a bheadh anseo – cheapfá go mbeadh an bua ag na ‘gairmithe’ i gcónaí. Ach ní mar a shíltear a bítear. Ach féach, tá mo bhuaic gradam bronnta ar Nuacht 24, na h-óglaigh a sheas sa bhearna baoil nuair a cuireadh Lá Nua chun báis, seachas sean Foinse, dá fheabhas é, a d’éalaigh uaim um an dtaca seo anuraidh.

    Freagra
  3. seamus mac seain

    anois tá tú ag caint a bhuachaill,choo-choo tá an “gravy train ” ar an róid go farmleigh! fág a’ bealach

    Freagra
  4. Pól Ó Floinn

    A Choncubhair,
    Aon tuairim agat maidir le Shell agus a gcuid urraíochta do Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tá díomá orm gur ghlac an C.L.G. an t-airgead. Tá mo lóistin curtha in áirithe chun freastail air agus táim ag déanamh trean machnaimh é a chur ar ceal.
    Ádh Mór,
    Pól.

    Freagra
  5. An Diúlach

    Bhí mé i láthair ag cruinniú (i dtús 2007, measaim) de fhoireann deartha a bhí ag obair ar thionscadal de chuid Shell. Le linn na mionchainte, sular tosaíodh ar ábhar an chruinnithe dáiríre, chuir duine den fhoireann – an t-ailtire, measaim – ceist ar fhear Shell (fear sinsearach i SEPIL) – cad é mar a bhí ag éirí leo agus ar dhóigh leis go n-éireodh leo an tionscadal a chur i gcrích d’ainneoin na hagóide ó mhuintir an cheantair. Is é an freagra a bhí aige – “Of course we’ll succeed – we’re the only chequebook in town!” – (“Éireoidh linn, ar ndóigh – is againn atá an t-aon seicleabhar ar an bhaile!”). Agus sin, i mbeagán focal, fealsúnacht Shell agus is é sin an straitéis atá acu ó thús – is cuma faoin cheart – tá siad ag ceannacht daoine agus grúpaí agus ag cruthú scoilt sa phobal. Dá mhéad de mhuintir an mhórcheantair áitiúil dá gceannóidh siad agus dá dtruailleoidh siad is ea is lú tacaíochta a bheidh go háitiúil ag na hagóideoirí – is maol gualainn gan bhráthair. I dtaca leis an GAA, ní chuireann sé pioc iontais orm gur ghlac siad an t-airgead salach. Agus ní chuireann sé iontas orm go bhfuil cumann eile i dTír Chonaill réidh le seasamh isteach sa bhearna a d’fhág Naomh Abán. Molaim Naomh Abán. Nárbh é Mícheál Dáibhéid (arbh as Maigh Eo é féin) adúirt nach é an t-ól fíordhuáilce na nÉireannach (mar a chuirtear inár leith go minic) ach an mheatacht mhorálta!?

    Freagra
    1. Pól Ó Floinn

      Nár lagaí Dia thú a An Diulaigh. D’aontóinn leat go huile agus go hiomlán i dtaca le do chuid dearcaidh ar fealsúnacht Shell. Thug sin léargas dom ar an ábhar. Céard a rinne Naomh Abán ? Nílim ar an eolas fúthu. Tá sé fós ag dó na geirbe agam – dul le drogall nó gan dul, cad a mholfá?

      Freagra
      1. An Diúlach

        A Phóil, ta eagla orm go gcaithfidh tú féín cinneadh a dhéanamh. Ní rachainn féin – sin a dtig liom a rá.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s