Feachtas nua ‘Saor agus Gaelach go hAer’ ag an Chonradh

Dá fhad é an lá, tagann oíche.   Ar feadh na mblianta tá mé, samhlaím, go h-aonarach ag brú an fheachtais seo go mbeadh cluichí móra spóirt á chraoladh beo, le trachtaireacht i nGaeilge, ar an dteilifís.   Anois tá Conradh na Gaeilge tar éis feachtas a thosnú, inniu, ag éileamh go ndéanfaí trachtaireacht beo i nGaeilge ar ‘chéatadán ar leith de na h-imeachtaí seo’.

Tá an ráiteas ina iomláine anseo.  Táim lán sásta go bhfuil an Conradh anois ar chúl an fheachtais cé go bhfuilim amhrasach go bhfuil ‘céatadán ar leith’ luaite acu leis an éileamh gan a rá cén céatadán atá i gceist.   Cén fath go mbeadh céatadán ann ar chorr ar bith?   Ba cheart go mbeadh an liosta iomlán d’imeachtaí ‘saor go h-aer’ ar fáil i nGaeilge, scun scan.

Ach ós rud é nach bhfuil ceann ar bith acu ar fáil mar atá, beidh mé sásta glacadh leis an gcéatadán ar leith mar thús.

Is feachtas é seo ar féidir é a bhuachaint – is feachtas é seo nach féidir é a chailliúint.

Léirigh na figiúirí a h-éisíodh le déanaí go raibh isteach is amach le 250,000 ag faire ar Corcaigh V Maigh Eo, Cluiche Craoibhe na Sraithe le déanaí, nuair a craoladh é i nGaeilge ar TG4.

Is iad an 250,o00 sin an 250,000 ar cheart a bheith ar bharr liosta thargaidí na Straitéise 20 Bliain.   Ní h-é go n-iompóidh trachtaireacht i nGaeilge ar chluichí móra, idir peil, iomáint agus rugbaí is sacair (is rasaíocht chapaill is eile) an t-é a fhéachann air ina chainteoir Ghaeilge – ach lonnóidh sé an Ghaeilge i saol an dhuine sin.  Faoi láthair is ar éigean go bhfuil an Ghaeilge i saol an ghnath dhuine ó bhliain go bliain, taobh amuigh de scruduithe is araile, agus is é sin an t-easnamh mhór.

Ar aon nós, tá an liathróid san imirt anois.  Agus beadsa ag coimead mo shúil air….

6 thuairim ar “Feachtas nua ‘Saor agus Gaelach go hAer’ ag an Chonradh

  1. aonghus

    Nár cheart duit a bheith ag déanamh níos mó ná súil a chaitheamh? Céard faoi alt san Sindo – agus crannóg agat ann anois?

    Admhaím nach bhfuil faic déanta agam féin. Tá drogall orm rud nach bhfuil spéis dá laghad agam féin ann a éileamh – ní bhím ag faire ar spórt ar bith. Ach aontaím go láidir le loighic do sheasamh.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá altanna ar an ábhar seo seolta agam chuig an Indo agus nuachtáin eile – níl siad foilsithe fós agus b’fhéidir nach bhfoilseofar iad. Ach b’fhéidir go ndéanfar iad a fhoilsiú….ní fúmsa atá sé iad a fhoilsiú. Ní eagarthóir mé níos mó ;(

    Freagra
  3. aonghus

    Bullaí fir.

    Beidh sé spéisiúil an bhfoilseofar iad, nó an é nach bhfuil suim acu in san méid atá le scríobh agat nuair nach bhfuil tú ag feidhmiú mar Nestbeschmuetzer!

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is duine mise le grá as cuimse dom thír dhúchais. Má tá tusa ag rá go raibh altanna liom a foilsíodh sa Sunday Indo ar mhalairt phort, tá dul amú ort. Ní aontaim le ‘group think’ na maithe is na mór uaisle ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge – ach ni h-ionann sin agus an rud a chuireann tú im leith [is cosúil?}.

    Na h-altanna liom a foilsíodh liom go dtí seo sa Sunday Indo, bhain siad le h-abhair ar nós cúrsaí meachan, tréas Shinn Féin, moladh do chlár ‘An Crisis’ ar TG4, cur síos ar mholadh Enda Kenny i leith an vóta a chur ar fáil d’Eireannaigh thar lear is seafóid Acht na dTeangacha Oifigiúla. Taispeáin dom, led thoil, an áit a dhéanaim díspeagadh ar mo thír dhúchais sna h-altanna sin nó an ionann dúshlán a thabhairt don ‘group think’ ina bhfuil na maithe pairteach ann agus a bheith ag caitheamh anuas ar do thír dhuchais id thuairim?

    Freagra
    1. aonghus

      Ní díspeagadh atá i gceist; mo leithscéal, táimse chomh cleachtaithe ar an dtéarma nár rith sé liom go bhféadfaí an tuiscint sin a bhaint as.

      Duine le tuairimí láidre nach bhfuil ag réiteach leis an consensus a bhí i gceist agam.

      Anois agus tú ag aontú leis an gConradh seachas ar mhalairt poirt, an gcloisfear do ghuth san sindo?

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s