Vóta Jim Allister ag RTÉ Nuacht TG4

Suaitheantas RTÉ Nuacht TG4 do Thoghchán na Breataine agus Tuaisceart na hÉireann

Tá olltoghchán ar bun sa Bhreatain agus i dTuaisceart na hÉireann inniu agus tá go leor tuairisciú ar an vóta céanna ar gach meán.  Tá an tuairimíocht laidir ann nach mbeidh aon toradh chinnte a bheidh ann ag deireadh an lae – go mbeidh pairlimint ‘crochta’ ann.   Ar ndóigh is iomaí duine a chreideann gur cheart go gcrochfaí baill Phairlimint Westminster agus na Dála – ach sin scéal eile.

Thug mé faoi ndeara cúpla lá ó shin – agus tá áthas orm gur chuir Ciarán ó Brolcháin i gcuimhne dhom é ar Facebook go raibh grafaic thar a bheith míchruinn agus claonta in úsáíd ag RTÉ Nuacht TG4 mar léaráid toghcháín ar an dtuairisciú atá á dhéanamh acu ar an dtoghchán.

Ní gá do dhuine bheith ina phoblachtóir nó náisiúntóír mire chun a aithint gur léaráid é seo atá míchuí amach is amach le cur síos a dhéanamh ar Thuaisceart na hÉireann.  Níl aon bhrát ag TÉ go h-oifigiúil agus aithnítear go bhfuil an brat, an Union Jack, conspóideach agus níl cead í a bheith ar foluain ar fhoirgnimh oifigiúla ach ar laethannta ainmnithe, sé nó seacht gcinn deag más buan mo chuimhne.

Ar aon nós, is é seo an cineál léaráide a chuirfeadh gliondar chroí ar leithéidí Jim Allister agus na díneasáir eile i ngluaiseacht na hAondachta – agus tá go leor díneasáir i ngluaiseacht na Poblachta a bhainfeadh leas as freisin.

Níos measa ná an léaráid seo, áfach, an easpa tuairisciú atá á dhéanamh ag Nuacht TG4 ar an dtoghchán seo ina bhfuil baint díreach aige le cuid dá lucht féachana is dílsí.   Bíodh is go gcreideann Nuacht TG4 gur tír iasachta í TÉ, nó níl oiread is noimead breise luaite le cláracha Nuacht TG4 chun tuairisciú a dhéanamh ar an dtoghchán seo inniu (Déardaoin) nó amarach (Dé hAoine), tá ról ar leith acu i saol an tuaiscirt agus baineann an staisiún, TG4, a bhfuil cúram na nuachta ar RTÉ Nuacht TG4 ina leith, leas as an ról sin tre cláracha fordheonaithe a fháíl ón gCiste Craoltóíreachta ó thuaidh.   Tá TG4 nó TnaG luaite go sonrach i gComhaontú Aoine an Chéasta agus mar sin ba cheart go n-aithneodh seirbhís nuachta an staisiún, atá faoi smacht RTÉ go fóill, go bhfuil dualgas ar an staisiún i leith Tuaisceart na hÉireann thar mar a bheadh air i leith toghchán SAM mar shampla!

Is mór an náire do Nuacht TG4 agus do TG4 nach bhfuil aon chlár speisialta chúrsaí reatha inniu nó amarach luaite le tuairisciú an toghcháin seo.   An é go gcaithfidh lucht leanta an olltoghcháin seo an fuaim a mhúchadh ar chláracha an BBC agus RTÉ agus éisteacht leis an dtuairisciú chuimsitheach a dheineann Raidió na Gaeltachta ar Lá an Chomhairimh

.   Díreach mar a bheidh orainn déanamh maidir le na cluichí móra CLG ar feadh an chuid eile den bhliain!

14 de thuairimí ar “Vóta Jim Allister ag RTÉ Nuacht TG4

  1. Sodar i ndiaidh na n-íseal

    An ceart ar fad a mhic – scannallach amach is amach. Mo náire iad – ach níl náire ar TG4!

    Freagra
  2. Seosamh Ó Beirgin

    Ní dóigh liom go bhfuil aon rud mí-chuí leis an suaitheantas “Westminster 2010” atá á húsáid ag TG4. Is cuid den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann agus é sin aitheanta againne ó dhéas ó 1998 ar a laghad. Mar a deireann tú fhéin níl na díneasáir ar fad ar an dtaobh aontachtach den teach. Ná sleamhnaigh siar ar slí na ndíneasár, a chara.

    Maidir leis an méid a dúirt tú faoin easpa chludach ar an toghachán, tá an cheart agat.

    Freagra
  3. crosbhealaí

    Dhá phointe agam- tagaim go h-iomlán le Sheosamh- is cuid den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart na hÉireann, é sin aitheanta “de jure” againne ó Chomnhaontú Aoine an Chéasta agus aisghairm Airteagail 2&3 na Bunreachta i leith. Tá brat na Ríochta Aontaithe mar bhrat oifigiúil Thuaisceart Éireann- biodh is gur fearr linn go mbeadh an brat trídhatach ina áit. Toisc gur sochaí scoilte atá ann, ba cheart discréid a úsáid maidir le húsáid brat ansin i gcoitinne. Is toghchán uile-Ríocht Aontaithe atá i gceist anseo, mar sin tá úsáid an bhrait mar lógó ar learscáil de limistéar na Ríochta sin cuí sa chás áirithe seo.

    Maidir le clúdach a dhéanamh ar an gcomhaireamh, ní cheart go mbeifí ag iarraidh ar TG4 ach comhaireamh an Tuaiscirt amháin a chlúdú go heisceachtúil. Tá suim ar leith againn anseo sa thoghchán ansin, de bharr socruithe Aoine an Chéasta, agus an ceart ag pobal uile an oileáin bheith mar bhall de náisiún na hÉireann, ach ní ghá nó ní ceart clúdach cuimsitheach eisceachtúil (taobh amuigh de ghnáth-thuairisciú nuachta) a dhéanamh ar ghnó inmheanach eile na Breataine Móire (Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag), taobh amuigh de sin.

    Freagra
  4. Seán Mór

    Mar dhuine atá ina chónaí sna Sé Chontae, agus a bhfuil pas Éireannach agus saoránacht Éireannach aige, agus atá ag tógáil a chlainne mar Ghaeil, áirím mé mé féin i measc na ‘ndíneasár’ seo atá luaite ag Concubhair, agus cuirim go láidir i gcoinne an dearcaidh iarchóilínigh a iarrann orainne mar Ghaeil glacadh le siombail na Breataine inár dtír féin.

    B’fhéidir gur chóir do Phádraig Mac Piarais agus iad siúd Bratach na Breataine a ardú ag an GPO, mar ag deireadh an lae, bhí siad faoi riail Shasana go fóill ag an am???

    Bíodh ciall agaibh.

    Ní tacaí de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta mé, ach mar dhuine dhaonlathach glacaim leis an tacaíocht a fuair sé. Ach ní AON RUD sa chomhaontú sin a iarrann orainn luí síos mar ‘croppies’ agus glacadh le siombail na Breataine.

    Freagra
  5. Jake

    Shíl mise gur siombal taos fiacla Colgate a bhí ann leis a stríche dearg bán agus gorm trasna ar chuid d’oileán na hÉireann. Maidir leis an pholaitíoch de nílim róchinnte go bhfuil léamh ceart déanta ar an dóigh a chuireann an comhaontú síos ar saoranacht déant acú siúd a chreideann gur cheart nó chóir brat na sasan a bhí ar taispeaint in áit a bhfuil rogha ag saoranaigh maidir lena bhféiniúlacht beag beann ar an stadas reatha dé jure de na sé chondae

    Freagra
  6. Seosamh Ó Beirgin

    “On this day, we come to proclaim an end to the petty grievances and false promises, the recriminations and worn-out dogmas, that for far too long have strangled our politics. We remain a young nation, but in the words of Scripture, the time has come to set aside childish things.”-Barack Obama ina chéad óráid mar uachtarán.

    Ba chóir do dhaoine áirithe aird a dhíriú ar seo agus machnamh a dhéanamh air in ionad bheith ag síorchrónán faoi “Gaeil” agus an “GPO” agus “croppies” agus mar sin de.

    Freagra
  7. Seán Mór

    Agus an gcreideann éinne go bhfuil gaol nó baint ar bith idir dea-fhocail Barak Obama agus úsáid Bhratach na Breataine amháin mar shiombal do na Sé Chontae??? Sin go díreach an ‘old worn out dogmas’ a bhfuair muid réidh leo, nuair a rinne muid iarracht comhionannas agus athmhuintearas a bhunú anseo. Tá tábhacht le siombail, tá siad ag achan tír agus ag achan phobal; mura mbeadh tábhacht leo, ní bheadh a leithéid ann ar chor ar bith. Thiocfadh le TG4 rud íomhá éigin neodrach a úsáid seachas bratach na Breataine.

    Agus ós rud é go ndearna daoine áirithe anseo tagairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta… ar léadh é fiú.

    Leathanach 26, Alt 5:
    ‘Aithníonn na rannpháirtithe uile an íogaireacht atá ann maidir le húsáid siombailí agus suaitheantas chun críoch poiblí, agus go háirithe gur gá, agus na hinstitiúidí nua á gcruthú, a áirithiú go n-úsáidtear siombailí agus suaitheantais den sórt sin ar mhodh a chothóidh comhurraim seachas deighilt.’

    Tá sin níos tábhachtaí ná aon rud a dúirt Barak, mar is comhaontú idir Éireannaigh atá ann, comhaontú a chosnaigh na mílte beatha ar an oileán seo…

    Freagra
  8. crosbhealaí

    @Seán Mór ba chóir do TG4 siombal neodrach éigin a úsáid sa chás áirithe seo, seachas brat oifigiúil an Stáit, Toisc gur sochaí scoilte atá ann. Aontaím leat faoi sin, ar ath-mhachnamh dom. Go raibh maith agat.

    Freagra
  9. Seán Mór

    go raibh maith agat, a Chrosbhealaí, mo leithscéal má bhí mé borb…. tá mé iontach cosantach faoi seo

    Freagra
  10. Seán Mór

    Fianaise bhreise gur as Mars na fir agus as Venus na mná, a Áine…. ag féachaint ar an íomhá chéanna ach rudaí éagsúla á bhfeiceáil againn!

    Freagra
  11. igaeilge Údar an Ailt

    Feicim anois an forghabhail breise atá luaite le na sé contae. Ní raibh Inis Eoghain de dhith i 1921 – ach tá tugtha do na Briotanaigh saor in aisce anois ag Nuacht TG4.

    Freagra

Freagair crosbhealaí Cealaigh an freagra