Fo-scéalta ó na h-olltoghcháin

Is iomaí scéal atá le h-insint faoi Olltoghcháin na Breataine agus Thuaisceart na hÉireann.  Deirtear faoi Olltoghchán na hÉireann go mbionn an oiread toghcháin éagsúla ann is atá Dáilcheantair ann.   Dhá olltoghchán éagsúil atá i gceist le hOlltoghcháin na Breataine agus Thuaisceart na hÉireann.      Ní féidir leat votáil ar son na Lib Dems, na Toraithe (in ainneoin an socrú aisteach idir an UUP(RIP) agus na Caomhaithe) nó ar son an Lucht Oibre agus creideann an TUV go bhfuil an BNP ró bhog ar imircigh, go h-áirithe ar imircigh ón oileán seo.

Chaill Peter Robinson, ceannaire an DUP, a shuíochán agus níor eirigh le Sir Reg Empey suiochán a bhaint in Aontroim Theas.   Mar sin de, tá ceannairí an dhá mhór phairtí aondachtach gan ionadaíocht i Westminster, cliabhán an Aontais.

D’eirigh le Margaret Ritchie  ceannaire nua an SDLP, an suíochán i nDún Theas a bhuachaint in ainneoin dúshlán Chaitríona Ruane.

I mBéal Feirste Thiar, bhí an lá le Gerry Adams arís.  D’eirigh leis an vóta is mó in aon toghchán sna sé chontae a mhealladh, isteach is amach le 22,000.   Fuair sé sciar níos mó den vóta i dtéarmaí céatadáín ná mar a bhfuair sé i 2005.  Ach bhí líon na votaí níos lú, tuairim is 5,000 níos lú ná mar a bhí i 2005.   An é go raibh go leor votairí a thug guth do Gerry Adams i dtoghcháin roimhe seo ná raibh sásta fiú votáil an uair seo?  Cén chúis leis an drogall chun votála seo sa toghcheantar  is treise a thug vota i mblianta roimhe seo?  An é an cosc a chuir an Oifig Toghcháin ar votaí poist is cúis leis an titim seo?     Nó an bhfuil baint ag na scéalta éagsúla – cás Liam Adams, an chonspóid faoi Jean McConville agus Gerry Adams, ceist na Gaeilge – leis an dtitim seo?  Ní doigh liom gur féidir ceist an Ghaeilge a chur san áireamh – b’fhéidir go bhfuil an cheart ag Seán Mór a dúirt nach mbionn morán spéise ag lucht leanúna Chiarraí taisteal chun amharc ar an Riocht ag tabhairt greadadh d’Fhear Mhanach sa pheil!    Nó b’fhéidir go bhfuil Béal Feirste Thiar ag eirí mean aicnmeach agus leisciúil ar cheist na polataíochta anois go bhfuil glúin nach mór caite ó aois na réabhlóide?

I bhFear Mánach agus Tír Eoghain Theas, tá an dara athchomhaireamh ann agus Michelle Gildernew (SF) agus Rodney Connor (Aondachtach Aontaithe) gob ar ghob.   Faoi lathair tá bean SF dhá vota chun tosaigh ar an Aondachtach sa cheann chomhaireamh threibheach.

Is é SF an páirtí is mó sa tuaisceart tar éis an toghcháin seo ach is beag an tairbhe é doibh ar shlí.   Ní ghlacfaidh siad a suiocháin i Westminster de bhrí go dtabharfadh an glacadh sin aitheantas do dhlínse na Riochta Aontaithe sna sé contae forghafa.   Ag an am chéanna glacann siad suiocháin i Stormont, tionól atá maoinithe go h-iomlán ó Westminster,   agus deineann siad a mhór as na turasanna a thugann siad go Uimhir 10 Sraid Downing chun feiríní éagsúla – “Ciste Forbartha na Gaeilge” (an £20m a tugadh le déanaí) – a mhealladh ó chibé Príomh Aire atá ann faoi láthair (the Great White Chief!).

Ní fheadar cén tabhacht atá le toghcháin Westminster sna sé chontae – ní bhionn aon chumhacht ag feisirí an Tuaiscirt i Westminster de ghnath.  Anois go bhfuil ‘Pairlimint Crochta’ ann – más é sin an Ghaeilge chruinn ar ‘hung parliament’ – an féidir go mbeidh tabhacht sa bhreis ag feisirí an tuaiscirt agus iarrachtaí á dhéanamh ag Gordon Brown agus ag David Cameron faoi sheach comhrialtas a bhunú?

An mbeadh seans ann, mar shampla, go bhféadfadh an SDLP cur ina luí ar Ghordon Brown gurb é praghas thacaíocht an pháirtí sin i socrú dá leithéid go rithfí Acht Ghaeilge le dealramh (agus cumhachtaí craolacháin) i Westminster nuair nach feidir a leithéid de dhlí a reachtú i Stormont?  Tá an reachtaíocht reidh ag Doiminic O Brollcháin ach an solas glas a fháil ó Mhargaret Ritchie, ceannaire an SDLP?

An t-aon rud eile a dhéarfaidh mé go bhfuilim ag baint an taithneamh as chlár RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lá an Chomhairimh, atá á chraoladh faoi lathair.    Tá léargas mhaith á thabhairt ar an dhá olltoghchán – an vóta ó thuaidh ach go h-áirithe.   Is mór an trua agus an náíre nach bhfuil cothrom an chláir seo – nó clár dá laghad ar an dhá olltoghchán – ar fáil ar TG4.

2 thuairim ar “Fo-scéalta ó na h-olltoghcháin

  1. Ian Mac Murchaidh

    Tá fhios agat gur Margaret Ritchie atá mar cheannaire an SDLP… nó an é nach dtuigim an magadh leis an fhocal “wright”?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    An ceart agat, a Ian, sílim gur bean difriúil ar fad í Margaret Wright agus ní raibh aon magadh i gceist, díreach mí chúram!

    Freagra

Freagra