M’alt faoi thrachtaireacht i nGaeilge i nGaelscéal….

Seo chugaibh an t-alt ó mo pheann a foilsíodh ar ‘Ardán’ le Gaelscéal inniu…   agus san eagrán céanna tá fógra ón Roinn Chumarsáid ag lorg aighneachtaí ón bpobal ar son an proiseas comhairliúcháin atá luaite san alt.

CREIDEANN an tAire Cumarsáide go bhfuil tábhacht ar leith i saol cultúrtha na tíre le himeachtaí móra spóirt ar nós Craobhacha Ceannais Uile Éireann na Peile agus na hIomána, Cheltenham agus Corn Heineken an Rugbaí.

Dá bharr sin, tá sé tar éis tús a chur le próiseas comhairliúcháin chun tuairim an phobail a mheas ar a mholadh na himeachtaí móra spóirt sin a chur leis an liosta d’imeachtaí ar ghá iad a thuairisciú beo ar theilifís saor in aisce.

Bhí sé ar an raidió an lá deireanach ag gearán nach raibh a mhac féin ábalta faire ar Chúige Laighean ag imirt i gCorn Heineken de bharr nach raibh an cluiche ar fáil ach ar Sky Sports agus go mbeadh air síntiús a cheannach chun faire ar an gcainéal sin.

Shamhlóinn go mbeadh a dhóthain airgid ag an Aire íoc as síntiús do Rupert Murdoch – ach sin scéal eile. Is cloch mhór ar a phaidrín an cheist seo agus ba cheart dúinn bheith buíoch go bhfuil suim pearsanta aige san ábhar.

Is maith an rud é go bhfuil Aire sa Rialtas a thuigeann tábhacht an chultúir agus atá sásta beartú dá réir.

Ach ba mhaith liom go nglacfadh sé céim eile ar an gcosán seo.

Tar éis craoladh bheo cluichí ceannais na sraithe iomána ag an deireadh seachtaine, ní bheidh aon chraoladh beo de chluichí móra an tsamhraidh sa pheil nó san iomáint ar TG4 go dtí an geimhreadh seo chugainn.

Más Gael tú agus más suim leat cluichí móra an CLG a leanúint ar an dteilifís i do theanga dhúchais, beidh ort an fhuaim a mhúchadh ar an dteilifís agus cluas a thabhairt do thráchtaireacht RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ní réiteach foirfe é seo, ní leath réiteach é go deimhin. Fiú má chuireann tú san áireamh go mbíonn sár-thráchtaireacht ar chluichí CLG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, bíonn go leor cluichí ar siúl gach Domhnach.

Ní gá go mbeadh RTÉ RnaG ag tuairisciú ar na cluichí céanna ag an am céanna is atá siad á gcraoladh ar an dteilifís.

Bhí mise ar dhuine den slua mór Ghaeil a ghlac páirt ghníomhach san fheachtas ar son bhunú Theilifís na Gaeltachta/Theilifís na Gaeilge (mar a bhí) agus anois TG4.

Cosúil le gach duine eile a ghlac páirt san fheachtas sin, níor chreid mé nach mbeadh cluichí móra an CLG á chraoladh beo ar an stáisiún nua an chéad bhliain tar éis gur thosaigh an stáisiún ag craoladh, gan bacaint le ceithre bhliain déag níos déanaí.

Níl an locht ar TG4 mar gheall ar an teip seo. Teip na gcraoltóirí é seo, teip an CLG féin, teip na n-údarás polaitiúla agus na n-eagras Ghaeilge – agus ár dteip féin – atá ann.

Tá socrú tráchtála idir na Craoltóirí Móra, leithéidí RTÉ/Setanta/TV3, agus an CLG. De réir seo, tá suimeanna móra airgid, suimeanna nach mbeadh ar fáil do TG4, íoctha ag na craoltóirí leis an CLG ar mhaithe le pacáistí éagsúla de chearta chraoltóireachta na gcluichí seo.

De réir figiúirí a d’eisíodh le déanaí, bhí suas le 500,000 ag faire ar chraoladh beo TG4 ar Chluichí Ceannais na Sraithe sa Pheil, nuair a thug Corcaigh greadadh do Mhaigh Eo a sheol ar ais go h–Áitreabh Uí Chéide iad go dú-bhrónach.

Sin líon suntasach daoine atá sásta faire ar chluichí le tráchtaireachtGhaeilge. Ba cheart go mbeadh líon dhaoine dá leithéid suntasach a dhóthain go dtabharfadh polaiteoir sinsearach ar nós an Aire Eamon Ryan iad faoi ndeara.

Tá béim ar leith leagtha agamsa ar na cluichí gaelacha san alt seo – ach níl aon chúis nach mbeadh gach imeacht spóirt atá ar an liosta ‘saor go haer’ ar fáil i nGaeilge.

Tá cuid den locht orainne, pobal/gluaiseacht na Gaeilge. Is cosúil go mbímid ag lorg na rudaí mí-cheart ar na húdaráis, rudaí, fiú, nár mhaith linn féin úsáid as.

Sin an fáth go mbíonn cáipéisí ar nós phleananna forbartha i gcontaetha ar fud na tíre á n-aistriú go Gaeilge ar chostas mhór – shamhlófá go raibh an tír ar snámh le h-airgead agus na suimeanna a bhíonn á lua leis na saothair in aisce seo – agus gan Gael ná deoraí á lorg.

Má tá suim ag na h-údaráis polaitiúla an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail – de réir spriocanna na Straitéise 20 Bliana don Ghaeilge – nár cheart an bhéim a athrú ó nithe nach bhfuil aon éileamh orthu go dtí rudaí atá éileamh cruthaithe ar a son? Go háirithe anois agus an sparán poiblí faoi bhrú?

A Aire, más suim leat an cultúr i bhfírinne, ba cheart duit ceangal a chur ar na craoltóirí a bhaineann leas as an moladh agat chun teacht ar chearta craoltóireachta níos saoire ar na himeachtaí móra spóirt seo a chraoladh beo beathach agus i nGaeilge a chur ar fáil dúinn i mbliana, le do thoil.

Ba eagarthóir é Concubhar Ó Liatháin ar an pháipéar nuachtáin [sic] Lá Nua. I measc áiteanna eile [sic], tá sé anois ag scríobh ar a bhag[sic], iGaeilge.

32 de thuairimí ar “M’alt faoi thrachtaireacht i nGaeilge i nGaelscéal….

  1. annie bheag

    Feicim nach bhfuil aon chreidiúint tugtha ad don scéal an-mhaith atá ag an nGaelscéal an tseachtain seo. Dá mba drochscéala a bheadh ann gan amhras bheifeá ag caitheamh anuas air. Fair is fair

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    An bhfuil scéal ar leith i gceist agat, a Annie, agus tú aq caint ar ‘scéal an-mhaith’ ag Gaelscéal an tseachtain seo? Táim cinnte dá mbeadh scéal an mhaith ann go mbeadh sé tugtha faoi ndeara agam….

    Freagra
  3. seamus mac seain

    A Choncubhair croí is dona liom tú liostáil le B’speisealaithe na bpóilíní teanga le do chuid sic, sic, sick!

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is dócha go bhfuil an ceart agat a Shéamuis. Ag an am chéanna, creidim go bhfuil polasaí Gaelscéal feidhmiú gan fo-eagarthóir a cheartódh bun bhotúin dá leitheid ina thréas ar an oidhreacht a fuair siad ó na nuachtáin a chuaigh rompu. Bí ag caint ar ‘dumbáil síos’.

    An gcreideann tusa go bhfuil sé maith go leor go mbeadh nuachtán stat mhaoinithe Ghaeilge ar nós Gaelscéal ag foilsiú droch Ghaeilge mar sin? Tá sé maith go leor, b’fheidir, i mblag nó ag nuachtán nach bhfuil maoiniú d’aon tsort aige – ach seo nuachtán oifigiúíl Fhoras na Gaeilge.

    Thugas faoi ndeara in alt eile, le Bernie Ní Fhlatharta, go litríonn sí ‘ceapann’ mar ‘ceapfann’. Bionn abairtí in altanna eile gan tús nó deireadh agus bionn an rud go léir nach mór do leite. Sholathraigh mé alt – gan aon chostas a ghearradh air – don nuachtán ar mhaithe le mo thuairim a scaipeadh agus tacaíocht a léiriú don tionscnamh – sin an fath go gcuirim na ‘sic’anna ann, lena gcuid earráidí a léiriú agus le súil go mbeidh siad níos cúramaí. Ach tá olc orm freisin, bhí iarratas a raibh mé féin luaite leis ar an ngearr liosta agus is cinnte dá mbeimís ag déanamh botúin mar seo, mar chuid d’ár bpolasaí eagarthóireachta (ie gan fo eagarthóír a fhostú) go gcuirfí ár mí threo ar ár súile. Is léir gur cuma sa tsioc leis an bhForas faoi chaighdeáin Ghaeilge is a leithéid go bhfuil siad sásta Gaelscéal mar atá a mhaoiniú. Is cinnte ná ligfinn m’ainm bheith luaite lena leithéid agus airgead á fháíl ag an nuachtán ón statchiste chun obair slachtmhar a dhéanamh.

    Níl an iriseoireacht sa nuachtán morán níos fearr ná caighdeán na Gaeilge agus níl aon fhianaise ann go bhfuil alán coipeanna á dhíol.

    B’fhéidir go bhfuilim ag iompú im shean chancráin ach táim tar éis mo shaol a chaitheamh le h-iriseoireacht agus leis an Ghaeilge agus ní chreidim go bhfuil Gaelscéal, faoi mar atá sé, ar leas na h-iriseoireachta nó ar leas na teanga. Ba mhaith liom go bhfeabhsódh sé agus ní chreidim go gcuidíonn ‘plámas’ agus ‘cairdeas bréagach facebook’ leis an aidhm sin. Leirmheastóireacht ionraic an t-aon slí ar féidir liomsa mo bharúil a chur in iúl.

    Freagra
  5. Annie Bheag

    An t-alt a bhí i gceist agam ná an príomhleathanach. Dála an scéil bhí an-spéis agam sa mhéid a dúirt thú: ‘Sholathraigh mé alt..’ An bhfuil tú ag adhmháil gur soláthróir ábhair thú?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Bhuel, a Annie, b’fhéidir go bhfuil beirthe agat orm faoi sin. Sholathraigh mé ábhar – ach ní raibh íocaíocht i gceist. Agus tá súil agam go gcreideann sibh gur iriseoireacht a bhí ann. Ag an am chéanna, ní ghlacaim gur cheart go mbeadh nuachtán bródúil as gan ‘iriseoirí’ a fhostú nó fo-eagarthóirí. Is tá an rian sin ar an nuachtán….. b’fhéidir go bhfuilim sean fhaiseanta. B’fhéidir go mbeidh orainn bheith sásta amach anseo le h-ailt ó irisí Bhéarla aistrithe go Gaeilge ag Google Translate…..
    Mar a deir Foras na Gaeilge, never mind the quality, feel the Gaeilge….

    Freagra
  7. seamus mac seain

    a choncubhair a chara
    léigh mé Gaelscéal an lae inniu agus thaitin sé liom. Shíl me go raibh do alt féin an tráthúil agus bhain sé le habhar,ní fheadair an raibh droch litriú ann nó ní ar shon earáidí sa litriú a chomháireamh a léighim alt ar bith. Bhí altanna eile ann a thaitin liom chomh maith ach níor léigh mé an páipéar uilg (ní léighim leathanaigh spóirt i bpáipéar ar bith mar shampla. níl suim agam ann). Níl a fhios agam cad é an rud mistéireach seo is iriseoireacht ann a bhfuil tú chomh tógtha fá dtaobh de. Níl san iriseoireacht ach scil is féidir a fhoghlaim mar a bheadh súinéireacht nó meicneoireacht ann. Is beag duine againn a thagann ar an saoil agus peann ina láimh aige. Tá roinnt moltaí stuama déanta agat mar gheall ar Gaelscéal le roinnt seachtainí anuas ach sílim nach bhfuil móran eile le rá agat má tá tu anois dírithe ar earáidí cló agus droch litriú.

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Séamus, tá dhá thuairim éagsúil againn ar an abhar. Tuigfidh tú go maith, b’fheidir, ná raibh faic ráite agam faoi Gaelscéal le tamall, fiú san alt seo níor dúirt mé faic. Ní ligfeadh mo dhúchas eagarthóireachta dom gan na ‘sic’ anna sin a chur isteach chun a léiriú chomh tuatach is a bhí an abairt mínithe fúm ag deireadh m’alt. Ach ansan cuireadh ‘póilíneacht teanga’ im leith agus bhrúigh sin an chnaipe….

    Ar aon nós, ba cheart go dtuigfeá nach poilíneacht teanga atá i gceist don chuid is mó ach an cheist seo faoi phaipéar atá ag léiriú droch mheas don iriseoireacht is do ghnó an nuachtáin (gan ‘iriseoirí’ nó fo-eagarthóir a fhostú). Sin an áit a sheasaim ar an cheist.

    Freagra
  9. seamus mac seain

    bímis beirt ceart nó contráilte a choncubhair faoin abhar athrid seo is é an suíomh seo agat an taon suíomh sa tír a dtig leat díospóireacht a bheith agat ann agus go bhfuil úinéir an tsuímh sásta meas a léiriú ar dhaoine eile agus labhairt leo go macanta, mura b’ionann agus cuid de na blaganna nach bhfuil iontu ach ráiteasaí féinspéiseach nach dteastaíonn díospóireacht leo. Go mba fada buan thú.

    Freagra
  10. Mise Áine

    ‘cuid de na blaganna nach bhfuil iontu ach ráiteasaí féinspéiseach’

    Céard go díreach atá i gceist agat le ‘ráiteasaí féinspéiseach’, a Shéamais?

    Freagra
  11. bhuilieodeagha

    Ar a laghad bíonn ábhar le dealramh ar na blaganna eile seachas rants Chonchubhair. Ní thuigeann sé an rud atá soiléar do chuile dhuine eile sé sin go raibh Lá agus Foinse go hannais agus anois don gcéad uair ariamh go bhfuil nuachtán le dealramh againn.

    Freagra
  12. Mise Áine

    Bhuel, bhain mé féin sult as Lá agus Foinse, caithfidh mé a rá, ach, mar bhlagalaí, nuair a fheicim ráiteas mar ‘ is é an suíomh seo agat an taon suíomh sa tír a dtig leat díospóireacht a bheith agat ann agus go bhfuil úinéir an tsuímh sásta meas a léiriú ar dhaoine eile agus labhairt leo go macanta’, ba mhaith liom tuairim Chonchubhair a chloisteáil ar an ráiteas sin, agus soiléireacht a fháil ó Shéamas, mura miste leis, ar céard is ‘ráiteasaí féinspéiseach’ ann.

    Freagra
  13. seamus mac seain

    a Áine a chara
    Níor cheart domh a rá gurbh é blag Choncubhair an “taon suíomh” a dtig leat díospóireacht a bheith agat ann nó ní léighim na blaganna gaeilge uilg agus is féidr go bhfuil suímh eile ann atá sásta dul i ngleic le daoine ar líne ach ó thaobh ráiteasaí féinspéiseach is é an rud atá i gceist agam na daoine a fhoilsíonn tuairimí agus ligfidh daoine eile iad a phlé ach nach ndéanfhaidh trachtaireach a thuilleadh i ndiaidh dóibh an díospóireacht a thosú. Ní sin mar atá Concubhar. Ní rud mór é ach is mór liom go bhfuil daoine cosúil le Concubhar ann atá sásta an díospóireacht a dhéanamh agus is comhartha measa é sin dar liom

    Freagra
    1. Niamh Uí Ruairc

      Cé a fhoilsíonn tuarimí tuairimí agus ligfidh daoine eile iad a phlé ach nach ndéanfaidh tráchtaireacht a thuilleadh i ndiaidh dóibh an díospóireacht a thosú?

      Freagra
  14. Niamh Uí Ruairc

    Ní thuigim dum de dum de dum. Is foghlaimeoir mé
    Ach is maith le Seamus daoine macanta. Is féidir leis bheith macanta agus na daoine seo a ainmniú,

    Freagra
  15. igaeilge Údar an Ailt

    Chomh fada agus a bhaineann sé liom, is ardán é iGaeilge le h-aghaidh mo raitis féinspéiseacha agus is fóram é chun plé a dhéanamh ar thuairimí – mo thuairimí féin agus tuairimí eile – a nochtar anseo.

    Maidir le Willie O’Dea, tá’s agam go bhfuil breis ama aige anois ó chaill sé a shuiochán ag Bórd an Rialtais ach más amhlaidh go bhfuil sé den tuairim go bhfuil Gaelscéal ina ‘nuachtán’ le dealramh, ní h-aon íontas go bhfuil an tír sa riocht ina bhfuil sí.

    Freagra
  16. seamus mac seain

    a Chiaráin gan ainm

    Má tá na tractaireachtaí chomh leadránach sin agat cad chuige a léigheann tú iad ar chor ar bith?

    Freagra
  17. Niamh Uí Ruairc

    A Shéamuis,
    Tá muid fós ag fanacht leat chun na daoine a fhoilsíonn tuairimí agus sin nach ndéanfaidh tráchtaireacht a thuilleadh a ndiaidh dóibh iad a thosnú a ainmniú Nó an bhfuil tusa ciontach as sin freisin
    Niamh

    Freagra
  18. seamus mac seain

    tá greim na mná báite agat orm a Niamh dhil ach is cinnte nach tusa atá igceist agam. Ta cúpla suíomh i gceist agam go sonrach ach níl mé sásta iad a ainmniú anseo ar eagla na mí thuiscinech ach is é an pointe ginearálta atá mé ag déanamh go bhfuil blagadóirí ann a bhíos ag blagáil go rialta ag cur amach barúlacha ach nach dtéann a dhíospóireacht mar gheall orthu. Ní sin mar atá Concubhar agus sin an rud a bhí mé ag maíomh. An síleann tusa a Niamh go mbíonn blagadóirí go coitianta, taobh amuigh den tsuíomh seo, sásta dul chun spáirne lena dtrachtairí? An bhfuil mé contráilte ina thaobh sin? Is é an cur agus cúiteamh is beatha do shuíomh blagála ar bith dar liom agus cad é is fiú é a bheith ann ar chor ar bith mura bhfuil an duine ar leis an suíomh sásta an cur agus cúiteamh a dhéanamh?

    Freagra
  19. Mise Áine

    Go raibh maith agat as sin a shoiléiriú dom, a Shéamais.

    Roinnim mo thuairimí, agus roinntear tuairimí liom ar mo bhlag, agus bíonn díospóireacht ann, nuair is gá, agus bím féin páirteach sa phlé sin, nuair is gá.

    Scríobhaim, agus léim, faoi rudaí le suim agam féin iontu, agus is beag ábhar nach bhfuil suim agam iontu, ach tuigim nach gá go mbeadh tusa, ná aon duine eile, ag léamh chuile bhlag Gaeilge, ná chuile bhlag Béarla.

    Ní féidir liom barúil a thabhairt ar na blaganna sin nach léim, ach duine ar bith a fhágann trácht ar mo bhlagsa, faigheann siad freagra uaim, creidim.

    Níl a fhios agam an dtabharfá ‘dul i ngleic’ nó ‘dul chun spáirne’ ar an díospóireacht,ach bím páirteach ann, agus is dóigh liom go mbím ‘macánta’. Sin mo mhian, cibé scéal é.

    Maidir le ‘ ráitéasaí féinspéiseach’, ní dóigh liom gur ionann iad agus tuairimí pearsanta, ach tuigim anois céard a bhí i gceist agat.

    Bhain mé sult as an díospóireacht…;-)

    Freagra
  20. seamus mac seain

    Bhí mé ag dul in abar leis an cheann sin a Áine chaoín .GRMA as mé a scaoileadh ó dhualgas a mhínithe

    Freagra
  21. Niamh Uí Ruairc

    Ní bhíonn mé ag blagáil i nGaeilge, ach bíonn mé á léamh na blaganna éagsúla. Agus ceapaim go bhfuil tú contráilte. Ceapaim go bhfuil an comhluadar eatharthu.

    Freagra
  22. Seán Mór

    Níl mé ag iarraidh a bheith i mo bhall den Alliance Party anseo, ach tá beagán den cheart ag an dá thaobh anseo. Caithfidh mise a rá… agus is duine mé a léann thart fá 10 mblag go rialta, go mbíonn plé agus díospóireacht agus inchur ó údar an bhlag ar achan cheann acu, seachas ceann amháin, agus sin blag Ghearóid Mhic Ádhaimh, a dtugtar Léargas air. Ní blag Gaeilge é, cé go mbíonn corr-abairt ann. Bíonn plé agus díospóireachtaí ar siúl ag Mise Áine, The Pensive Quill, Smaointe Fánacha Aonghuis, An tOileánach Tréigthe srl. De ghnáth, is maith le blagadóirí tuairimí a chloisteáil agus de ghnáth tugann siad freagraí… seachas Léargas, nó in amannaí A Publisher’s Blog.

    Go minic, braitheann sé ar stíl scríbhneoireachta nó cuspóir an bhlagadóra. Tá blagádóirí ann a chuireann tuairimí agus smaointe an-suimiúla ar fáil, a gcuirim féin suim iontu, ach go ndéanann siad é ar bhealach ‘neamhchonspóideach’ cairdiúil, machnúil…. sin mar atá Mise Áine, Smaointe Fánacha Aonghuis agus An tOileánach Tréigthe go minic. Meallann an cur chuige seo comhrá agus plé, ach ní mheallann sé an chonspóid.

    Maidir le igaeilge, an pensive quill is blaganna den chineál sin… is claíomh níos mó ná méarchlár atá i lámha na scríbhneoirí. Tá an-chumhacht ag an chur chuige seo, sa mhéid is go meallann an chonspóid muid uilig, músclaíonn sé muid as ár suan laethúil, cuireann sé fearg orainn, nó áthas, nó mearbhall… agus níos minice ná a mhalairt, is iad freagraí na léitheoirí eile a spreagann chun pinn muid féin (mar a tharla domsa cúpla postáil ó shin ar an bhlag seo)…. sin an difear a tchím féin le igaeilge. Tá a fhios agam go gcreideann na blagadóirí eile gach focal a scríobhann siad, agus déarfainn go gcreideann Concubhar gach rud a scríobhann sé fosta, ach ní leor dó sin, caithfidh seisean é a scríobh ar bhealach a thugann dúshlán dúinn uilig… ní roinnt eolais ná smaointe atá idir lámha aige, i mo bharúil, ach ionsaí ‘iriseoireachta (???)’ ar ár suaimhneas intleachtúil?????

    arsa an fear a bhfuil blag ócáidiúil, tréigthe, leadránach aige……

    Freagra
  23. seamus mac seain

    imnreas ná uaigneas ár rogha a Sheáin Mhóir ach tá a fhios agam nach bhfuil rud ar bith chomh h-uaigneach leis an tost mhór agus go h áirithe ag cultúr atá ag troid ar son a bheatha. Craithimis suas é a Sheáin ach cá bhfuil na daoine óga easúmhla ar an mheán seo. Tá siad níos múinte ná Alliance féin. an bhfuil spriolladh ar bith sa ghlúin óg? Blag Gerry Adams a Sheáin níl ann ach féin íoladhradh na ba leis

    Freagra
  24. Mise Áine

    Tá na daoine óga ar Facebook agus ar Twitter, ceapaim, ach ba dheas iad a fheiceáil ag scríobh blaganna, go háirithe as Gaeilge.

    Tá áit in earnáil na mblaganna dúinn uile, a chairde, tráchtairí agus blagálaithe…:-)

    Freagra
  25. Eoghan

    Concubhar…ar smaoinigh tú post a fhail duit fhein?…. mar deirfinn go bhfuil sé uaigneach go leo do shui ar an claí gach lá ag caitheamh cac! Mar a deirtear sa bhearla…get over it…ta Gaelasceal againn agus le cuidiu Dé beidh ar feadh fada go leor..

    Freagra
  26. Ping: TG4, an Staighre Beo, Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s