Athchoimisiúnú an Choimisinéara Teanga

An Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin: Athcheaptha ar feadh tréimhse eile

An tseachtain seo chaite, deineadh fógra sa Dáil agus ritheadh rún chun athcheapadh d’aon ghuth a dhéanamh ar an gCoimisinéar Teanga le h-aghaidh an dara tréimhse sa phost sin.

De réir na dtuairiscí, ní raibh cead fiú diospóireacht a reachtáil agus, go béasach, votáil na Teachtaí Dála a bhí i láthair ar shon an athcheapachán.

Níl aon amhras orm go bhfuil an t-é a deineadh athcheapadh air, Seán O Cuireáin, cáilithe agus cumasach sa phost seo.  Ag an am chéanna, nior mhiste  liom diospóireacht a bheith ann faoin cheapachán agus faoin phroiseas cheapacháin agus faoin Oifig féin.

Ar an meán, mar sin, chosain sé €1,666 chun gach gearán a fhiosrú.

An bhfuil sé ar leas na teanga go mbeadh isteach is amach le €1m in aghaidh na bliana á chaitheamh ar an Oifig seo nuair atá eagrais atá ag déanamh tréan oibre ar an dtalamh, leithéidí Pléaracá mar shampla, i mbaol dhúnta ceal airgid?

Cad é an rud atá á bhaint amach ag an Oifig seo go díreach?  Nach bhfuil ann i bhfirinne ach acmhainn do channcráin na Gaeilge bheith ag seoladh gearáin faoi stat sheirbhísigh nach bhfreagraíonn litir i nGaeilge nó rud éigean cosúil leis agus nach bhféadfaí an fheidhm céanna a bhaint amach, athrú iompair, tre cothrom chlár Joe Duffy bheith ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bheadh sé níos saoire.  Bheadh airgead breise ag RnaG chun, abair, na h-aifreanntaí a thabhairt ar ais gach Domhnach.

Le sé bliana anuas, tá isteach is amach le €1m in aghaidh na bliana de mhaoiniú stáit faighte ag Oifig an Choimisinéara Teanga.   Anuraidh fuair an Oifig 600 gearán le fiosrú cé acu ar saraíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla nó nár deineadh.

An é seo an úsáid is fearr de €1m in aghaidh na bliana a fhéadfaí, b’fhéidir, caitheamh ar nithe éigean a bhaineann leis an Ghaeilge?  Cinnte beidh daoine a dhéarfaidh nach féidir bheith cinnte go gcaithfí an €1m sin ar an nGaeilge mura raibh sé á úsáid chun Oifig an Choimisinéara Teanga a mhaoiniú – ach dá mba rud é go raibh an eis sin ann,  cad é bhúr dtuairim?

D’fhéadfainnse smaoineamh ar go leor fiontair a fhéadfadh leas a bhaint as an €1m sin agus sasamh leanúnach a thabhairt do níos mó ná 600 Gaeilgeoir gach lá nó gach seachtain

Is cosúil go nglacfaidh sé breis is 20 bliain go mbeidh scéimeanna teanga aontaithe ag gach eagras atá luaite ar an sceideal san Acht.  Agus fán am sin beidh scuaine eile d’eagrais atá ag iarraidh sceimeanna nua a dhaingniú….

Dá mba rud é gur dhein Gaeilgeoirí iarracht níos mó seirbhísí a lorg ón Stat i nGaeilge, abair uair amháin sa bhliain, bheadh ar an Stát riar a dhéanamh ar an nGaeilge beag bheann ar Acht na dTeangacha Oifigiúla bheith ann nó as.

Is é an bealach is cinnte le seirbhís i nGaeilge a fháil ón Stát é a éileamh go dtí go bhfaigheann tú an seirbhís agus gan glacadh le leithscéalta.  Cuimhnigh go bhfuil  an Bunreacht ar do chúl!  Nílim ag caint ar cás cúirte a throid.  Ní gá ach a rá go bhfuil tú toiltheanach an easpa seirbhise a chur faoi bhráid na cúirte.

Níl i gceist le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ach gur srianú é ar na geallúintí a deineadh sa Bhunreacht agus níl in Oifig an Choimisinéara Teanga ach duile fige de mhaorláthas chun a chur ina luí orainn go nglacann an Stat lena dhualgaisí i leith na Gaeilge, ‘an chéad teanga oifigiuil’, agus go bhfuil siad ag comhlíonadh na dualgaisí céanna le croí mór maith.

Agus má chreideann tú sin, nach tú atá saonta.   Ná bí saonta, bhíos saonta trath mé féin.

Anois, mar is léir, tá mé soiniceach.

2 thuairim ar “Athchoimisiúnú an Choimisinéara Teanga

  1. johnmodonoghue

    €1m sa bhliain, cur amú airgead ag déanamh fiosrú gearáin faoi stáitseirbhisigh nách freagraíonn litreacha trí Ghaeilge.Tá mise ag obair sa stáit seirbhís agus mar chuid de na ciorruithe tá deireadh leis na ranganna ghaeilge an geimhreadh seo.Bheadh sé níos fearr ó thaobh luach airgid de an t-airgead a chaitheamh ar foghlaim na ghaeilge, ní ar bheith ag fiosrú stáitseirbhisigh.Is é an cleasaíocht a bhionn ar siúl ag na polaireoirí na ag iarraidh chur in iúil orainn go bhfuil rud éigean a dheanamh acu chun leas na gaeilge.Is é an cleasaíocht seo an cúis gur éirigh George Lee as an bpolataíocht.

    Freagra
  2. aonghus

    Mar duine a chuir ceisteanna faoi bhráid an Choimisinéir uair nó dhó sílim go bhfuil luach mo chuid cánach á fháil agam. (Mar a tharlaíonn sé, na Coimisinéirí Ioncaim a bhí i gceist sna cásanna ina rinne mé gearáin). Tá daoine díograiseacha san Státseirbhís atá ar son na Gaeilge – ach ní dhéanfaidh an córas aon rud nach bhfuil leagtha síos de réir dlí.

    Ní leor bagairt na cuairteanna, ná fiú na fasaigh atá ann cheana. Troidfidh an maorlathas agus fios acu go n-éireoidh an chuid is mó againn as, agus gur fusa na daoine le díograis a bhrandáil mar chancráin. Tar éis an tsaoil, nuair a bhíonn seirbhís de dhíth ort ní thig leat fanacht go lá Seoin Dic, agus cromfaidh tú ar an mBéarla chun an rud a fháil réitithe.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s