Imeacht George Lee ina dhroch-scéal don pholataíocht

George Lee, iar TDBhain an fhorogra go raibh George Lee ag eirí as an pholataíocht an oiread de phreab asam inniu is gur bhain an scéal go raibh sé ag liostáil le Fine Gael níos lú ná bliain ó shin.  Buile é d’Fhine Gael é gur fhag an réalt seo an pháirtí chomh gasta agus ar liostáil sé leo agus beidh ceisteanna á chur anois [nó á n-árdú ag TG4!] faoi cheannaireacht an pháirtí.

An chúis a thug an iar TD go raibh sé tar éis eirí as, nár tugadh deis do páirt gníomhach a ghlacadh sa pháirtí agus an saineolas atá aige ar chúrsaí eacnamaíochta a chur i bhfearas chun laigí chur chuige an Rialtais a chur ós comhair an phobail go soiléir.

Frustachas sa deireadh a thug air eirí as.

Cad a deir seo faoin pholataíocht sa tír seo, go bhfuil daoine fónta á chur ó dhoras ag pairtithe pholatúla de bhrí go bhfuil na daoine istigh sa pháirtí in éad leis an gcuach nua sa nead?  An siopa dúnta an pholataíocht, iata ón dtaobh istigh ag an dream atá i gcumhacht le cinntiú nach mbainfear a suíocháin compórdacha uatha?

Anois níos mó ná riamh tá gá le daoine fónta teacht chun tosaigh agus páirt a ghlacadh sa phroiseas pholatúil sa tír seo.  Má táimid chun rudaí a athrú ó bhonn – agus tá athrú ó bhonn ag teastáil i bhfianaise an chiolar chiot ar fuaid na tíre de bharr an mí riail le blianta fada – léiríonn eachtra George Lee nach bhfuil an rogha sin, liostáil le páirtí atá ann theana féin, ar fáil.

Ní mór, mar sin, machnamh a dhéanamh ar pháirtí nua a thosnú.

Is é mo bharúil go bhfuil gá le Páirtí nó, níos fearr fós, Gluaiseacht chun tabhairt faoi na h-athruithe atá gá leo i rialú na tíre seo.   Tá gá le h-athruithe sa chur chuige i go leor réimsí, an Ghaeilge/an Ghaeltacht san áireamh.    Má theastaíonn uainn athruithe a chur i bhfearas, caithfimíd páirt a ghlacadh sa phroiseas pholatúil – ach an bhfuil sé réasúnta a cheapadh gur féidir linn rud éigean a dhéanamh ar ár dtéarmaí seachas glacadh leis an tigh leath slí, an athrú ón dtaobh istigh.

Bhí diospóireacht/argóint/plé spéisiúil agam le fear gníomhach an oíche dheireannach.  Fear a bhunaigh Gaelscoileanna agus eile. Fear a sheinneann le grúpa ceoil aitheanta.

Bhí mé ag ceol mo phort féin, faoi chúrsaí aistriúcháin is eile, agus bhí seisean ag cur an chás ar shon na ‘cathanna éagsúla atá buaite go dtí seo’.  Dar leis gur buanna iad Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Choimisinéir Teanga, Stadas Oifigiúil san Eoraip…..creidimse gur céimeanna mór ar chúl iad, nach gcuireann siad an oiread le h-úsáid na Gaeilge agus a chuireann siad leis an maorláthas teanga.

Tuigim an cás atá á dhéanamh ag mo chara – agus atá déanta ag go leor eile – ach ag an am chéanna caithfidh duine éigean seasamh san fhasach, más gá, chun a rá ós árd go bhféadfadh rudaí bheith níos fearr.   Tá gá leis an bhéim a bheith ar úsáid na teanga seachas ar mhaorláthas na teanga.    Ach tá an teanga anois, ar nós gach réimse eile den saol, faoi smacht an mhaorlaithis.  Is ar mhaithe an mhaorláithis atá rudaí á dhéanamh.

Má deirtear, mar shampla, gur airgead amú é an t-airgead atá á chaitheamh ar na h-ionstraimi reachtúla a aistriú go Gaeilge – costas suas go €3m – trath go bhfuil an statchiste in ísle brí agus gur cheart an t-airgead a chaitheamh ar leabhair scoile i nGaeilge ina áít sin, is é an freagra a thugtar dom: Ní é sin an bealach a oibríonn cúrsaí, má chinntear gan an €3m a chaitheamh ar na h-ionstraimí reachtúla, d’fhéadfadh an airgead sin dul in áit eigean eile seachas an Ghaeilge.

Sin léiriú ar an smacht atá ag maorláthaigh ar an dteanga – tá siad tar éis a chur ina luí orainn nach bhfuil ach bealach amháin, an bealach a roghnaíonn siad, chun rudaí a dhéanamh agus tá an chóras ar fad curtha in oiriúint chun an meoin sin a dhaingniú.

Níl aon spás sa phroiseas seo don chuach a deir go bhfuil bealaí eile ann.   Bealaí a fhéadfadh a bheith níos fearr, níos eifeachtaí agus nach mbeadh an oiread san costas ag baint leis.

3 thuairim ar “Imeacht George Lee ina dhroch-scéal don pholataíocht

  1. aonghus

    Réabhlóid atá á éileamh agat!

    Ach ní ar na páirtithe amháin atá an locht, ach ar an bpobal. Is fíor go bhfuil inneall éifeachtacht ag na páirtithe – go háirithe Fianna Fáil – ar an gcóras a fhágann caol seans ag an gcadhan aonair nithe fónta a chuir chun cinn.

    Ach bhí George Lee saonta má cheap sé go raibh sé chun dul chun cinn a dhéanamh i bpáirtí – go hairithe agus beirt phearsa láidir san páirtí ina Dháilcheantar cheana. Rinne sé an jab a bhí ó Fhine Gael uaidh, fothoghchán a bhaint, agus sin sin.

    Ceist eile ar fad conas is féidir marbhfháisc an cinseal san maorlathas a bhriseadh, i leith na Gaeilge agus i leith gnéithe eile. Ní leor comhdhéanamh na Dála a athrú. Sráid Muirfean suí na cumhachta, ní Teach Laighean.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    “go bhfuil na daoine istigh sa pháirtí in éad leis an gcuach nua sa nead”?curtha go deas agat a Choncubhair.Is mór an chailliúint George Lee ach ní hé an céad fear macánta idé-eolaíoch go raibh air éirí as an bpolaitíocht.Is cuimhin liom Míchaél Ó Conaill an peileadóir cluimhteach as Oileán Dairbhre a bhí mar comhairleoir chonntae i gCiarraí tráth. Dúirt sé gur éirigh sé as mar gur cleasaíocht is mó a bhionn ar súil idir na pairtithe polaitíochta.Tá gá le h-athchóiriú iomlán ar an gcóras polaitíochta agus an slí ina feidhmíonn an Dáil, fiú bunú páirtí nua san áireamh.

    Freagra
  3. Aodán Ó Sé

    Is beag is fiú bheith ag smaoineamh ar pháirtí úr a bhunú; féach ar stair a leithéid sa Dáil ó 1922 i leith. Iad go léir i n-éag tar éis tamaill ghearr, nó slogtha ag ceann de thrí míolta móra na polaitíochta (FF, FG agus LAB). É sin ráite, is beag foighne abhí ag George úd chun FG a leasú nó tionchar a imirt air.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s