Fuaireas an r-phost seo ó Mhícheál O Máirtín ar maidin inniu ag iarraidh orm, i mBéarla amháin, votáil don Chonradh seo agus, anuas ar sin, ag lorg €20 uaim ar son an fheachtais a mhaíonn siad bheith ar siúl acu ar son an Chonartha.
A leithéid de ráiméis. Níl aon feachtas ar siúl ag Fianna Fáil – nó ag aon pháírtí eile – seachas ar na meáin agus is beag an dealramh atá le sin. An oiread is nach é Mícheál O Mairtín a sheol an r-phoist chugam, seachas feidhmeannach íseal i gcomhlacht Blue State Digital i Meirceá, níl bun nó barr leis an bhfeachtas bréagach seo.
D’oibrigh feachtas den chineál seo do Bharack Obama – ach ní h-ionann Fianna Fáil agus Barack Obama.
Tá an chuma ar an Rialtas go bhfuil sé ag titim as a cheile agus an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, ag tabhairt le fios nach luíonn go leor moltaí i dTuairisc an Bhord Snip le ciall. Gan amhras níl ciall leo ach sa mhéid is go gcaithfear teacht ar €5bn in áit éigean i mbliana agus an méid céanna arís i 2010 agus i 2011.
Conas a dheinfear sin gan coigiltis a chur i bhfeidhm, níl a fhios agam.
Ar aon nós, léiríonn an méid a bhí le rá ag Máire Ní Chochláin inné go bhfuil dóchas ann do na grúpaí feachtais éagsúla atá buartha faoi thua Mhic Charthaigh a bheith ag titim ar a n-earnálacha.
Gan amhras tá an Roinn Airgeadais tar éis freagra a thabhairt ar na ceisteanna a thóg chaint Uí Chochláin – ach tá an praiseach ar fuaid na miasa anois.
Caithfidh na polaiteoirí fáil réidh leis na “merks agus perks” chun go mbeidh aon stadús acu chun na ciorruithe a dheanamh faoi Thuairisc MhicCharthaigh.Ní doigh liom go mbeidh an díongbhailteacht iontú chun é sin a dheanamh.Níl i imeon Uí Choclain, Ó Chuív agus Cullen ach tosach na catha.Tabharfaidh sé misneach do lucht feachtasaíochta chur igcoinne na ciorruithe agus go farthearma deanfaidh sé rudaí níos measa don rialtas.