Cartlanna Clibe: Conradh Liospóin

Mí-bhuíochas an Aontais agus na pótaí ór

Cad é mar luach saothair?   Is beag an buiochas atá ag aos rialtais na hEorpa do phobal na tíre seo as ucht an Vóta ‘Tá’ ar son Chonradh Liospóin beagán sa bhreis ar bhlian ó shin anois.

Nó is airde an ráta úis atá an Aontas Eorpach ag gearradh ar an dtír seo don iasacht chun sinn a thabhairt as an sáinn ina bhfuilimíd ná an ráta úis atá an IMF ag gearradh orainn.   Is bocht an scéal é seo ó Bhanc Ceannais na hEorpa a thug na billiúin Euro ar iasacht dár mbainc amhail is go raibh siad ag dáileadh fuiscí ag torramh.

Ar Primetime anocht tá na maithe móra – leithéidí an Ollamh Brigid Laffan – a mhol dúinn votáil ar son Chonradh Liospóin sa reifreann anuraidh agus árú anuraidh míshuaimhneach faoin chasadh is déanaí ar dhearcadh na hEorpa

Bhios féin idir dhá stól maidir leis an dara reifreann – ach sa deireadh dhiultaigh mé don tairiscint.  Is ar a leas féin atá Aontas na hEorpa agus aon rud a fuaireamar uatha – roinnt billiún Euro – dhíolamar go daor as lenár stoc iasc, mar shampla.

Anois tá an tAontas Eorpach iompaithe ina Aontas Dhé Shruthach – an rud a dúradh linn go dtarlódh mura nglacfaimís le Conradh Liospóín – agus tá Éire sa dara shruth.

David McWilliams

David McWilliams - an bhfuil tú ar an dtaobh istigh nó ar an dtaobh amuigh?

Tá fuíollach rudaí ar féidir a rá anois faoi sin.  Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cheangal seo leis an Aontas Eorpach leataobhach ar son an Aontais agus tá sé amhlaidh de bhrí go raibh agus go bhfuil ár polaiteoirí agus ár stat sheirbhísigh ró mhór faoi chomaoin ag an AE, iad cosúil le rialtóirí iar choilín i gcúirt na sean maistrí.   Nó mar a dúirt David McWilliams, an eacnamaí, ag an seó, Outsiders [atá ar chamchuairt ar fuaid na tíre, bhí siad cosúil leis na páistí a ligeadh isteach sa ‘seomra maith’ agus ná raibh fonn orthu bheith curtha as.

Ceist a chuirim anseo: tá an margadh atá déanta ag leagadh coinniollacha diana ar gach duine. Mar shampla beidh orainn obair go dtí go mbeimíd 67 nó 68 – sin ceann de na coinniollacha.   [Agus tá muintir na Frainnce imithe ar stailc de bharr gur ardaíodh aois an phinsin ó 60 go 62].   Inniu d’fhogair an Aire Dlí agus Cirt, Dermot Aherne, nach mbeadh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile ar chúinsí sláinte agus pearsanta.

Nior luaigh sé ina chaint go mbeadh sé ag fáíl €125,000 mar íocaíocht ar eirí as na Dála do, mar chúiteamh ar an 23 bliain a raibh sé ina TD, agus go mbeadh pinsin bliantúil aige de €128,000.  Anois sin luach saothair (nó rud éigean cosúil le sin).  Beidh a phinsin níos mó ná tuarastal TD.  Go deimhin, caithfidh sé eirí as chun teacht ar an bpota óir seo.

Nach bhfuil sé aisteach, agus an tír i lár eigeandála eacnamaíochta, go bhfuilimíd ábalta mar shochaí an oiread san airgid a íoc le duine atá ag imeacht ar a phinsin agus gan é ach 55 bliain d’aois. Beidh ar an gcuid eile againn – agus beidh ar ár bpáistí – obair go dtí go mbeimíd 68 chun íoc as a leithéid de chinealtacht.  Nílim in éadan daoine a bheith ag dul ar phinsean luath – ach tá seo ag dul thar fóír.  Tá na raflaí ag scaipeadh go mbeidh a thuilleadh airí – leithéidí Noel Dempsey agus Mary Harney – sna sála ar Aire Cho. an Lú agus iad ag bailiú an phóta óir ar a mbealach abhaile.  Ní h-aon íontas.

Conas atá an IMF agus an Aontas Eorpach ábalta seasamh le margadh mar seo?  Ní chuireann sé faic i gcuimhne dhom ach na íocaíochtaí cama a fhaigheann ceannairí na n-iar choilíní ina gcúntais féin ó chomhlachtaí nó tíortha chun tús áite a thabhairt do ghnó nó do thír i gcúrsaí trádála idirnáisiúnta.

Tá an robáil a deineadh ar Bhanc an Tuaiscirt – agus atá luaite go fóíll leis an IRA – in áit na leathphingine i gcomparáid leis an gcreachadh atá á dhéanamh ag polaiteoirí, bainc is eile ar an dtír inniu.

B’fhiú go mór do dhaoine atá á léamh seo dul chuig “Outsiders”, léiriú den scoth.  Caithfidh mé a rá gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm nuair a bhí mé féin agus mo bhean i láthair don seó san Everyman i gCorcaigh oíche Dé Domhnaigh, oíche amuigh chun comóradh a dhéanamh ar 11 bhliain d’ár bpósadh.

An vóta agus na ceachtanna atá le foghlaim

Tá an reifreann ar son Chonradh Liospóin buaite – nó caillte – ag brath ar do dhearcadh.   Agus is é an toradh amháin cinnte ar an vóta seo: ní bheidh aon vóta eile in Éirinn ar reifreann a bhaineann le ceist faoin Aontas Eorpach.

B’fhéidir nach bhfuil sin fíor, fiú.  Nó má chuireann Poblacht na Seice moill ar an dearbhú go dtí go mbeidh olltoghchán sa Bhreatain.  Má tharlaíonn sin, beidh reifreann sa tír sin  – nó sin atá geallta ag David Cameron, ceannaire na gCaomhach atá chun tosaigh sa choimhlint pholatúil sin faoi láthair, agus má théann an Bhreatain in éadan an Chonartha, bhuel beidh sé deacair a fheiscint an leanfaidh an Aontas le tionscnamh Liospóin.  Murab ionann agus an tír seo, tugann an Bhreatain níos mó airgid don Aontas ná mar a fhaigheann si.

Má tá aon solás le baint ón toradh seo, go bhfuair lucht an UKIP agus a gcomhthaistealaithe, Sinn Féin, freagra diultach.

Gan amhras, chaitheas féin mo vóta in éadan an Chonartha.  Thar aon ní eile, ní raibh mé sásta go mbeadh an dara vóta ar an gConradh céanna tar éis go raibh vóta chomh cinniúnach ann anuraidh.

Ritheann sé liom nach mbeadh rialtas Fhianna Fáil – agus a leath bhadóirí sa Chomhaontas Glas – chomh tapaidh ag tabhairt an dara seans don phobal le h-Olltoghchán, fiú is gur léir go bhfuil bá an phobail caillte go h-iomlán acu thar mar a bhí acu dhá bhliain ó shin nuair a bhí an Olltoghchán ann go deireannach.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón reifreann seo.  Is féidir eagla a chur ar an dtoghlach le bagairtí agus le h-imeaglú – agus b’shin an rud a dhein lucht ‘Tá’ leis an gcaint a bhí acu go ndeinfí immeallú orainn dá dtabharfaimís an dara ‘Níl’ do Liospóin.  Ní raibh lucht ‘Níl’ thar moladh beirte lena gcaint faoi ginmhilleadh agus conscríobh ach an oiread.

Ceacht cinnte atá le foghlaim ag pobal na Gaeilge gur féidir le grúpaí nach pairtithe polatúla tionchar a bheith acu.  Bhunaigh leithéidí Pat Cox agus Olivia Buckley grúpaí a thug tacaíocht nach beag don fheachtas ar son ‘Tá’ agus ní aibhéil a rá nach dócha go lagóidh seo a dtionchar amach anseo.

Tá sé maith go leor bheith ag bunú gluaiseachtaí ar nós ‘Guth na Gaeltachta’ chun cur in aghaidh giorruithe atá molta i dTuarascáil McCarthy – cé acu an bhfuil an cnamhdroma ag an Rialtas na ciorruithe sin a chur i bhfeidhm sin ceist eile – ach caithfear trathchlár dearfach a léireoidh gur ionann leas na Gaeilge agus leas na tíre (go h-iomlán) a chur i láthair agus níl sin déanta go h-eifeachtach ag aon dream go fóill.

Táim ar mo shaoire i gCeatharlach – mar sin slán go fóill…..

Fianna Fáil – páirtí gan náire

ffyesnoFuaireas an r-phost seo ó Mhícheál  O Máirtín ar maidin inniu ag iarraidh orm, i mBéarla amháin, votáil don Chonradh seo agus, anuas ar sin, ag lorg €20 uaim ar son an fheachtais a mhaíonn siad bheith ar siúl acu ar son an Chonartha.

A leithéid de ráiméis.  Níl aon feachtas ar siúl ag Fianna Fáil – nó ag aon pháírtí eile – seachas ar na meáin agus is beag an dealramh atá le sin.   An oiread is nach é Mícheál O Mairtín a sheol an r-phoist chugam, seachas feidhmeannach íseal i gcomhlacht Blue State Digital i Meirceá, níl bun nó barr leis an bhfeachtas bréagach seo.

D’oibrigh feachtas den chineál seo do Bharack Obama – ach ní h-ionann Fianna Fáil agus Barack Obama.

Tá an chuma ar an Rialtas go bhfuil sé ag titim as a cheile agus an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, ag tabhairt le fios nach luíonn go leor moltaí i dTuairisc an Bhord Snip le ciall.  Gan amhras níl ciall leo ach sa mhéid is go gcaithfear teacht ar €5bn in áit éigean i mbliana agus an méid céanna arís i 2010 agus i 2011.

Conas a dheinfear sin gan coigiltis a chur i bhfeidhm, níl a fhios agam.

Ar aon nós, léiríonn an méid a bhí le rá ag Máire Ní Chochláin inné go bhfuil dóchas ann do na grúpaí feachtais éagsúla atá buartha faoi thua Mhic Charthaigh a bheith ag titim ar a n-earnálacha.

Gan amhras tá an Roinn Airgeadais tar éis freagra a thabhairt ar na ceisteanna a thóg chaint Uí Chochláin – ach tá an praiseach ar fuaid na miasa anois.

Conradh Liospóin: Tá nó Níl?

Táim chun votáil in éadan Chonradh Liospóin in ainneoin go bhfagann sin mé sa champa céanna le UKIP agus Sinn Féin, uber náisiúnaithe na Breataine agus na hÉireann faoi seach.    Nach aisteach na ceillí leapan iad [sinn]?  Dá léifeá an eagarfhocal san Irish Times inniu, bheithfeá den tuairim gur eagarfhocal in An Phoblacht nó fiú Saoirse a bheadh á léamh agat nó tá an teachtaireacht ‘Brits Out’ chomh soiléir sin ann!

Tá’s agam go bhfuil an tir seo tar éis leas mór a bhaint as an gceangal leis an Aontas Eorpach ach ní h-ionann sin is nár iocamar praghas árd ar sin.  Cuir ceist ar na h-iascairí!  Nó na feirmeoirí beaga!

Ach sa deireadh thiar, is ceist daonláthach í seo.  Má tá Conradh Liospóin chomh tabhachtach sin do thodhchaí an Aontais, ba cheart go mbeadh gach votóir san Aontas i dteideal votáil air.  Ach ní h-amhlaidh atá – creidim go bhfuil an cúram ormsa agus a thuilleadh nach mé guth a thabhairt don amhras atá orm féin agus, le cois sin, amhras an dream atá fágtha gan guth. 

Go fóill níl aon duine tar éis an cás a dhéanamh liom cén fath gur cheart dom votáil ar son an Chonartha céanna a dhiultaigh mé do anuraidh.  Cén rud atá éagsúil anois?  An bhfuil an Chonradh athruithe?   An fiú tada na ‘barántais’ atá faigthe ag an Rialtas ar ár son ó cheannairí rialtais éile nuair nach bhfuil siad scríofa sa Chonradh? 

Má votáilim in éadan Liospóín,an vóta in éadan Aontais na hEorpa é?   Ní h-é in aon chorr.  D’fhéadfaí argóint gur vóta é ar son Aontas nios fearr agus níos daonláthaí.    Nach é sin an rud atá ag teastáil uainn go léir!

An gcruthófar aon post breise de bharr votá ‘Tá’?   Níl a fhios agam seachas go gcruthófar postanna sa bhreis do mhaorlathaigh.  Agus gan amhras tá maorláthaigh ag teastáil i gcónaí!

An mó post a chaillfear má votáiltear ‘Níl’?   Nó an gcaillfear post ar bith, sa bhreis ar na postanna atá á gcailliúint i rith an ama de bharr mí bhainistiú an gheilleagair? 

Ní théann teachtaireachtaí ar phostaeir ar nós ‘Stronger with Europe’ (FF) nó Vote Yes to Europe, vote yes to jobs (FG) i bhfeidhm orm.  Ní chreidim na bréaga atá ar phostaeirí Cóir ach an oiread.   Ag an am chéanna, tá an oiread sin amhrais orm faoin Chonradh féin agus faoin bhearna daonláthach atá ann idir Aontas na hEorpa agus pobal an Aontais.

Seo seans leis an bearna sin a chungú.

Reifreann Liospóin – Níl Gaeilge eigeantach…níl sí de dhith ar chorr ar bith!

 

Mo leagan den phostaer Béarla

Mo leagan den phostaer Béarla

Agus mé ar an mbóthar inné, thug mé faoi ndeara roinnt postaeir timpeall chathair Chorcaí faoin ath-imirt ar Reifreann Liospóín a bheidh ann mí ón lá inniu.  Postaeir ag moladh vóta ‘Níl’ a bhí crochta ag an bhfeachtas grúpa, Cóir, a bhí ann.  Ar cheann acu tá an manna ‘They Died For Our Freedom – Don’t Throw It Away” agus griangrafanna de cheannairí an Eirí Amach,  Pádraig Mac Piarais, Tomás  O Cléirigh agus Séamus O Conghaile. Teachtaireacht cumhachtach – teachtaireacht i mBéarla amháin in ainneoin go bhfuil sé ag liostáil Pádraig Mac Piarais, Gaeilgeoir dílis, san fheachtas in éadan an Chonartha seo.

 

Tá an claonadh ionam votáil i gcoinne Chonradh Liospóin – níl fonn orm m’intinn a athrú ón uair dheireannach ar votáil mé ar an gceist seo.   Ag an am chéanna, nuair nach bhfuil aitheantas d’aon tsort á thabhairt do mo theanga dhúchais i bpostaeirí Cóir, ar shuíomh idirlín an eagrais, agus cuireann sin olc orm. 

 

Tá an claonadh ionam votáil i gcoinne Chonradh Liospóin – níl fonn orm m’intinn a athrú ón uair dheireannach ar votáil mé ar an gceist seo.   Ag an am chéanna, nuair nach bhfuil aitheantas d’aon tsort á thabhairt do mo theanga dhúchais i bpostaeirí Cóir, ar shuíomh idirlín an eagrais, agus cuireann sin olc orm. 

coirsuiomhAr ndóigh ní ar thaobh ‘Níl’ amháin atá an neamairt.   Fuair mé teachtaireacht r-phoist ar maidin ón Aire Ghnóthaí Eachtracha, Micheál O Máirtín, tugann an r-phost an méid sin le fios ar aon nós, i mBéarla amháin ag moladh dom votáil ar son an Chonartha.  Tá’s agam gur cainteoir brea Ghaeilge an Aire agus, mar sin, ní thuigim cén fath nach féidir le teachtaireacht agus a ainm luaite leis an Ghaeilge a úsáid, fiú cúpla abairt. 

Ar shuíomh fheachtais Fhianna Fáíl, suíomh atá ‘Stronger With Europe’ mar ainm air, níl focal Ghaeilge ach an oiread.   Os rud é go maíonn FF gurb é an pháirtí ar eirigh leis aitheantas mar theanga oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach – pé fiúntas atá le sin, níl a fhios agam anois – ní thuigim cén fath nach seasann an pháirtí leis an nGaeilge ina gcuid litríochta a bhaineann leis an bhfeachtas fíor Eorpach seo.

fiannafailbearlaIs cosúil gur teanga í an Ghaeilge nach bhfuil ‘úsáideach’ do lucht pholataíochta ar an dhá thaobh den argóint.  B’fhéidir go mbeidh orm féin eagras a bhunú – Gaeil ar son Liospóín agus Gaeil in éadan Liospóin – chun a thabhairt le fios do na polaiteoirí nach bhfuil spéis againn ina dteachtaireachtaí aonteangacha. 

Ní fhaca mé postaer ar bith ar son an Chonartha go fóíll, ag páirtí ar bith.   Níl duine ar bith tagtha chomh fada liom ag lorg mo vóta agus más aon teist an fheachtas a bhí ann anuraidh, ní thiocfaidh.   Níl aon fonn ar chos shaighdiúirí Fhianna Fáil – nó baill na bpairtí eile – dul ar an gcanbhas ar son Liospóin agus an tír ina bponc ina bhfuilimíd sáinithe faoi láthair. 

Cén slí a cheapann aon pháirtí go meallfaidh siad mé chun votáil ar son – nó in éadan – an Chonartha seo mura dtagann siad chomh fada liom nó mura labhraíonn siad liom i mo theanga féin, teanga oifigiúil na tíre seo agus teanga oifigiúil freisin de chuid an Aontais Eorpaí.