Lá le Arthur! Bah! Humbug!

GaeilgeGuinness

An oiread is nár chreid Ebenezer Scrooge i spiorad na Nollag, ní chreidimse sa chac seo atá á dhoirteadh amach ag na meáin faoi Arthur Guinness agus an cheiliúradh 250 bliain ar bhunú grudlann Naomh Shéamuis i 1759.

Is mó piúnt Guinness a bhí agam im shaol – ach de bharr nach féidir bheith cinnte go bhfuil an chaighdeán céanna ag piúnt in aon dhá thabhairne – táim tar éis eirí as le cúpla bliain anois.  Ceannaíodh piúnt dom sa Hilton i mBéal Feirste agus de bharr go raibh sé chomh h-ainnis sin, d’eirigh mé as ar fad.

Ar ndóigh ní bheadh an oiread sin gleo faoi Guinness agus Lá le Arthur ar na meáin ach go bhfuil na millliún Euro á chaitheamh ag an gcomhlacht ar an mhargaiocht ar son na h-ocáide.

Níl aon brí leis an chaint seo faoi ‘Happy Arthur’s Day’ agus ‘1759’ seachas iarracht na comhlachta a thairgíonn an leann dubh seo an oiread agus is féidir a dhíol inniu agus go ceann cúpla lá.

É sin ráite, b’fhéidir go mbeidh mé i dtigh tabhairne anocht agus mé ar mo shlí go Gaillimh chun bheith páirteach in imeacht faoi chúrsaí riomhaireachta is idirlín atá á reachtáil ag Glór na nGael ag ceannaras Udarás na Gaeltachta sna Forbacha amarach.

Ach ní bheidh mé ag ól Guinness…. ní bheidh ná baol air.

4 thuairim ar “Lá le Arthur! Bah! Humbug!

  1. Ping: Lá le Arthur! Bah! Humbug!

  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    B`fhearr cloí le Murphys chun éachtaí na gCorcaiodh a cheiliúradh !!!!

    Freagra
  3. Paul

    Bhí mé i Stockholm na Sualainne an lá céanna – cúpla nóiméad roimh 17h59, chuala mé ceol “gaelach” ag teacht amach ó Phub “gaelach”, – bhí grúpa ceoltóirí “gaelach” ag dúnmharú ‘the lonesome boatman’ agus amhráin éagsúla – shiúil mé ar aghaidh agus d’ól mé gloine beorach dheas Sualannacha.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s