Feachtas in éadan Bord Snip ag géarú

bordsniplogo

Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an manna nua atá á n-úsáid ag eagrais Ghaeltachta atá ag cur in éadan Bord Snip agus a mholtaí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta liom.      Is íomhá laidir an ‘Cosc ar Sciosúir’ agus braithim dóchas in eirí na gréine.  Glacaim leis go bhfuil baint ag mo shean chomhleacaí ag Lá Nua, Caomhán  O Scolaí, leis an íomhá seo. 

Mar atá ráite agam roimhe, tá gá le cur chuige éagsúil anseo le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht níos fearr as sa deireadh thiar.     Tá go leor rudaí caite isteach sa phota ag lucht an fheachtais seo – agus cuid acu b’fhearr iad a fhagaint ar leataobh. 

Ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil eigeandáil sa tir faoi láthair, stoirm foirfe d’eigeandáil, agus nach féidir le pobal na Gaeltachta seasamh lasmuigh den eigeandáil sin mar ‘phobal ar leith’.   Caithfimíd a léiriú go bhfuilimíd an oiread is gach éinne eile ag iarraidh an tír a tharraingt amach as an dhuibheagán, duibheagán inar fhag an Rialtas mí-chúramach linn. 

Liosta le h-áireamh iad na rudaí a chuirfear deireadh leo – de réir Pléarácá ar aon nós. 

Is é an rud a cheapaimse atá mícheart leis an anailis atá ag Pléarácá go gcreideann siad gur ‘pobal ar leith’ pobal na Gaeltachta agus go gcaithfidh sé bheith imdhíónaithe ar na gciorruithe.  

Is é an rud a chaithfear béim a leagadh air, dar liom, na nithe fónta a choimead (Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge aka Deontas na mBan Tí)  agus na rudaí chothaíonn deighilteanna idir pobal na Gaeltachta agus an pobal mór, Scéim Labhairt na Gaeilge, An Deontas Tithíochta is a leitheid, a chur ar ceal.  

Ní fheictear dom go bhfuil aon ról fiúntach ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair – ach tá sé thar a bheith tabhachtach, dar liom, go gcosnaítear Udarás na Gaeltachta.   

De réir an tsuirbhé eisteoirí a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí, tá lucht éisteachta 45% ag an staisiún i gceantar Chonamara.  Go fóill, áfach, níl fograiocht díolta ar an staisiún.   Cén fath nach lorgaíonn an staisiún airgead ar fhógraí seachas ciorruithe a dhéanamh ar an sceideal? 

Déarfaidh mé an rud atá ráite agam roimhe in athuair anseo.   Ní sheasfaidh an Ghaeltacht mar atá sé.  Tá gá práinneach le h-athshamhlú a dhéanamh ar an nGaeltacht.   Tuigim nach dtacaíonn sciar de phobal na Gaeltachta le seo nó tá eagla ar dhaoine faoin rud a tharlóidh de bharr an athshamhlú seo.  Creidimse, áfach, gur lú an dainséar do phobal na Gaeltachta ón chur chuige nua a leanfadh athshamhlú macánta ná ó leanúint leis an Status Quo….

2 thuairim ar “Feachtas in éadan Bord Snip ag géarú

  1. séamus Mac Seáin

    ba fhear Gaeltachta go smior é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir a chreid go huile agus go hiomlán sa Ghaeltacht agus d’oibrigh sé go dian ar a son.Níl a fhios agam an dtiocfadh le duine ar bith a rá nach raibh an ceart aige nuair a dúirt sé 40 bliain ó shin “ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Gaeltacht gan í a theacht arais sa chuid eile den tír” An raibh an ceart aige meas sibh?

    Freagra
    1. aonghus

      Bhí!

      Ceist eile conas, nó i cén grád. Ba leor an eithne láidir a labhair Tomás Mac Siomóin air i ó Mharsa go Magla.

      Tar éis an tsaoil, cinnireacht áitiúil an difir idir Gaeltacht láidir agus lag, feictear dom.

      Freagra

Freagra