Conradh Liospóin: Tá nó Níl?

Táim chun votáil in éadan Chonradh Liospóin in ainneoin go bhfagann sin mé sa champa céanna le UKIP agus Sinn Féin, uber náisiúnaithe na Breataine agus na hÉireann faoi seach.    Nach aisteach na ceillí leapan iad [sinn]?  Dá léifeá an eagarfhocal san Irish Times inniu, bheithfeá den tuairim gur eagarfhocal in An Phoblacht nó fiú Saoirse a bheadh á léamh agat nó tá an teachtaireacht ‘Brits Out’ chomh soiléir sin ann!

Tá’s agam go bhfuil an tir seo tar éis leas mór a bhaint as an gceangal leis an Aontas Eorpach ach ní h-ionann sin is nár iocamar praghas árd ar sin.  Cuir ceist ar na h-iascairí!  Nó na feirmeoirí beaga!

Ach sa deireadh thiar, is ceist daonláthach í seo.  Má tá Conradh Liospóin chomh tabhachtach sin do thodhchaí an Aontais, ba cheart go mbeadh gach votóir san Aontas i dteideal votáil air.  Ach ní h-amhlaidh atá – creidim go bhfuil an cúram ormsa agus a thuilleadh nach mé guth a thabhairt don amhras atá orm féin agus, le cois sin, amhras an dream atá fágtha gan guth. 

Go fóill níl aon duine tar éis an cás a dhéanamh liom cén fath gur cheart dom votáil ar son an Chonartha céanna a dhiultaigh mé do anuraidh.  Cén rud atá éagsúil anois?  An bhfuil an Chonradh athruithe?   An fiú tada na ‘barántais’ atá faigthe ag an Rialtas ar ár son ó cheannairí rialtais éile nuair nach bhfuil siad scríofa sa Chonradh? 

Má votáilim in éadan Liospóín,an vóta in éadan Aontais na hEorpa é?   Ní h-é in aon chorr.  D’fhéadfaí argóint gur vóta é ar son Aontas nios fearr agus níos daonláthaí.    Nach é sin an rud atá ag teastáil uainn go léir!

An gcruthófar aon post breise de bharr votá ‘Tá’?   Níl a fhios agam seachas go gcruthófar postanna sa bhreis do mhaorlathaigh.  Agus gan amhras tá maorláthaigh ag teastáil i gcónaí!

An mó post a chaillfear má votáiltear ‘Níl’?   Nó an gcaillfear post ar bith, sa bhreis ar na postanna atá á gcailliúint i rith an ama de bharr mí bhainistiú an gheilleagair? 

Ní théann teachtaireachtaí ar phostaeir ar nós ‘Stronger with Europe’ (FF) nó Vote Yes to Europe, vote yes to jobs (FG) i bhfeidhm orm.  Ní chreidim na bréaga atá ar phostaeirí Cóir ach an oiread.   Ag an am chéanna, tá an oiread sin amhrais orm faoin Chonradh féin agus faoin bhearna daonláthach atá ann idir Aontas na hEorpa agus pobal an Aontais.

Seo seans leis an bearna sin a chungú.

10 dtuairim ar “Conradh Liospóin: Tá nó Níl?

  1. Iarla

    Lochtach is mar atá Aontas na hEorpa, agus an Conradh seafóideach atá á bhrú chun cinn, mothaím féin go gcaithfidh mé vótáil ar a shon. B’fhearr go mór dúinn uilig dá gcaithfí an Bhreatain amach mar nach bhfuil inti anois ach cóilínteacht Mheiriceánach. Is fíor go bhfuil ár stáitín féin amhlaidh chomh maith, ach má fhanimid leis an tionscadal Eorpach, beidh ábhar dóchais éigin ann nach mbeidh an ilchríoch uilig ina scáthán den impireacht ar an taobh thall den Atlantach. I ndáiríre is cuma faoi ábhar an Chonartha ag an bpointe seo. Is í an cheist: an fearr linn fanacht mar chóilíneacht Mheiriceánach/Shasanach nó obair ar son aontas ilteangach le cumhacht bhog an daonlathais agus an chomhoibrithe. Ba chóir arm Mheiriceá a chur abhaile as gach cearn den Eoraip mar thús…. Beidh míle rud eile le déanamh chomh maith.

    Freagra
  2. aonghus

    Bhuel, i mo thuairimse bhí sé ceart vóta a chaitheamh ar a shon an uair deiridh.

    Ní mór don Eoraip bogadh ar aghaidh ón stánadh ar ár n-imleacán féin seachas dul i ngleic leis na mór-fhadhbanna eacnamaíochta agus eile atá romhainn, fadhbanna nach dtig le h-aon tír dul i ngleic leo gan chabhair.

    Tá céimeanna (beaga) chun cinn an ag dúnadh an bhearna a (fheictear) a bheith ann – níos mó cumhachta ag an PE agus ról sonrach ag Parlaimintí náisiúnta, mar shampla.

    Ach creidim féin nach bhfuil an easpa daonlathais, mar a chuirtear síos air, ann. Fírinne an scéil ná go gcuirtear an milleáin ar “Dlí na hEorpa” nuair nach dtaitníonn rud éigin leis an bpobal, ainneoin gurbh é fírinne an scéil ná go n-aontaíonn na Rialtais ar phrionsabail, agus go gcuireann na státseirbhísí logánta i bhfeidhm iad. Is minice ná a mhalairt gurbh iad na socraithe logánta cúis an aighnis.

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ceist an-dheachair an uair seo.Bhí mise igcoinne an Conradh an uair deiridh ach tá cúrsaí sa tír taréis athrú go mór agus beidh gá le cabhair duinn ón AE amach anseo chun réiteacht na faidbhe a chur i gcrích.Ach tá easpa daonlathais san AE agus muid ag vótáil arís ar an cheist cheanna.Tá maorlathas an – mhór curtha ar bun ag an AE agus Stáit Aontaithe na h-Éorpa a chrúthú acu.Saghas “new elites”, FF ar scála níos mó, deighilt an – mhór Idir na maorlathaigh agus an chosmuintir.Deirtear gurbh é an praghas a ghearr siad orainn dá dtachaíocht don gheilleagair ná NAMA agus na ciorruithe ón mBórd Snip Nua a chur i bhfeidhm.Dá bhrí sin tá mé ag claonadh idtreo diultú do Conradh Liospóin cé go bhfuil deistean agam do SF agus an UKIP.

    Freagra
    1. aonghus

      Ach is sráid Muirfean agus sráideanna thart air atá na maorlathaigh a bhfuil tionchar acu orainn, ní sa Bhruiséil.

      Iadsan atá freagrach as an coincheap seo go bhfuil “An Bhruiséil” ag brú rudaí orainn – toisc go gcuireann siad an milleán ar an Eoraip nuair nach bhfeileann rud éigin don bpobal, ach is iad fhéin a ghlacann leis an moladh nuair a thaithníonn rud leis an bpobal.

      Níl daoine sásta iad fhéin a chuir ar an eolas i gceart faoi cad go díreach a tharlaíonn sa Bhruiséil, agus cé go díreach a dheánnan na cinntí.

      Sin an chúis gur féidir le CÓIR agus dreamanna nach iad dearg bréaga a scaipeadh mar fhírinne.

      Freagra
  4. Sean Mór

    Mar Éireannach a rugadh agus a chaith a shaol ar fad in Éirinn, agus a bhfuil pas Éireannach aige, ach nach bhfuil i dteideal vótáil de dheasca teip na gluaiseachta poblachtaí, faillí rialtais na hÉireann, agus lámh láidir na Sasanach… vótálfainn ‘Níl’ dá mbeadh mo chearta náisiúnta agam, de bharr easpa daonlathais an Aontais. Ina dhiaidh sin is uile, thug an méid a scríobh Iarla thuas lón machnaimh dom ar an cheist seo…

    Freagra
    1. aonghus

      An féidir le aoinne sainmhíniú beacht a thabhairt dom ar an easpa daonlathais seo?

      Is as cinneadh na nAirí (tofa) náisiúnta a thagann dlíthe na hEorpa, dréachtaithe ag Coimisiún a bhfuil a cuid baill roghnaithe ag na Rialtais (tofa) agus atá faofa ag an bParlaimint Eorpach.

      Sin daonlathas ionadaíoch. Cá bhfuil an deacracht?

      Freagra
  5. caomhán

    Níl aon caint ar an dochar atá déanta ag an Euro do eacnomaíocht agus neamhspleáchtas na tíre seo, agus ní raibh aon vota again le deireadh a chuir leis an bpunt. De bhrí sin is cóir usáid a bhaint as an deis seo chun votáil níl, ar son an daonlachas, rud atá ceilte ar formhór de mhuintír na hEorapa.

    Freagra
    1. aonghus

      Gan ár rannpháirtíocht san Aontas, ní bheadh eacnamaíocht ag an tír seo. Murach gur geata don AE muid, is beag comhlacht ó thar lear a bheadh anseo.

      A mhalairt atá fíor – bhris easpa cúram na rialaitheoirí anseo ar a laghad banc amháin sa Ghearmáin – de bharr buachailleacht bó na gliceadóirí san IFSC.

      Agus ní hionann rud a dhéanamh ar bhealach eile agus easpa daonlathas. Is go daonlathach a rinneadh an chinneadh i ngach tír san Aontas. Ní gá gach cheist a réiteach tríd reifreann!

      Freagra
  6. deirdre

    “Ní bheadh eacnamaíocht ag an tír seo”

    Tuairim shuimiúil.
    Ó chuaigh muid isteach sa gComhargadh/Aontas Eorpach, bhí cúlú eacnamaíocht a mhair thart ar 10 mbliana againn (na 80í) agus ceann eile ag tosú anois, nach bhfuil a fhios ag éinne cé chomh fada a mhairfidh sé, ach fíor-dhrochchuma ar chúrsaí faoi láthair.
    D’fhéadfaí a rá mar sin gurb é ár mballraíocht sa CEE agus san AE a scrios an eacnamaíocht, faoi dhó, seachas a mhalairt.

    Níor tharrtháil an CEE muid sna 80í, agus ní dóigh liom gur Liospóin a tharraingeos as an gceann seo muid. Tiocfaidh muid as nuair a fheabhsóidh geilleagar an domhain, mar le “ceann de na heacnamaíochtaí is oscailte ar domhan”, ní féidir linn mórán a dhéanamh chun cúrsaí a chur i gceart muid féin.

    Níl smacht againn fiú ar na héisc sa bhfarraige timpeall orainn, agus tá tionscal tógtha ag na Spáinnigh agus ag na Fraincigh ar na héisc chéanna dá bharr – agus fér plé dóibh, fuair siad an rud a shanntaigh siad, le cuidiú ón CEE/AE – agus ó rialtais na tíre seo.

    Cibé faoin argóint maidir leis na rialaitheoirí anseo a bheith faoi deara banc sa nGearmáin a bhriseadh, ná déanaimis dearmad gur faoi rialaithe Eorpacha a tharla sé seo go léir.
    Agus go raibh an banc Gearmáineach breá sásta leas a bhaint as an easpa sa gcóras anseo.
    Ná déanaimis dearmad ach an oiread go raibh ús íseal na hEorpa taobh thiar de chostaisí na hÉireann (tithíocht go mór mór) éirí chomh hard sin le deich mbliana anuas.

    Ar gach argóint faoi cé chomh maith is a bhí an AE d’Éirinn san am atá caite, tá frithargóint ann faoi cé chomh dona is a bhí an AE dúinn. Is minic a bhíonn sé deacair a rá cé acu is fearr mar argóint.
    Ach caithfidh muid smaoineamh ar Liospóin as féin, i gcomhthéacs an AE cinnte, ní mar rud a tharraingeoidh as an gcúlú eacnamaíochta muid, ach mar rud atá chun cruth nua a chur ar an Aontas Eorpach. Mar sin, is iad an dá cheist atá le freagairt, dar liom:

    An dtabharfaidh Conradh Liospóin an cineál aontais a theastaíonn uainn (seachnaím an focal Eoraip anseo, mar ní fheicim go mbeidh an Rúis san Aontas go luath ná, b’fhéidir, go brách; ach tá seans go mbeidh, abair, an Tuirc nó an Iosrael ann sa meántéarma).
    An dtabharfaidh Conradh Liospóin an cineál Éirinn dúinn a theastaíonn uainn?

    Creidim gurb iad seo na ceisteanna tábhachtacha, agus i mo chás féin, ní chreidim go mbeidh muid níos gaire don cheachtar acu de bharr an chonartha.

    Freagra
    1. aonghus

      Aontaím leat maidir le tábhacht na gceisteanna sin.

      Ach is freagra dearfach atá agamsa orthu – is céim (bheag) chun tosaigh Conradh Liospóin i dtreo Aontas níos daonlathaí agus níos éifeachtaí, atá de dhíth orainne go hairithe, mar stáit (tá níos mó ná eacnamaíocht i gceist!) bheag oscailte. Agus is céim (bheag) chun tosaigh i dtreo Éirinn níos córa atá sa mhéid sin. Cuimhnigh gurbh – mar shampla – as an Eoraip a tháinig an dul chun cinn beag i leith an bearna pá idir fhir agus mná.

      Aontaím leat freisin maidir leis an bhfeall a rinneadh ar na hiascairí – ach is ar an maorlathas abhus atá an locht. Rud atá soiléir ins na Péindlíthe a dhréachtaigh na maorlathaigh abhus chun saol na n-iascairí a dhéanamh níos deacra fós. Cinnte, maíonn siad go bhfuil na dlíthe seo ag teacht ón Eoraip – ach níl hamhlaidh a cuireadh i ndlí na Fraince iad!

      Is fíor go bhfuil, abair, iascairí na hÍoslainne níos fearr as gan a bheith san Aontas…ach féach go bhfuil an Íoslainn fhéin níos scriosta ná muide, agus iad ag iarraidh teacht isteach sa chlub.

      Is mithid dúinne beith i lár an aonaigh – agus chuige sin caithfear bogadh ar aghaidh ón gconradh seo agus díriú ar an obair atá le déanamh.

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s