Ag scríobh don Sunday Indo…

Bhi alt agam sa Sunday Independent inniu – alt bunaithe ar thrachtaireacht anseo an tseachtain seo chaite.   Is é seo an dara alt uaim sa nuachtán sin – ach is é an chéad alt uaim ar chúrsaí pholataíochta sa nuachtán sin.   Tá daoine ann nach mbeadh ró shásta go mbeadh mo leithéidse ag scríobh don Independent – agus is cinnte nár shamhlaíos a leithéid de chúram dom féin roimhe seo.

Ag an am chéanna, mar a dúirt mé roimhe, tá gá le dul i ngleic le na ceisteanna móra agus tá gá freisin le lucht leitheoireachta.  Agus tugann an Sunday Independent, an nuachtán Domhnaigh is mó leitheoirí sa tír, an deis sin dom.   Tá sé i gceist agam corr phíosa eile a chaitheamh ina dtreo, le féachaint an bhfoilseoidh siad iad.   Cá bhfios ach go mbeidh corr phíosa faoi chúrsaí Ghaeilge, ábhar atá iriseoirí eile tar éis scríobh faoi sa Sunday Independent le gairid.    Agus ní go ró shásta a bhí pobal na Gaeilge faoin méid a dúradh.

Is dócha nach mbeidh na daoine seo sásta leis an méid a scriobhaim ach an oiread mar tuigeann siad go bhfuilim ag scríobh chun deireadh a chur leis an ‘status quo’, an stáid atá ag tachtadh na beatha ón nGaeilge.    Ní féidir le rudaí leanúint mar atá – agus mar sin, má thagann deis mó threo chun an taoide a chasadh, tapóidh mé an deis.      Is gá seo a dhéanamh ar mhaithe le rudaí a athrú – agus, freisin, is gá a bheith páirteach sa dhiospóireacht atá ag dul ar aghaidh faoi staid na tíre seachas bheith imeallaithe, faoi mar a bhí le blianta fada.

7 dtuairim ar “Ag scríobh don Sunday Indo…

  1. Sean Mór

    Go n-éirí leat, a Chonchubhair! Is breá liom an scéal seo… cé gur dóiche nach bhfeicfidh mise ceann ar bith de do chuid alt, mar is annamh a cheannaímse an nuachtán sin. Ach tá sé tábhachtach ardán a bheith ag do leithéidse i gcró an namhad.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    ní shílim a choncubhair go léiríonn seasamh Sammy Wilson ar NAMA aon mhaolú ar a dhiongbháilteacht i leith na críochdhéighlte. Is é an tAire airgeadais ó thuaidh é agus cosúil le gach duine eile againn ní thig leis a bheith cinnte cá mhéid airgid atá infheistíthe ag daoine as na 26Co. i dtithe sna 6Co.Deir tusa £20 biliúin ach cá fios?Is féidir go gcuirfeadh sé an margadh as a riocht agus sin an fáth a bhfuil sé ag iarraidh fios a bheith aige cad é atá NAMA ag dul a dhéanamh. ar scor ar bith déarfainn féin nach droch fhiacha iad cuid mhór den infhéistíocht a rinne daoine sna tithe ó thuaidh mar gur tithe ar chíos a bhí i gcuid mhór de agus tá an margadh sin sláintiúl fóill agus má dhíolann NAMA léadhbanna móra talún ó thuaidh go saor ní dócha go gcuirfidh sé amach nó isteach ar Sammy cóir.Tá bealach eile le hamharc air a choncubhair,tá Sammy i ndhiaidh a fhoghlaim má ligeann Baile Átha Cliath sraoth go dtógann Béal Feirste slaghdán.sin athrú poirt ó bhí anallód ann

    Freagra
  3. Sean Mór

    Ar an dara dul síos, i ndiaidh dom an t-alt a léamh, níl tú i gcró do naimhde féin ar chor ar bith, beidh tú ar do shócúl i measc lucht an Sunday Indo. Beidh sé suimiúil a fheiceáil an dtabharfar cead duit tabhairt faoi na Sasanaigh agus na hAontachtóirí mar a thug tú faoi Shinn Féin san alt seo… agus deirim sin mar dhuine a bhfuil an-díomá orm i leith Shinn Féin….

    Freagra
  4. Sean Mór

    Ina dhiaidh sin is uile, déarfainn nach róshásta a bheadh lucht an DUP, páirtí an Éire Aontaithe a bheith bronnta orthu mar theideal!!! Níor léigh mé an t-alt a bhí agat anseo faoin cheist chéanna roimh ré…

    Freagra
  5. Seosamh Ó Beirgin

    Alt maith, go háirithe an píosa faoi Éire Aontaithe Shinn Féin gan a bheith ró-thaithneamhach.

    Freagra
  6. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    A Choncubhair tá súil agam go n-éireoidh go maith leat san “Sindo”.Ceanaim é cé nach n-aontoinn len alán a bhionn ann ach tá na leitheoirí acu.Tá gá le cothromaíocht san Indo do thaobh na Ghaeilge.B`fheidir go bhfuil áthrú meoin ag teacht ar an Indo do chursaí Ghaeilge.Tá súil agam go mbeidh ról níos treise ag Denis O`Brien amach anseo san phaipéar sin agus im thuairimse deanfaidh sé sin dífríocht don nuachtán.Cad fá alt i nGaeilge san Indo?.Má tá suim ag ár Sammy in Éire aontaithe is féidir le h-aon rud a tharlú.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s