Ag éisteacht le Raidió Fáilte….i Múscraí

iPhone

Ní gá céim dochtúireachta sa teicneolaíochta le h-éisteacht le Raidió Fáilte ar an riomhaire, os rud é go bhfuil sé ar fáil ar an idirlíon, ach chuaigh mé céim níos faide chun tosaigh trathnóna inniu.

Nó tá sé anois agam ar an iPhone, a bhuí don chlár feidhme, Wunderradio.   Anois is féidir liom an iPhone a cheangal le mo raidió agus má roghnaím ‘Aux’ ar an raidió, craolann sé cláracha Raidió Fáílte go beo beathach sa chistin.   Más maith liom anois, beidh mé ábalta dul amach ag rothaíocht ar ball agus éisteacht leis an staisiún agus mé ag gluaiseacht chomh fada agus go bhfuil comhartha maith agam don fón féin.

Faoi láthair, tá Glen Philips agus Aoife McAteer i mbun na ndioscana agus díreach soicind ó shin bhí Fergus O hEithir ag ceol ‘Victor Jara’, amhrán brea á chanadh le croí ag an bhfonnadóir is an amhránaí úd, stiurthóir an staisiúin.

Is é Raidió Fáilte an dea shampla ó thaobh staisiúin raidió atá ag déanamh riar ar phobal ar leith – agus cé go bhfuilim ag éisteacht leis anseo i gCúil Aodha, Shane McGowan anois ag ceol ‘The Auld Triangle’, tá a fhios agam gur ag cúl éisteacht atáim nó is ar phobal Bhéal Feirste is na sé contae atá sé dírithe.    Ag an tús, áfach, bhí sé ag craoladh ar an idirlíon agus anois tá sé, a bhuí don teicneolaíocht, ag craoladh go beo beathach breis is trí chéad míle ón chrann chraoltóireacht atá á chraoladh ar bhruach Loch Lao, ar fáil ar mo raidió chistineach.

Tá Raidió na Life agus Raidió Rí Rá ar fáil ar an gcóras céanna.  Níl ann ach an tús.   Cá fhad go mbeidh staisiún raidió idirlín ann i Múscraí?  Nó sa Rinn?  Nó in iliomad pobail Gaelacha eile?   Cá fhad go mbeidh na staisiúin seo ábalta teacht le cheile chun ceadúnas le h-aghaidh seirbhís comhthaite náisiunta i nGaeilge a lorg ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann.  (Ní gá, fhaid is atá an seirbhís ar an idirlíon, ach bheadh sé ina bhuntáíste, faoi láthair.)

B’fhéidir gurb é sin an spreagadh a bheidh ag teastáil ó shaoistí RTÉ agus RTÉ RnaG eirí as  bheith ag déanamh neamh íontas de phobal Ghaeilge na tíre ina iomláíne seachas na pócaí beaga i gConamara, i dTír Chonaill agus i gCiarraí atá tús áite á thabhairt acu doibh?

2 thuairim ar “Ag éisteacht le Raidió Fáilte….i Múscraí

  1. colm

    “Cá fhad go mbeidh staisiún raidió idirlín ann i Múscraí? ”

    Tabhair faoi, a Chon. B’fhéidir go bhfuil fógróirí amuigh ansin ar mhaith leo tacú lena leithéid de rud, agus go bhféadfaí duine a fhostú chun tabhairt faoin obair.
    Agus smaoinigh go bhfuil pobal mór Gaeilgeoirí i gCo. Chorcaí taobh amuigh den Ghaeltacht, freisin.

    Freagra
  2. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    B`fheidir go mbeidh Ollmhargadh Dunnes toilteanach urraíocht a thabhairt dó.Doscail siad ollstór nua ar Shráid Phadraig i gCorcaigh le deanaí ar an lathair cheanna ar ar thosnaigh siad seasca bhlain ó thoin.Bhí Margareth Heffernan an Priomh Fheidhmeannach ag leagan béim ar an fíric gur comhlacht Gaelach Dunnes.Cén caoí ab fhearr chun an Gaeilge a chur chun cinn ná comharthaí gaeilge sna síopaí, cúpla focal a labhairt ag na freastalaí agus clár ceoil urraithe ag Dunnes ag teacht ó Gaeltacht Muscraí.Ta Dunnes ag údáid an dath glas cheanna féin;tosach maith leath na h-oibre.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s