Rás dhá chapall le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil?

An bhfuil sé tabhachtach go mbeadh an nuachtán seachtainiúil nua lonnaithe sa ‘Ghaeltacht’?  Agus, má tá, an bhfuil sé tabhachtach go mbeadh an nuachtán sin suite i gConamara? 

Ceisteanna iad san a ritheann liom tar éis dom tuairisc a léamh sa Sunday Business Post faoin chomórtas atá ar bun ag Foras na Gaeilge chun nuachtán nua Ghaeilge a aimsiú, tar éis cliseadh Foinse níos luaithe i mbliana.  Ar an droch uair níl an tuairisc ar líne ar shuíomh an nuachtáin ach roinnfidh mé libh cuid de na mór phointí.   [Nóta: Buiochas le Gaelport, seo chugaibh nasc le h-aghaidh an alt.] 

Ar an chúig iarratas, tá iarrataisí ó fhoireann Foinse, Nuacht 24, Bard na nGleann i Múscraí, Independent Free Newspapers (nach ionann agus Independent Tony O’Reilly) agus comh-iarratas ó Mháire Ní Thuathail is an Connacht Tribune. 

Dar le hAntón Mac Cába, an tuairisceoir a chuir an alt ar fáil don Post (tá sé Media and Marketing Section), is ag Nuacht24 agus Foinse atá an taithí is faide ó thaobh foilsiú nuachtáin Ghaeilge. 

Níl aon amhras gur ráiteas fírinneach é sin – cé nach gá gur buntáiste é. 

Ach is é an ráiteas atá luaite le Seán Tadhg O Gsirbhí, iar eagarthóir Foinse, a thugann lón machnaimh an lae dom. 

Former Foinse editor Seán Tadhg O Gairbhí said that it was very important a new paper was based in the Gaeltacht.  ”The four of us live in the Conemara Gaeltacht, and we would be creating jobs in the Gaeltacht.  We applied because we felt there was a gap after the closure of Foinse and a lot of people came to us and said the same thing.”

De réir Seán Tadhg, mar sin, is é an príomh bhua atá ag a iarratas go bhfuil sé lonnaithe sa Ghaeltacht agus, ós rud é go bhfuil sé féin lonnaithe i gConamara, maraon le triúr eile, go bhfuil sé ‘ana thabhachtach’ go mbeadh an nuachtán nua lonnaithe ‘sa Ghaeltacht’. 

Tá amhras orm.  Sa chéad dul síos, cén fath go bhfuil sé ‘an tabhachtach’ go mbeadh an nuachtán Ghaeilge suite sa Ghaeltacht thar aon cheantar eile?  

Ni chreidim é.  Ar ndóígh ní mí bhuntáiste é bheith suite sa Ghaeltacht níos mó chomh fada agus go bhfuil ceangal maith idirlín agat.     Is féidir leat teacht ar an nuacht agus, anuas ar sin, is féidir leat an nuachtán a sheoladh chuig an chlólann gan aon deacracht.

An amhras atá orm go stopann an Ghaeltacht atá Seán Tadhg ag tagairt do ar an mbóthar go Bearna.  Tá an meoin ‘Little Conamara’ go forleathan sa tír seo.  Ní aithnítear aon ghaeltacht bheith ann seachas Conamara agus cúpla cúinne j dTír Chonaill is Ciarraí.   Meoin treabhúil, tuathúil is tuatach é seo a fhagann go bhfuil ceannaras na bpríomh meán Ghaeilge suite i gConamara, mar atá TG4 agus Raidió na Gaeltachta.    Agus tá an meoin tuatach sin le sonrú sna sceidil a chuireann an dhá mheán sin ar fáil dar liom. 

An pobal a labhrann Ghaeilge sa linn seo, is pobal cathrach é.   Agus creidim go bhfuil gá le riar a dhéanamh ar an bpobal sin.   Má léann an pobal cathrach an nuachtán nua, léifidh an pobal Gaeltachta é chomh maith.   Mar teastaíonn ón pobal Gaeltachta bheith cosúil leis an pobal cathrach.     Ar éigean go dtarlóidh sé ar mhalairt threo.  

Maith go leor, más é an príomh sprioc atá ag an dtogra seo ‘postanna a chruthú i gConamara’ nó, fiú, postanna an cheathrar a bhíodh ag obair ag Foinse a thabhairt ar ais doibh, ach an é sin sprioc an chomórtais?  Nach é an sprioc atá ag an bhfiontar seo nuachtán nua a aimsiú a bheidh á léamh ag pobal na Gaeilge ar fuaid na tíre agus, go deimhin, ar fuaid na cruinne?    Anuas ar sin, is é an sprioc ar cheart a bheith ag an nuachtán seo cuidiú agus spreagadh a thabhairt d’fhás phobal na Gaeilge seachas riar a dhéanamh ar phobal Ghaeltachta atá á chreimeadh i rith an ama ag iarrachtaí éagsúla chun ‘teorainneacha na Gaeltachta’ a ath-tharraingt.    

Ba i Foinse is mó a fuair an feachtas seo poiblíocht – agus ar ndóigh is é an toradh ar seo na moltaí i dTuarascáil Mhic Carthaigh atá bunaithe ar an mbun fhiric nár oibrigh na scéimeanna éagsúla chun tacú le labhairt na Gaeilge a spreagadh sa Ghaeltacht. 

Dar liomsa, tá an raiteas ó Sheán Tadhg dírithe go mór mór ar an bhagairt a fheiceann sé ó Nuacht 24 a chur ar cheal.  Tá Nuacht 24 ag tairgeadh nuachtán de chaighdeán ard GAN AON CHABHAIR ón stát, thuaidh nó theas, agus is féidir a fheiscint dá bhfaigheadh an nuachtán sin tacaíocht d’aon tsort go mbeadh sé ar a laghad chomh maith is a bhí Foinse ar an lá is fearr ag an nuachtán sin. 

Tá níos mó ná dhá chapall sa rás seo, áfach, nó tá Bard na nGleann ó Ghaeltacht Mhúscraí, gaeltacht nár shíl Raidió na Gaeltachta gurb fhiú suirbhé éisteoirí a dhéanamh ann, agus Nuacht 24 ó Ghaeltacht Bhéal Feirste, nach n-aithnítear mar Ghaeltacht toisc é bheith taobh amuigh de na 26 contae cé go dtuigtear go forleathan go bhfuil pobal chomh Gaelach ann is atá in áit ar bith ar fuaid na tíre.

Ni miste liom cé bhuann an chonradh seo – chomh fada agus go mbeidh an nuachtán buach ábalta agus toiltheanach  dul sa tóir ar an líon is mó leitheoirí seachas riar a dhéanamh ar sciar bheag agus ar leith den phobal.

Níor cheart go mbeadh toradh an chomórtais seo ag brath ar shuíomh an nuachtáin bheith i gConamara.   Is iad dearcadh agus cur chuige an nuachtáin na treithe ar cheart díriú orthu. 

Os rud é go bhfuilim ag tabhairt rás capaill ar seo, ní fheadar arbh fhiú dul go dtí Paddy Powers agus fiafraí do cé acu an bhfuil sé sásta geall a ghlacadh mar gheall ar an dtoradh….

10 dtuairim ar “Rás dhá chapall le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil?

  1. séamus Mac Seáin

    ar bhealach is ionann agus do chreidte nach bhfuil iarratas istigh ag dream ar bith ón Phríomhchathair, an áit is mó Gaeilgeoirí sa tír is dócha. níl a fhios agam cén chúis atá le sin? Ar chaoi ar bith sílim go bhfuil tabhacht ag baint le ceannceathrú an pháipéir a bheith sa Ghaeltacht nó is cuma faoi staitisicí na codach eile den tír is ins na ceantair Ghaeltachta is mó atá cainteoirí laethúla Gaeilge agus cuirfidh sé le stádas na teanga é a bheith lonnaithe ansin is cuma cé acu ceannaíonn muintir an háite an páipéar nó nach gceannaíonn.Is scéal thairis sin é cad í an Ghaeltacht ar cheart é a bheith lonnaithe intí ach sin ráite agam níor mhiste liom Foinnse ,Bard na nGleann agus Nuacht 24 a bheith rannpháirteach sa tógra seo agus inchur ag daoine ó cheann ceann na tíre a bheith taobh thiar de.Sin rud nár thárlaigh ach sa bheag go dtí seo agus ba bhogadh i dtreo Gaeltacht uile Éireann é ach é préamhaithe sa seán Ghaeltacht ach ag spré amach tríd an tír.Dá mbeadh smaoineamh ar bith ag Foras na Gaeilge (an bhfuil?) dar leat go dtabharfaí an trí ghrúpa le chéile agus iarraidh orthú iarratas i gcóir a cur le chéile.Le teicneolíocht an lae inniu, mar atá ráite agat féin,ta muid uiilg inár gcónaí i bpócaí a chéile cad chuige nach mbainimis leas as sin le comhoibriú a dhéanamh?.Ní neart go cur le chéile.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Smaoineamh spéisiúil, dá mbeadh an suim ag Foras na Gaeilge nuachtán Ghaeilge le substaint agus le brí a chur ar bun. Ag an am chéanna tá cultúr an scoilteachais spreagtha go mór ag lucht Foinse i gcaitheamh an ama agus creidim nuair a bhionn siad ag caint ar ‘An Ghaeltacht’ gur ag tagairt do Chonamara amháin a bhionn siad. Dá mbeadh aon suim acu i gcur chuige réalaíoch, bheadh siad tar éis teacht le cheile le na dreamanna eile roimhe seo le cur chuige aontaithe a lorg. Tá’s agam gurb é sin an cur chuige atá ag dreamanna eile nach iad.

    Ceist sleasach ach ábharach: Níl a fhios agam cá bhfuil an t-airgead ar fad a bhí, de réir tuariiscí, i gcúntas Foinse imithe anois? An bhfuil sé go léir tugtha leis ag Pádraig Ó Céidigh nó an bhfuil cuid de fagtha aige mar shíól chiste ag an nuachtán nua?

    Freagra
  3. Cuairteoir

    Chuala mise go mbeadh príomhoifig nuachtáin Nuacht24 lonnaithe i mBÁC dá mbuafaidís an conradh seo. Tá sé sin ciallmhar dar liom agus d’fhéadfadh siad comhfhreagraithe bheith acu ar fud na tíre.

    Freagra
  4. instsignpost

    Sílim go bhfuil sé tabhachtach go mbeadh an nuachtáin lonnaithe sa Ghaeltacht. Le fad an lá bhí nuachtáin i mBaile Átha Cliath agus ní dóigh liom go raibh teacht ortha sa Ghaeltacht. Ar a laghad bhí Foinse le fáil sa Ghaeltacht i gConmara. Tá an ceart agat go raibh níos mó nuachta ón dtaobh seo tíre ná aon áit eile ach ba as milieu Gaelach a tháining sé. Labhair na daoine a bhí ag obair ar an gCeathrú Rua Gaeilge san oifig agus taobh amuigh. Nuachtáin atá lonnaithe i mBÁC nó i gCathair na Gaillimhe fiú, ní féidir é sin a rá faoi.
    Nuair a bhí an dá nuachtáin againn, Lá Nua agus Foinse ba as ceantreacha Ghaeltachta iad araon. Gaeltacht Nua agus sean-Ghaeltacht. Bhí lucht ar an dá nuachtáin, Foinse claonta i dtreo Chonamara nach mór ach Lá Nua a bhí claonta leis i dtreo Tír Chonaill agus an Tuaisceart. Ach féach ar an gclaonadh atá ag na nuachtáin Béarla. An Indo agus an Times i dtreo BÁC, an Examiner fós i gCorcaigh. Ní luafaidh me nuachtáin mar an “Irish” Sun no “Irish” Mail agus a gcáirde atá claonta i treo eile ar fad.
    Ach tá sé tabhachtach go bhfreastalaíonn pé dream a gheobhfas an conradh ar an Ghaeltacht idir sean agus nua.
    Is Baile Átha Cliath mise agus ó tháinig mé anseo go Chonamara chuireann sé iontas orm cé chomh claonta is atá gach rud i dtreo Cathair BÁC. Ní féidir liom dul ar traen chuig aon áit sa tír ó Ghaillimh gan dul thar abha na Sionainne. Níl córas ghnó nó rialtas ag cabhrú le idirbheartú “idir-cuigeach”. Tá sé éasca go leor gnó a dhéanamh le BÁC ó aon cheantair sa tír ach ní féidir liom gnó a dhéanamh go héasca le Corcaigh nó le Sligeach nó fiú Luimneach.
    Tá sé sin soiléir i dtuairisc MhicCarthaigh – ligeadar an Ghaeltacht agus iarthar na tíre (siar ó líne ó Corcaigh go Doire Cholm Chille atá i gceist agam). Tá an Foras lonnaithe in mBÁC agus nach íontach an jab atá á dhéanamh acu?
    Tá an iomarca ráite agam!!

    Freagra
  5. Sean Mór

    B’fhiú go mór féachaint arbh fhéidir comhpháirtíocht a dhéanamh idir lucht foirne Foinse agus Nuacht24… tharraingeodh sin níos mó léitheoirí.

    Rith sé liom fosta, má tá ceathrar as Foinse ag cur isteach ar an chonradh úr, gur cineál d’fhianaise agus ráiteas agus admháil é sin go raibh sé de cheart ag Foras na Gaeilge an fód a sheasamh, agus na ceisteanna crua a chur, roinnt míonna ó shin? B’fhéidir go bhfuil dul amú orm faoi sin…

    Tá mo chroí féin istigh i Nuacht24, ach ba mhaith liom go mbeadh lucht Foinse páirteach ann fosta… chuideodh sin leis an rud a fhréamhú sa Ghaeltacht ach é a bheith nualaíoch agus níos náisiúnta san am céanna.

    Ní miste liom, áfach, cá háit a lonnófar an nuachtán… is é an táirge a bhfuil suim agamsa ann…

    Freagra
  6. cillin

    “An amhras atá orm go stopann an Ghaeltacht atá Seán Tadhg ag tagairt do ar an mbóthar go Bearna. Tá an meoin ‘Little Conamara’ go forleathan sa tír seo. Ní aithnítear aon ghaeltacht bheith ann seachas Conamara agus cúpla cúinne i dTír Chonaill is Ciarraí. Meoin treabhúil, tuathúil is tuatach é seo a fhagann go bhfuil ceannaras na bpríomh meán Ghaeilge suite i gConamara, mar atá TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Agus tá an meoin tuatach sin le sonrú sna sceidil a chuireann an dhá mheán sin ar fáil dar liom.”

    Tuigim an rud atá á rá ag Conchubhar anseo, ach ní aontaíonn mé leis.
    Éinne a chaith tréimhse ina chónaí i gConamara, tá a fhios aige cén fáth gur bunaíodh RnaG, TG4 srl ann.

    Smaoinigh siar go dtí Raidió SaorChonamara, an feachtas ar son teilifís Ghaeilge sna 80í, agus go leor leor eile nach iad. D’eagraigh muintir na háite iad féin, agus throid chun seirbhísí nua-aimseartha a fháil.
    Taobh amuigh dó sin, tá dlús maith daonra ann – dóthain chun go n-éisteann a gcuid TDanna leo, agus le glún anuas bhí polaiteoirí sa 3 phríomhpháirtí a thuig fadhbanna na Gaeltachta dá bharr – Pól Ó Foighil, Michael D. Higgins agus Éamon Ó Cuív – gach duine acu díograiseach ar son a thoghlach agus dílis don Ghaeilge. Cuireadh seirbhísí áirithe ar bun i gConamara dá bharr, ach ná smaoinigí gur thit siad anuas ón spéir. Chuir go leor daoine go leor oibre isteach sna hiarrachtaí.
    Ba í Raidió Saor Chonamara an síol as a d’fhás RnaG. Aithním go bhfuil sé thar am seirbhís náisiúnta a chruthú. Ach i dtosach, caithfear RnaG a shaoradh ó RTÉ, mar a saoradh TG4.
    Éinne a bhí ag an Oireachtas i Ros Muc sa mbliain 1987, nuair a chuir grúpa beag bealach teilifíse ar siúil a chraol imeachtaí an Oireachtais, cuid de na daoine ag obair ar an láthair i Ros Muc, cuid eile a chaith an oíche ag coinneáil súil ar an tarchuradóir ar bharr Chnoc Mordáin, bheadh a fhios aige cén fáth go bhfuil na rudaí seo ar bun i gConamara. http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1504

    Glacaim leis gur chaith Conchubhar an tréimhse chéanna i mBéal Feirste, agus go raibh sé páirteach sa streachailt a bhí ar bun ansin, ar son na Gaeilge nó eile; bhí go leor ar siúl in áiteacha eile sa tír freisin, go mór mór Gaelscoileanna a bhunú, gach duine ag obair ar an rud a d’fhéadfaí a dhéanamh ina cheantar féin.
    Mar sin, ná bímis ag casaoid faoi na rudaí atá bainte amach i gceantar amháin seachas i gceantar eile. Tá a chúis féin le chuile rud, agus i gcás Chonamara, is é an streachailt a rinne muintir na háite agus an dlús daonra a thug an deis dóibh na rudaí sin a bhaint amach.
    Caithfidh muid céim eile a thógáil anois. Caithfidh muid tosaíochtaí a leagan amach:
    Ollscoil a fheidhmeoidh trí Ghaeilge
    Comhairle na Gaeilge – eagraíocht tofa chun seirbhísí as Gaeilge a eagrú fud fad na tíre, (ar nós an ruda atá ag na Pléimnigh agus na Walúnaigh sa mBeilg=
    Roinn Oideachais don oideachas i nGaeilge
    Cuirfidh sibh féin leis an liosta, is liosta oscailte é.

    Nuair a bheidh muid in ann daoine a spreagadh i ngach áit sa tír chun tarraingt le chéile, céard nach mbeidh muid in a chur i gcrích?

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte gur dhein Conamara a chion ar son na nithe atá anois i gConamara a bhaint amach – ach bheadh ní h-ionann sin agus a rá nár dhein aon dream eile in aon Ghaeltacht eile cion ach chomh beag. Tá barúil agam freisin – seachas corr eisceacht – gur beag an pháirt a bhí ag na daoine atá anois ag suí go te i TG4 agus in RnaG sa réabhlóid céanna. Is cinnte ná raibh muintir Foinse ag streachailt ar feadh na mblianta – mar a bhí Lá – sara fuair siad an chonradh i 1996.

    Sin an aimsir chaite – an deacracht atá againn ná go bhfuil cuma ar an scéal gur deineadh na rudaí a deineadh, infhéistíódh na milliún, na billiún Euro, agus níl an Ghaeilge, an údar a bhí ar chúl an airgid a bheith infhéistithe, slán ná baol air sna ceantair Gaeltachta, Conamara san áireamh.

    Anois tá ré nua ann agus is beag an chabhair é Eamon anois – nó seo an ré iar tiogair. Agus ní doigh liom go bhfuil fiúntas bheith ag lorg caisleáin san aer ar nós ‘Comhairle na Gaeilge’ – siopa cainte eile don teanga – nó Roinn Oideachais don Ghaeilge amháin. Maidir leis an ollscoil trí Ghaeilge – nach bhfuil sin ann theana i gConamara – Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge.

    is cosúil go bhfuil Cillín go fóill ag iompar an lochrainn ó thrath na réabhlóide. Ní raibh mé féin beo an uair sin i 1967 nuair a deineadh an craoladh i Ros Muc – ach bhí mé sna Forbacha an oíche úd i 1989 nuair a léirsigh micléinn taobh amuigh d’Ostán na bhForbacha nuair a bhí BiBi Baskin ag craoladh clár nach mór iomlán i mBéarla istigh ann.

    An rud atá de dhíth anois ná athshamhlú ar an nGaeltacht ó bhun go barr, deireadh le córas cam na ndeontaisí agus tús nua.

    Freagra
  8. cillin

    Teastaíonn tús nua, cinnte.
    Agus mura mbíonn brú ann, mar a bhí i gConamara an t-am sin, ní thiocfaidh aon rud as.
    Dúirt mé go raibh daoine go leor ann, streachailt mhuintir na háite go síoraí, agus duine ag éisteacht sna páirtithe móra ar fad.

    Níl aon ollscoil i nGaeilge ann – is maith ann don Acadamh, ach bruscar a thiteann ó bhord NUIG atá ann. Teastaíonn eagraíocht ar leith, neamhspleách, ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge – ranganna, riarachán, gach rud. Ba chuma liom í a fheiceáil i mBaile Bhuirne, nó sa Rinn. Is cuma. Ach chuirfeadh sí le heacnamaíocht na háite cibé áit a bhfuil sí. Agus le beocht na Gaeilge, freisin, más i nGaeilge ar fad a fheidhmíonn sí.

    Freagra
  9. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Sé atá igceist ó na tuairimí seo go léir ná an Gaeltacht a leathnu fuaid fad na tíre thuaidh theas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s