Gaeltacht cois Bhearú….Gaeltacht na deise

Cultúrlann agus ais phobail

Cultúrlann agus áis phobail

Tithíocht d'ardchaighdean ar chostas an íseal

Tithíocht d'ardchaighdean ar chostas an íseal

Tá Gaeltacht na Déise ann cheana féin – ach seo chugainn Gaeltacht na deise.   Má thapaítear an deis.

scéal i bhforlíonadh sealúchais an Irish Times ar maidin faoi eastáit tithíochta d’ard chaighdeán, cultúrlann san áireamh, atá á dhíol i gContae Chill Chainnigh ar €1m.   Tá ceithre theach deag ceithre sheomra leapan ar díol, agus tigh mór amháin le ceithre sheomra deag ann,  láimh leis an Droichead Nua i gcontae DJ Carey, Henry Shefflin agus eile.

Seo deis íontach le h-aghaidh Gaeltacht nua a bhunú, creidim, agus tá súil agam go gcuireann an eagras nua, Baile, speis ann agus iarracht a dhéanamh baicle a thabhairt le cheile chun an fhorbairt seo a cheannach agus an chéad Ghaeltacht nua ar oileán na hÉireann a bhunú sa mhílaois nua.

Tá ceithre theach deag ann cheana féin – ach tá an eastát tógtha ar 47 acra, rud a thugann fuiollach spáís le h-aghaidh a thuilleadh forbartha.

Tá aithne agam ar an gceantar seo nó is as An Droichead Nua dom mhathair agus tá pobal ana fhailteach ann.   Le cois sin tá Gaelcholáíste i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh agus tá an baile seo leathslí idir an dhá bhaile mór sin.    Má tá suim agat i rásaí capaill, bhuel is anseo a chuireann Paddy Mullins an traenálaí iomráiteach faoi.

Níl sé ró fhada ón áit seo go dtí an sraid bhaile timpeallachta láimh leis an Aonach i gContae Tiobrad Arainn.   Fís abea é sin a mheall dream duthrachtach chun oibre agus anois tá sé fíoraite….tabhair cuairt ar an sraidhbaile anois.

Chiallódh sé go gcosnódh gach teach ar a mhéid €100,000 agus go mbeadh an fuiollach ansan á úsáid chun tabhairt faoin Chultúrlann a reachtáíl mar áis phobail do na h-áitritheoirí agus cuairteoirí.

Táimíd beo ag am eiginnte ó thaobh na h-eacnamaíochta agus mar sin ní feidir a rá nach mbeidh deiseanna eile mar seo ann – ach ní thuigim cén fath nach feidir le baicle Gaeil, Baile nó dream eile, teacht le cheile agus an deis seo a thapú.     Seo am an ghnímh anois agus ní mhaithfear an t-é a shuíonn ar an gclaí…..

Is é seo an am  beartú sara bhfaigheann NAMA seilbh ar an áit….  Is cinnte go mbeadh suim agam féin bheith páírteach ina leithéid de mheitheal.  Cad fúibh, a leitheoirí?

23 de thuairimí ar “Gaeltacht cois Bhearú….Gaeltacht na deise

  1. GGN

    Bhíos féin ar an eolas fán deis sin tamall ó shin. Níl fios agam go díreach cá huair a bheas an taighde a rinne Baile réidh ach feadaím a rá go raibh an tacaíocht go léir don smaoineamh ó dheas agus thart ar Bhaile Átha Cliath.

    Is oth liom a rá ná cé go síleann lucht an tuaiscirt go bhfuil siad / muid chun tosaigh air lucht an deiscirt agus níos radacaí, níl sé fíor ar chór ar bith.

    Fadhb a bhí ann ná go raibh lucht Baile ar fad bunaithe agus greamaithe ó thuaidh ach tá súil as Dé agams gur cuireadh go leor daoine in aithne dá chéile thíos ansin chun gníomh a dhéanamh ar an cheist, tá an toil ann ó dheas, tá an ceannasaíocht de dhíth.

    Tá mé sásta go bhfuil iarrachtaí ar bun ag daoine i rith an ama áfach.

    Dá mbeadh an toil ag an rialtas thiocfadh leo tacaíocht a thabhairt do thograí mar sin ach níl sé sin dul a tharlú taobh istigh den ghlúin seo.

    Dá dtiocfadh an duine ceart, duine atá ábalta réiteach le gach duine is le gach cineál, b’fhéidir buanGhaeltacht a bhunú san áit sin.

    Ábhar smaoinimh do chiste Bhaile Átha Cliath. Tá an báta in ann domsa ag an bhomainte ach má bheas teach ar fóill i nGaeltacht úr nuair a bhainín cladach Bhanba amach in athuair, bhógfainn isteach go cinnte.

    Freagra
  2. colm

    Is scéal suimiúil é seo cinnte, ach leis na “ghost estates” ar fad timpeall na tíre, ní bheidh aon easpa deiseanna sna blianta amach romhainn. D’fhanfainn ar ghrúpa a theacht le chéile i dtosach, agus eastáit den sórt seo a chuartú ina gceantar féin.

    Tá géarghá le rud mar seo i mbaile eicínt thart ar Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil go leor daoine ag tógáil clainne le Gaeilge. Cinnte, ba dheas an rud é Gaeltacht nua a bhunú san eastáit a luann tú, ach tá mé féin den tuairim gur chóir eastáit den sórt seo a cheannach i mbruachbhaile de chuid na hardchathrach, in aice le Gaelscoil más féidir agus in áit a bhfuil meánscoil ar fáil freisin, agus ina mbíonn seirbhísí ar nós siopaí, srl. ar fáil.

    Ná bí buartha faoi NAMA, is cuma céard a dhéanfaidh an Rialtas, agus fiú má thagann NAMA ar an saol, beidh na heastáit seo á ndíol ar chostas íseal san am atá le teacht – ar an bhfáth go bhfuil i bhfad an iomarca tithe sa tír, agus deireadh tagtha le hinimirce. Níl ach bealach amháin chun fáil réidh leis na tithe seo, agus sin an praghas a ísliú go dtí gur féidir iad a dhíol. Agus tarlóidh sé luath nó mall, agus beidh a leithéid ar fáil gar duitse is cuma cén áit sa tír a bhfuil tú.

    Níl aon ghá le rith amach agus an chéad cheann ar an margadh a cheannach, fanaimis go dtí go mbeidh grúpa eagraithe agus réidh chun tabhairt faoi. Beidh linn ansin.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Dá mbeadh an toil ag an rialtas thiocfadh leo tacaíocht a thabhairt do thograí mar sin ach níl sé sin dul a tharlú taobh istigh den ghlúin seo.

    Abair rud éigean nach bhfuil ar eolas againn…. an bhfuil gá le tacaíocht rialtais don bhfiontar seo. Tig ar €100k – sin sladmhargadh agus bheadh sé indéanta teacht ar an airgead sin do ghnath theaghlach (morgáistí 7rl),

    Dá dtiocfadh an duine ceart, duine atá ábalta réiteach le gach duine is le gach cineál, b’fhéidir buanGhaeltacht a bhunú san áit sin.
    níl aon brí le sin. níl ann ach leithscéal.

    An bhfuil daoine amuigh ansin ar suim leo Gaeltacht nua a bhunú nó nach bhfuil?

    Freagra
  4. GGN

    Comhairle.

    1. Bíodh an eagraíocht eagraithe mar is ceart ón chéad lá.
    2. Bíodh daonlathas mar is ceart ann.
    3. Ná lig do dhuine ar bith ceannaire a dheánamh as féin.
    4. Bí réalaíoch, fíorphobal ata uainn, chan commune.
    5. B’fhearr Gaeltacht a dhéanamh as do bhaile féin ná iarracht a dhéanamh as baile dhuine éigin eile.

    Freagra
  5. GGN

    “níl aon brí le sin. níl ann ach leithscéal.”#

    Do bharúil féin, dar liomsa is é sin an rud is tábhachtaí. Deir Aodán Mac Póilín gur theip air an chuid is mó de na hiarrachtaí chun Gaeltacht úr a bhunú mar gheall ar Siondróm X. Silím go bhfuil an cheart aige.

    Is iad diplomats atá de dhíth, daoine ábalta daoine eile a thabhairt leo.

    Freagra
  6. Dubhaltach

    Dúirt Colm:
    “Ná bí buartha faoi NAMA, is cuma céard a dhéanfaidh an Rialtas, agus fiú má thagann NAMA ar an saol, beidh na heastáit seo á ndíol ar chostas íseal san am atá le teacht”

    Ní bheidh NAMA ag oibriú i gceart mura ardaítear praghsanna ar tithe sa ghearr agus fadtéarma timpeall na tíre. Sin an fáth leis an mbeart uafásach .i. Boilgeog tithíochta nua a chruthú.

    Freagra
    1. colm

      Is féidir praghasanna tithe a ardú chun na spéartha, ach ní hé sin le rá go gceannófar iad.

      Chuige sin, teastaíonn airgead – agus cé as a thiocfaidh an t-airgead ag am a bhfuil daoine ag cailliúint a bpost, nuair nach bhfuil an t-airgead ag na bainc chun iasachtaí a thabhairt amach, nó nuair atá baincéirí ag rá an méid a thuairiscítear anseo:
      http://www.irishtimes.com/newspaper/finance/2009/0827/1224253337021.html

      Ní bheidh an bhoilgeog nua ann sa ngearrthréimhse, i mo thuairimse.

      Freagra
  7. Dubhaltach

    “tithe saoire” atá sna tithe siúd freisin. Cé a bheas toilteanach maireachtáil i dtithe saoire beaga neamhchríochnaithe i lár na tíre?

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    An tuiscint atá agam gur tithe breatha iad, iomlán criochnaithe agus reidh le h-aghaidh teaghlaigh dul chun cónaithe iontu. Ní gá ach cuairt a thabhairt orthu, rud a dhéanfaidh mé ar mo luaithe chaoithiúlacht chun sin (nó a mhalairt) a léiriú. Is é an tig mór atá neamhchriochnaithe agus séard atá i gceist ansin go bhfuil an bunchloch d’fhortheach ina mbeadh breis seomraí leapain leagtha síos. D’fhéadfaí amharclann a chur ann – rud ar bith.

    Is sladmhargadh é seo mar sin ní doigh liom go ndiultódh banc d’iarratas ar mhortgáíste ó dhaoine atá ag iarraidh conaí san áít agus pobal a chruthú ann. Ach sin rud a chaithfear teist a chur air. Céard atá caillte má chuirtear an teist air.

    Is léir domsa, áfach, go léiríonn na freagraí atá faighte ar an gceist seo go dtí seo inniu go mbionn Gaeil ag lorg bealaí gan rud a dhéanamh seachas tabhairt faoi i gceart. Maith go leor más é nach dteastaíónn uait bogadh chun cinn agus gur mhaith leat do shaol a chaitheamh ag gearán faoin dorchadas gan fiú cipín a lasadh.

    Léiríonn seo an ghá atá le teacht le cheile na nGael – 1,000 Gael le €1,000 an duine – d’fhéadfaidís an forbairt seo a cheannach agus é a bhainistiú is na tithe a dhíol le Gaeil eile. D’fhéadfaidís brabhús a shaothrú as…..

    Freagra
  9. GGN

    Dar liomsa, níl ach baicle beag in Éirinn agus fear amháin ar leith arbh fhéidir leo / leis a bheith ag tabhairt amach fán cheist seo.

    B’fhéidir go mbeidh comhairle againn uaidh?

    Freagra
  10. Dubhaltach

    Scríobh iGaeilge
    “An tuiscint atá agam gur tithe breátha iad, iomlán críochnaithe agus réidh le h-aghaidh teaghlaigh dul chun cónaithe iontu”

    Léigh an t-alt arís a Chon:

    “A visit to Duninga today is not unlike visiting Pompeii. It’s as if a terrible and sudden catastrophe had taken place in the middle of a working day and the builders had just dropped their tools on the spot and fled”

    Freagra
  11. séamus Mac Seáin

    ar an luach sin is dócha nach fiú a bheith ag cur a’s ag cúiteamh faoí anseo,nó is dócha go bhfuil sé ceannaíthe cheana féin ag duine éigin nó is margadh é nach dtiocfadh leat a ligint uait dá mbeadh cúpla euro le sparáil agat ach is cuma faoín tsuíomh áirithe seo, de réir na bpostáileacha anseo tá suim ag daoine sa cheanncheap agus tá sin tabhachtach. Déanadh Baile dearmad den staidéar féidireachtaí liosta de dhaoine a chur le chéile agus toiseacht.Seo an tam is fearr faoí na choinne.Smaoíneamh maith Baile Átha Cliath.Ca mhéad daoine atá ag Baile déarfainn gur leor 6 nó 7 agus lanúnacha a b’fhearr is dócha.Na habair é déan é.

    Freagra
  12. colm

    A mhalairt ghlan, a Choncubhair. I mo chás féin, tá an-suim agam ina leithéid de thogra. Is í an fhadhb í ná go bhfuil mé ag obair i mB.Á.C., agus beidh go leor daoine eile ar nós mé féin. Mar sin féin, creidim go bhféadfaí cuid acu a tharraingt le chéile agus baile nua Gaeltachta, nó sráid Gaeltachta mar atá i mBéal Feirste, a chruthú ach é a bheith san áit cheart.

    Tá aithne agam ar roinnt daoine a cheannaigh teach 60 míle ón áit a d’oibrigh siad, agus b’éigean dóibh éirí as ceann amháin nó ceann eile acu. Chomh maith leis sin, rinneadh iarracht lonnaíocht nua Gaeltachta a bhunú i mBaile Ghib ag tús an chéid seo, agus theip ar an iarracht, cé go rabhthas ag tairiscint na dtithe ar chostas a bhí réasúnach go leor ag an am. Admhaím nach raibh sé chomh maith leis an suíomh seo a luann tú, ach bhí pobal áirithe Gaeltachta ann cheana, bunscoil agus ar uile. I mo thuairim féin, bhí an áit beagáinín ró-fhada ó Bh.Á.C. chun daoine a bheadh ag obair ansin a mhealladh.
    Os a choinne sin, tuigim gur éirigh le muintir Ráth Chairn eastáit bheag tithíochta a thógáil agus a líonadh, rud a theastaíonn má tá an Ghaeltacht sin le maireachtáil – mar tá go leor daoine gan Ghaeilge tar éis teach a cheannacht nó a thógáil san áit le tamall de bhlianta anuas, agus cuidíonn an dlús daonra atá sa sráidbhaile nua sin an teanga a choinneáil beo mar is lárphointe é don Ghaeltacht ar fad.

    Ar ábhar eile, tá réimse mhór fhada de Ghaelscoileanna ann timpeall na tíre. Glacaim leis, má tá muid chun Gaeltacht nua a fhorbairt, go mbeidh páistí ag cuid mhaith de na daoine a lonnóidh inti. Bheadh sé ciallmhar tógáil ar obair atá déanta cheana féin, agus lonnú in aice le Gaelscoil atá ann cheana, agus gar do mheánscoil. Luann tú go bhfuil a leithéid ann i gcathair Chill Choinnigh agus i mbaile Cheatharlaigh, ach go bhfuil turas 10 míle i gceist. Cibé faoi na daltaí meánscoile, creidim go n-aontódh tú go mb’fhearr i bhfad bunscoil a bheith ar leic an dorais ag na tuismitheoirí bochta.

    Beireann sé sin muid ar ais chun an phlé idir lámha.
    Tá raidhse Gaelscoileanna i mórcheantar BhÁC.
    Tá roinnt Meánscoileanna ann: i mBrí Chualann, sa gCurrach, Tamhlacht, Cluain Dolcáin, Leamhcán, Domhnach Míde, an Cabrach, Glas Naíon, agus Stigh Lorcáin.

    Ar chúinsí airgid, bheadh an claonadh ionam an trí cheantar deireannacha a fhágáil as an áireamh – is ceantair shaibhreacha iad, agus costasach teacht ar shuíomh iontu dá bharr. Ach níl anseo ach claonadh, ní chuirfinn as an áireamh ar fad iad, dá dtiocfadh suíomh ar aghaidh b’fhiú é a thógáil ann.

    Dar leis an suíomh DAFT, tá meánchostas tí €260k in iarthar BhÁC, agus €272k i gCo Chill Dara – i bhfad níos saoire ná mar atá i gceantar ar bith eile sna bólaí sin, le €283k i lár na cathrach, áit bheadh sé deacair teacht ar shuíomh feiliúnach, €318k i dtuaisceart an chontae, €334k agus €343k i dtuaisceart agus i ndeisceart na cathrach faoi seach, €475k i ndeisceart an chontae, agus €377k i gCo Chill Mhantáin. Athróidh na costais sin, agus is síos a rachaidh siad. Creidim go mbeidh neart deiseanna ann teacht ar eastáit tithe atá tógtha cheana, agus le spás chun fáis.

    Fágann sé sin fós 4 cheantar a bhfuil meánscoil ann: an Currach, Tamhlacht, Cluain Dolcáin, agus Leamhcán. Theastódh tuilleadh taighde chun teacht ar an áit cheart, ach beidh sladmhargaí le fáil agus ba chóir dúinn súil a choinneáil amach agus a bheith réidh chun gníomhú nuair thiocfaidh an t-am.

    Freagra
  13. séamus Mac Seáin

    A Choilm a chara
    sin an píosa is ciallmhara dar chuala mise le fada faoi na lonnaíochtaí Gaeilge seo. An bhfuil tusa ag baint le BAILE? An bhfuil níos mó i gceist ag BAILE ná suíomh idirlíon agus staidéar féidireachtaí?.An bhfuil ainmneacha daoine ceangailte leis? Má tá nach mithid a theacht amach as an “Chófra” agus á nainmneacha a chur ós ard? Ní tharlóidh na Gaeltachtaí nua seo dar liom ach amháin in áiteanna a bhfuil obair ar fáil cheana féin ag daoine mar atá luaite agat sa phíosa sin.Da mbéinn in aois a dtiocfadh liom tabhairt faoin a leithéid is i mBaile mór éigin a chuirfinn tús leis agus i mBaile Átha Cliath a b’fhearr.Mura mbeadh i gceist anseo ach dul a chónaigh san áit a bhfuil Gaeilge b’fhearr dul a chónaigh sa Ghaeltacht mar atá déanta ag Concubhar bail ó Dhia air ach is gníomh creidimh san athbheochán a bheadh sna lonnaíochtaí seo agus dá mó an pobal thart orthu is fearr.tá níos mó ná bealach amháin ann le rud mar seo a dhéanamh ach go dtí go bhfuil beirt nó triúr nó ceathrar sásta á gcloigne a ardú agus a naimneacha a cheangail leis ní bheidh mait ann.Is cinnte mar atá luaite agat go bhfuil estáit iomlána de dheas do na bailte móra atá ina luí gan chríoch a dtiocfadh bogadh isteach iontu ar luach réasúnta ach caithfidh na daoine a bheidh agat ar dtús.Ní bheidh dala chomh fabhrach dona leithéid seo agus atá sé anois.Anois an tam ag BAILE le breith nó fág.Is cuimhin liom an rud seo uilig a phlé ag cruinniú i mBaile Átha Cliath 20 bliain ó shin ach níor tharla a dhath ina dhiaidh.an bhfuil athrú le bheith ann an tam seo?. Is cinnte go bhfuil sé chomh tabhachtach le cruinniú agóide a reachtáil i gcoinne an Bord Snip

    Freagra
    1. colm

      Níl baint agam le BAILE, ach bhí le grúpa eile ar feadh tamall de bhlianta. Faraor nach dtáinig aon rud as fós. Ach tar éis an méid atá feicfidh anseo agam, níl aon amhras agam ach gurbh fhiú teacht le chéile sna seachtainí amach romhainn agus feiceáil an féidir linn tarraingt le chéile agus plean a chur le chéile.
      Chomh maith le daoine aonaracha, b’fhiú do BHAILE agus co CHOMHLUADAR a bheith páirteach, do dhaoine as Béal Feirste, as Ráth Chairn agus as Baile Ghib chun a dtaithí a roinnt agus muid a chur ar bhóthar ár leasa.
      Theastódh dáta agus ionad chun a phlé a dhéanamh.
      Cé atá ar a shon?

      Freagra
  14. GGN

    A Shéamuis,

    B’iarracht Baile – theip air, ceachtanna foghlamtha ach níl Baile ag cur bac ar éinne eile.

    Freagra
  15. séamus Mac Seáin

    a coilimach
    Chuir baicle beag againn tús lena leithéid i mBéal Feirste 40 bliain ó shin agus má tá aon rud le foghlaim ón rud a rinne muid bhéinnse sásta mo tháithí roinnt le duine ar bith, cé go sílim go gcaithfidh gach glún dá dtig rudaí a dhéanamh ar a bealach féin.Má’s fíor do GGN go bhfuil deireadh le BAILE is dócha go mbeadh COMHLUADAIR fóirstineach mar ghléas le cruinniú a thabhairt le chéile a fhad a’s nach núsáideann daoine an eagraíocht mar “scáth folaigh”.Is daoine seachas eagraíocht atá ag teastáil dar liom.

    Freagra
    1. colm

      Cinnte, a Shéamais, bhesuim agam i dtaithí ar bith a d’fhéadfá a roinnt liom – ach i dtosach, teastaíonn grúpa a mbeadh sásta tabhairt faoin togra.

      Freagra

Freagair colm Cealaigh an freagra