Ag dul i dtaithí ar Leabhar na n-Aghaidheanna

Bhíos ar chúpla lá saoire le déanaí, gan teacht agam ar fiú ceangal idirlín ar an iPhone, agus mar sin bhí mé im thost. Is binn béal ina thost, gan amhras.

Ar aon nós, tar éis dom filleadh, chuala mé mar gheall ar Ghaelú Facebook. Agus caithfidh mé a admháil gur snasta an jab a deineadh ar an acmhainn idirlín seo.

Tar éis dom a thuilleadh fiosruithe a dhéanamh, feictear dom go bhfuil pobal Gaelach bríomhar is líonmhar ar Leabhar na nAghaidheanna. Is brea liom é a fheiscint agus táim cinnte go bhfasfaidh sé go rábach. Roinntear an oiread eolais ann go bhfuil sé deacair gan a bheith tógtha leis.

5 thuairim ar “Ag dul i dtaithí ar Leabhar na n-Aghaidheanna

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Táim ag iarraidh mo chuid trachtannaí anseo a lua ar mo leathnach Facebook – an bhfuil a fhios ag aoinne an bealach simplí chun seo a dhéanamh?

    Freagra
  2. Seán Mór

    san áit a deir sé ‘what’s on you mind’ nó ‘céard atá ar d’intinn, is féidir ‘nasc’ nó ‘link’ a chur ansin. Tchífidh tú é mar chuireann tú do cursor an bealach sin. Níl le déanamh ach an nasc a chóipeáil agus a chur isteach, agus brúigh ar ‘roinn’ nó ‘share’…. gan aon dabht, réabhlóid shóisialta theicneolaíochta atá in faoebook, a Choncubhair.

    Freagra
  3. instsignpost

    Bhí mé díreach chun an rud a dúirt Seán Mór a rá leis…ní gá duit rud ar bith a scríobh ach téir chuig an mír “Ceangail” atá faoi “Scríobh rud éigin..”
    Tá ceithre cheangail ansin Griangraf, Físeán, Nasc agus Brontannas. Má bhrúann tú ar an Nasc osclaítear bosca faoi leis na litreacha http:// má greamaíonn tú do URL (m.s. https://igaeilge.wordpress.com/2009/07/28/ag-dul-i-dtaithi-ar-leabhar-na-n-aghaidheanna/)
    Ansin brú ceangail tá an nasc déanta.
    Má tá níos mó ná pictiúir amháin agat ar an leathannach is féidir an ceann is fearr leat a roghnú nó gan ceann ar bith a roghnú.
    Ansin níl le déanamh agat ach “Comhroin” a bhrú agus tá sé déanta!

    Freagra

Freagair Seán Mór Cealaigh an freagra