Aifric – ‘Hannah Montana’ na Gaeilge

aifric17
Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin bheith ag tuairisciú ar phlean uaillmhianach, cheap mé, scánnán a dhéanamh den chlár teilifíse do dhéagóirí, Aifric. Bhí gach rud faoi réir ag an gcomhlacht léirithe agus bhíodar dírithe ar an scannán a leiriú an Samhradh seo.

Dhiultaigh an Bórd Scannáin don iarratas agus anois tá iarrachtaí ar bun chun scannán laghdaithe a léiriú, bunaithe ar bhuiséad nios lú.

Ní thuigim cinneadh an Bhóird Scannáin ach go bhfuil a fhios agam nach dtacaíonn siad go h-ionadúil le scannáin Ghaeilge. Bhí deacrachtaí freisin ag ‘Cré na Cille’ agus d’eirigh leis an scannán sin áít a bhaint ar an ngearrliosta le h-aghaidh féile mór scannáin san Áis, rud a leiríonn nach bhfuil gach eolas ar an gcéard seo ag an mBord Scannáin.

Dealraíonn sé dom go raibh margadh cruthaithe ag an sraith teilifíse le h-aghaidh an scannán – lucht leanúna nach beag i measc lucht scoile na tíre, dream a thaithníonn na scéalta faoi chúrsaí grá agus teaghlaigh a bhí fite fuaite sa sraith seo.

Ritheann sé liom gur togra é seo ar cheart tacaíocht a fháil ó leithéidí Ciste na Gaeilge – táím réasúnta cinnte gur infhéistíocht é seo a bheadh rath air do chuile thaobh.

Más aon tomhas Hannah Montana, an comparáid is giorra do Aifric, is cinnte go saothródh sé luach a infhéistíochta ar ais.

Tá roinnt tograí fiúntacha Gaelacha ann ná raibh gá ar bith le Bórd Snip chun deireadh a chur leo. Ba leor an bhiogóidíocht frith Ghaelach atá sna h-údaráís chun iad a chur go tóin phoil.

Aon tuairim amháin ar “Aifric – ‘Hannah Montana’ na Gaeilge

  1. aonghus

    M’anam gur fíor dhuit.

    Fiú na tograí – gearrscannáin abair – ar thug siad tacaíocht dhóibh, ní dhearna siad faic futhu ina dhiadh sin. Faoi Oideas Gael a bhí sé DVD – a rinneadh do scoileanna – a reic níos leithne.

    Is cinnte go bhfuil ábhar le reic i leith Aifric.

    Ach fuair BSÉ an snip freisin ó MacCarthy!

    Freagra

Freagra