Meoin na teipe

Deirtear go bhfaigheann an meatachán bás míle uair sara chailltear é agus an duine cróga, ní bhfaigheann sé bás ach an uair amháin.

B’shin an smaoineamh a rith liom agus mé ag léamh alt le Seán Tadhg Ó Gairbhí san Irish Times inniu. Dá bhféadfaí téama a lua leis an alt, ba é go raibh bás na Gaeilge i ndán go luath de bharr an baol a bheith ann go gcuirfí moltaí Mhic Charthaigh i bhfeidhm.

Níl aon amhras orm ach go gcuirfear moltaí Mhic Charthaigh, a bhfurmhór mhór acu ar aon nós, i bhfeidhm agus go ndeinfear sceannairt ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht. Más aon tomhas na meáin Bhéarla, is beag an comhbhá atá sa phobal do theanga na ndeontaisí ag an am seo.

Bíodh san mar atá, tá gá leis an mbagairt seo a aithint mar dheis. Ach is léir ó alt Mhic Ghairbhí go bhfuil cuid ag geilleadh an cluiche roimh a thosnaítear ar an imirt ar chorr ar bith.

Níl aon amhras ann ach go gcreideann údair na tuarascála go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na ‘bpríorachtaí’ atá sleamhnaithe ar gcúl agus gurb é an Béarla i gcónaí, mar a dúirt an file tráth, “the perfect language to sell pigs in”.

Más rud é go n-aontaíonn an Rialtas leis an léamh sin ar thábhacht na Gaeilge ní thabharfar ón mbás í.

Mar in ainneoin na ganfhiosaíochta agus na bréagchráiféachta a bhain, agus a bhaineann fós, le cuid mhaith d’iarrachtaí an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, is fíor fós go gcailltear teangacha leochaileacha ceal tacaíocht stáit agus go dtagann teangacha leochaileacha slán ach tacaíocht láidir bheith acu ó na húdaráis.

Cinnte tá gá le tacaiocht ón Rialtas ach is tabhachtaí i bhfad gniomhaíocht uainne má táimíd chun an Ghaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

Tá dealramh éigean leis an ráiteas seo ó iar eagarthóir Foinse:

Má táthar le hatheagar a dhéanamh ar earnáil na Gaeilge, deintear le samhlaíocht agus tuiscint é, dhá rud atá in easnamh ar thuarascáil Mhic Cárthaigh fad is a bhaineann sé le ceist mhaoiniú na Gaeilge.

Tabhair faoi ndeara go mbaineann sé úsáid as an saorbhriathar agus é ag labhairt faoi ‘atheagar ar earnáil na Gaeilge’. Is é sin an dearcadh ‘i bhfad uaim’ an phian agus an chostas agus an dhiograis is an ghníomh ar ghá leis chun an obair seo a dhéanamh. Fagfaimíd faoin Rialtas é, sin an teachtaireacht atá ag an scriobhnóir.

Ní h-aon íontas gur chuaigh Foinse go tóín poill mura bhfuil de throid san iar eagarthóír ach geilleadh gach uair a bhuaileann constaic ina choinnibh.

Nior mhaith liom bheith ró chruaigh ar dhuine ar bith. Ach níl anseo ach an seana phort go deo deo ó lucht na Gaeilge. Cuid acu, nuair a bhionn siad ina suí go socúil agus ag tarraingt pá brea agus gan tuiscint acu ar an saol athrach ar an saol lasmuigh den Ghaeilge, nuair a bhuaileann an géarchéim, téann siad i laige ar fad. Ní fiú faic an cineal seo teachtaireachta.

Tá géarchéim sa tír ar fad faoi láthair, ní in earnáíl na Gaeilge amháin nó sa Ghaeltacht amháin. An solás atá le baint as seo go bhfuil tost ar an achrann leanúnach idir Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus an tÚdarás is go bhfuil deireadh leis an chaint faoi na catargóirí ‘A’, ‘B” agus ‘C’. Beag an chaint freisin faoi ‘bPlean chun an Ghaeilge a athbheochan mar theanga náisiúnta i dtír dhá theangach faoi 2028/2030/?).

Nuair a foilsíodh an tuarascáil seo an tseachtain seo chaite, b’iad Cumann na Sagart an chéad grúpa a labhair amach ina choinnibh. Maith iad! Ach mura ndeileáilimíd i slí cruthaitheach is fiontrach leis an dúshlán seo, agus go bhfeicfear gur ar leas an phobail atá gluaiseacht na Gaeilge (rud atá fíor go h-iomlán creidim, seachas roinnt grúpaí a bhionn ag tochas ar son a gceirtlín seachas ar son na gluaiseachta).

7 dtuairim ar “Meoin na teipe

  1. Sean Mór

    Tá daoine ann agus níl siad in ann labhairt faoi chur chun cinn na Gaeilge gan clamhsán a dhéanamh faoi easpa maoinithe. Tá maoiniú tábhachtach cinnte, agus an dóigh a dháiltear an maoiniú sin. Tá tacaíocht an stáit tábhachtach fosta. Ach an bhfuil a fhios agat seo, an gníomh is mó ar son na Gaeilge a dhéanann go leor daoine ná Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí… níor chosnaigh sin pingin rua, agus chruthaigh sé na cainteoirí Gaeilge is fearr dá bhfuil againn. B’fhéidir go bhfuil sé in am eagraíocht a bhunú a mbeadh sé de sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar na mílte dóigh ar féidir sin a dhéanamh GAN AON DEONTAS, nó GAN AON TACAÍOCHT STÁIT. Tá Nós agus An Druma Mór agus Igaeilge agus go leor eile ar thús cadhnaíochta sa mheon sin.

    Freagra
  2. RG Cuan

    Ceart ar fad agat a Choncubhair, troidfidh muid linn i gcónaí, cuma tacaíocht stáit ann nó as.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    má’s fíor do TG4 anocht tá BÁRD NA nGLEANN i gcorcaigh ag beartú cur isteach ar chonradh an phaipéir seachtaine agus ar E400,000 sa bhliain dar leat go dtiocfadh brabach maith a dhéanamh as go háirithe nuair nach bhfuil i gceist ach go mbeadh sé le rá go bhfuil páipéar Gaeilge ann ba chuma an caighdeán a bheith maith olc nó dona. Is suaimhniú coinsíasa an Náisiúin atá i gceist anseo seachas páipéar dlisteanach nuachta a chur ar fáil.Mura b’é, chaithfeadh an Foras níos faide ná aon chruinniú amháin ag meabhrú air.Is maith liom gur dhúirt NUACHT 24 cheana féin nach bhfuil suim acu ann ach nach trua nár tapaíodh an deis leis an E400,000 sa bhliain a rannadh ar 8 gcinn de shuíomhanna idirlíne fud fad na tíre a bheadh ag freastáil ar rannoga éagsúla tíre go díreach mar atá á dhéanamh ag dreamanna neamhspleacha cheana féin agus ní bheadh sé as an cheist dar liom nach dtiocfadh le cuid acu ar a laghad cóip clóite den abhar a chur ar fáil chomh maith nó iad uilig a chur le chéile agus cóip lóite amháin de na haltanna is fearr a chur amach uair sa seachtain.An bhfuil sin ró radacach?

    Freagra
  4. Seán Mícháel O Donnchadha

    Sea aontaoim le Sean Mór.Bhi mise i Harlsden Londain NW6 Sasna i dtig tabhairne an Royal Oak 1974 agus tháinig beirt fhear ó Chonamara isteach agus thosnaíodar ag labhairt Gaeilge.Thosnaigh mise ag labhairt Gaeilge leo agus cé nach raibh mo chuid Ghaeilge thar moladh beirte bhí togha óiche againn ag tabhairt amach faoí na Sasanaigh i ngan fhios doibh.Ní raibh aon ionsparáid de dhith orainn ó Éamon Ó Cuív na an Rialtas cé go rabhamar ag tabhairt amach faoi a uncail Éamon DeValera.An Gaeilge a mhuineadh dár bpaistí agus tachaíocht a thabhairt do na Gaelscoileanna an slí chun tosaigh.Beidh na h-echnamaí ó D4 ag labhairt Gaeilge fós, nár chuala mé aghallamh le Colm MacCarthaigh féin ó
    Scoil SamhraidhMacGill ar nuacht TG4 agus Gaeilge maith
    aige.Tá an pheil polaitíochta taréis tosnú agus Gilmore ag moladh anocht gur fearr Roinn na Gaeltachta a chur isteach i Rionn an Taoisigh, FG ag moladh gur fearr é a fhagaint mar a bhfuil sé.Tá praiseach déanta dár dtír ag na polaiteoirí agus nior cheart ligint doibh praiseach a dheanamh den Teanga.Nách bhfuil ag éirí nios fearr le h-athbheochan na teanga ó thuaidh gan aon tachaíocht ón stáit.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    an chaint seo ag Gilmore ar an Ghaeilge a chuir faoi choimirce roinn an Taoisigh,má’s buan mo chuimhne trialladh sin ceana fein le linn réimis Chathal Uí Eochaidh agus bhí an rud ina phráiseach ceart.Bímis cúramach faoi na Gréagaigh agus na bronntanais.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s