Cartlanna Clibe: Facebook

An ‘Conas atá tú’ Rap….

Seo chugaibh an rap is déanaí ó Bubba Shakespeare, rap bhard na nGael, agus GMC, a leathrapadóir.     Níl aon ghrá acu do Pheig bocht ach beidh siad i láthair ag an bpicnic leictreach ag tús na míosa seo chugainn.   Tháinig an físeán seo chugam óna leathnach ‘Facebook’.   An bhfuil Gaeilge níos deise ar sin ná ‘Aghaidhleabhar’?

Ní chosnóidh sé ach 99c ort cuidiú leo an amhrán Ghaeilge seo a chur ar bharr na gcairteacha Éireannacha.  Cuir téacs ‘Music 3595’ go dtí 57501 agus ba cheart go gcuideodh sin.  Ní mór dom a rá, áfach, gur thriail mé sin níos luaithe ar mo iphone agus ar mo fón phóca eile agus níl aon toradh go fóill.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an leathnach facebook atá acu….

Ag dul i dtaithí ar Leabhar na n-Aghaidheanna

Bhíos ar chúpla lá saoire le déanaí, gan teacht agam ar fiú ceangal idirlín ar an iPhone, agus mar sin bhí mé im thost. Is binn béal ina thost, gan amhras.

Ar aon nós, tar éis dom filleadh, chuala mé mar gheall ar Ghaelú Facebook. Agus caithfidh mé a admháil gur snasta an jab a deineadh ar an acmhainn idirlín seo.

Tar éis dom a thuilleadh fiosruithe a dhéanamh, feictear dom go bhfuil pobal Gaelach bríomhar is líonmhar ar Leabhar na nAghaidheanna. Is brea liom é a fheiscint agus táim cinnte go bhfasfaidh sé go rábach. Roinntear an oiread eolais ann go bhfuil sé deacair gan a bheith tógtha leis.

Aistriúcháin in aisce ar Facebook

Tuairim spéisiúil ar fiú é a chur ós bhúr gcomhair.   Bhí scéal sa Sunday Times ag an deireadh seachtaine faoi iarracht atá á dhéanamh leagan Ghaeilge de ‘Facebook’ a chur ar fáil.   ‘Feidhmchlár’ atá á thabhairt acu air.   

Bhí baint bheag agam féin le h-iarracht a deineadh anuraidh chun leagan Ghaeilge de suíomh cosuíl le ‘Facebook’ a chur ar fáil.   Tá An Líonra Soisialta beo faoi láthair ach ar chúiseanna éagsúla nár fiú iad a phlé anseo, cúiseanna teicniúla, níl sé ag feidhmiú ag barr a mhaitheasa. 

I gcás An Líonra, ba mé féin a chuir an chuid is mó den aistriúchán ar fáil.   Ach le Feidhmchlár, is na h-úsáideoirí féin atá á dhéanamh.   Tá leaganacha Ghaeilge de théarmaí ar nós ‘poke’ cumtha acu – sonc=poke – agus tá sé ag dul leis.  Caithfidh mé a rá nach dtaitníonn an leagan Ghaeilge d’ainm an suímh liom.  B’fhearr liom rud éigean a bheadh níos cairdiúla ná ‘Feidhmchlár’ – aon tuairimí agaibh? 

Ar aon nós, tá daoine den tuairim go bhféadfaí an modh oibre seo a úsáid chun tabhairt faoi chaipéisí rialtais a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.  

Dá gcuirfí i bhfeidhm an módh oibre seo, modh oibre atá usáidte chun leagan Ghaeilge de Wikipedia a chur ar fáil mar shampla, chiallódh sé go mbeadh comhartha ceiste faoi thodhchaí thionscal an aistriúcháin, tionscal atá ag solathar slí beatha do go leor chéimithe Ghaeilge faoi láthair. 

An fearrde a bheadh an Ghaeilge dá mbeadh deireadh le tionscal an aistriúcháin mar thionscal ghairmiúíl agus go mbeadh an deis céanna ag gach éinne a bheith páirteach ann, gan de luach saothair ach an saothar féin?  

Nó an é an toradh a bheadh ar seo nach mbeadh ach grúpa beag fanaiceoirí páirteach ina leitheid de shaothar – tá an saol ró ghar do chuid is mó againn le bheith i mbun oibre dá leitheid – agus go mbeadh deireadh leis an aistriúchán ar fad?

Agus cad é an toradh a bheadh ag seo ar an Ghaeilge mar theanga phobail?  

An bhfuil seans ann go mbeadh daoine ag plé leis an teanga ansan de bharr go bhfuil pleisiúr ag baint lei – seachas slí beatha le baint aistí?   An mbeadh a leitheid sin d’athrú bunusach ar an gcaidreamh idir an teanga agus an pobal chun leasa na Gaeilge nó/agus an phobail? 

In áit bheith ag caint, mar a bhionn an Aire O Cuív faoi láthair, ar institiúidí nó forais [tá droch chlú ar an cineal sin eagrais] ar cheart bheith ag féachaint ar an mbealach a bhaineann daoine úsáid as an teanga go laethúil i bhfirinne seachas bheith ag iarraidh an ‘normalú’ bréagach seo a dhéanamh uirthí?