Anois tá sé ráite agat…

In alt san Irish TImes , chuaigh an Ollamh Ray Kinsella go cnámh na h-uilinne.

We are looking at a fracturing and realignment of political institutions which do not speak to the sensibilities of a young generation they have beggared, nor to the needs of those who felt themselves entitled to something better having contributed much of their lives to the development of the Irish economy.

Agus ag deireadh, b’é seo a bhí á mholadh aige:

We need a realignment of politics in Ireland – we need democratic choices that mean something to contemporary society. We need a sense of right and wrong. We need a whole new political ethic premised on values-based leadership.

We need to engage individuals who have little interest in power as such, who have a commitment as well as a widely acknowledged expertise that is capable of restoring trust, confidence and a sense of direction.

Is annamh gur aontaíos an oiread le h-alt is ar aontaigh mé leis an alt seo ón Dr. Kinsella, údar leabhair úir, Restoring Trust In Banking, a bheidh á fhoilsiú an mhí seo chughainn.

I 2007, roimh an olltoghchán, scrígh mé alt do Lá Nua ag déanamh tuar thubaisteach d’Fhianna Fáíl san olltoghchán sin. Más buan mo chuimhne bhí an páirtí chun breis is 30 suiochán a chailliúint de reir na h-anailíse a rinne mé. Cuid de na cúinsí a luaigh mé san alt sin leis an dtuar, tá siad luaite san alt ag an Dr. Kinsella inniu. Conas a fhéadfaí rialtas a rinne scrios, fiú i ré an rachmais ar an gcóras sláine is ar an gcóras oideachais, a athtoghadh? Sin a rinneamar. Ciall cheannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear, deirtear. Tá súil agam go bhfuil sin amhlaidh.

Bhí an tOllamh ag brath ar an léirmheas is déanaí ón gCiste Idirnáisiúnta Airgeadais, an IMF, agus é ag rá:

The most recent assessment of the global economy by the International Monetary Fund – and its evaluation of Ireland’s financial sector – makes sombre but not unexpected reading. The most recent Central Statistic Office data for the final quarter of 2008 shows a sharp decline in investment. Meanwhile, the live register is now escalating and is set to reach new levels before the end of this year.

This would strain the most robust and inclusive political system. In the case of Ireland, which faces both local elections and a contentious referendum, there is every possibility that what has happened will test the limits of tolerance of a population that is not without experience of the pains of unemployment and emigration.

Tá an IMF anois ag moladh go ndéanfadh an Rialtas sealbhú sealadach ar na bainc, d’fhonn iad a shabháil. Seo an IMF céanna a bhí ag moladh do gach tír gach saoráid phoiblí a phriobháidiú le blianta beaga anuas – agus féach cár fhag sin sinn? Gan córas teileachumarsáide atá inchurtha le riachtanais na linne seo!

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tír seo á rith de réir eiteois an IMF – seirbhísí sláínte á ghearradh, acmhainní á cheilt ar an gcóras oideachais is eile.

Agus is beag is fiú an ‘íbirt’ atá déanta ag an Rialtas, báta agus bóthar a thabhairt do seachtar Aire Stáit, amhail is go bhfuil brí le sin. Níl ann ach sorcas.

San anál céannathug an Taoiseach le fios nach mbeadh an Rialtas ag baint na bpinsin ó iar airí rialtais atá fós ina dTeachtaí Dála. Agus nach mbeadh na h-iocaíochtaí fad seirbhise a cheilt ar na Teachtaí Dála.

Gabh mo leithscéal, ar thárla go raibh agóidí ar na sraideanna ag an dhá ghrúpa ‘íobartach’ seo nár thug mé faoi ndeara? Nó an é gur thug leithéidí Bertie Ahern is eile le fios nach mbeadh a vóta ar fáil ag an Taoiseach úr dá gcuirfí an ciorrú €150,000 in aghaidh na bliana i bhfeidhm air?

Cad a tharla ar chúl téarmaí chun an athrú poirt seo a spreagadh?

Aon tuairim amháin ar “Anois tá sé ráite agat…

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim leat faoi d`anailís ar chúrsaí polataíochta sa tír seo agus leis an t-uasal Kinsella.Bá cheart go mbeadh an toghacháin deiridh cáilte ag FF ach thóg na daoine a súl ón liathróid, mar a dhearfá.Saint an Tíogar Cheiltigh bá chúis leis.Bhotálamar mar saoránaigh d`eachnamaíocht agus ní mar saoránaigh de Thír Poblántanach.Sé an rud is mó a chuireann díoma orm anois ná nach bhfuil aon rath ar FF ná Pairtí an Lucht Oibre comh mhaith.Bhí breaga á insint ag Comhann lá an mionbhuiséad faoi iobairtí a rialtas féin agus mar dúirt mé cúpla lá ó shoin fiú polaiteoirí nua mar Seán Ó Cheallaigh ní fheiceann siad aon rud mí cheart faoi Michael Lowry.Go sabhála Dia sinn go léir !!!!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s