Fiche bliain gan bogadh suntasach….

fichebliainagfanuint

Agus mé tar éis roinnt machnaimh a dhéanamh le cúpla lá anuas ar phríomh thorthaí an suirbhé seo, caithfidh mé a rá go bhfuil abhairín díomá orm agus go bhfuil tuiscint níos soiléire agam ar an dúshlán atá romhainn, sinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn cibé slí is féidir.

Mar a léiríonn an léaráid thuas, tá libhéal suntasach tacaíochta i measc an phobail don Ghaeilge – 93.2% a thacaíonn le athbheochan na Gaeilge mar theanga phobail nó caomhnú na teanga sa Ghaeltacht agus sa réimse chultúr agus ealaíon – ach léiríonn na figiúiri, nuair a dheintear comparáid idir iad agus figiúirí 1987-8 nuair a deineadh an suirbhé deireannach den chineál is den scála céanna, go raibh creimeadh beag ar an libhéal tacaíochta don teanga. Thit sé ó 94.5% go dtí 93.2%.

Titim beag atá i gceist ansan – tá sé taobh istigh den réimse earráide – ach is titim é a thit amach le linn tréimhse inar bunaíodh TG4/TnaG, ina raibh fás ollmhór ar líon na nGaelscoileanna agus inar reachtaiodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus inar bronnadh, faoi dheireadh, stadas mar theanga oifigiúil oibre ar an nGaeilge san Aontas Eorpach.

Shamhlaíos féin gur cheart go mbeadh tionchar dearfach ag bunú TG4/TnaG i 1996 ar ár dtacaíocht don Ghaeilge agus go mbeadh an tionchar sin le sonrú i suirbhé den chineál seo. Is cinnte gur cheart go mbeadh tionchar dearfach ag blathú na nGaelscoileanna ar an staitistic. Tá na mílte páistí tar éis oideachas den scoth a fháil i nGaelscoileanna sa tréimhse fiche bliain sin.

B’fhéidir go bhfuil sé ró luath go fóill bheith ag súil le toradh dearfach suntasach ó reachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas – ach tá mo thuairim féin agam gur ar éigean go bhféadfadh beartais atá nádúr maorláthach acu, seachas iad a bheith préamhaithe i nithe a bheadh tionchar acu ar shaol laethúil an phobail.

Dhearúdas bunú Foras na Gaeilge i 1999 a chur san áireamh sa reicneáil thuas – trachtaireacht ann féin an ligint i ndearúd sin. Ní chreidim go raibh tionchar dearfach suntasach ag an bhForas ar íomhá na Gaeilge i measc an phobail. Tá daoine a dhéarfadh nach aon iontas an tuairim sin agus é á nochtadh agamsa ach fagfaimís ar leataobh mo thaithí phearsanta leis an Fhoras agus díreoimis ar an airgead atá caite ag an bhForas le deich mbliana anuas. Go maith oscionn €180m atá i gceist – cé nach féidir linn aon meastóireacht a dhéanamh ar thart ar €100m nó níl na cúntais foilsithe go fóill le h-aghaidh 2004-2008 (5 bliana ag €20m in aghaidh na bliana).

Creidimse ach amháin TG4, Gaelscoileanna agus eile, go mbeadh an tacaíocht don Ghaeilge i bhfad níos ísle sa suirbhé seo ná mar a bheadh dá uireasa. Méar sa dhíog a bhí sna beartais sin agus iarrachtaí eile, leithéidí Lá Nua. Foinse is na h-iarrachtaí barr luachmhara a deineadh ar an talamh, léithéidí Port Láirge le Gaoluinn, Tiobrad Arann ag Labhairt is go leor eile. Is iad sin an fath go bhfuil an libhéal don Ghaeilge chomh seasta sin.

Chun go mbeadh an libhéal seasta sin á chaomhnú, fiú, gan bacaint le dul chun cinn, beidh, dar liom, iarracht i bhfad níos tréine ag teastáilt san am atá romhainn. Creidim gur gá go mbeidh an infheistíocht is mó allais is iarrachtaí á dhéanamh in earnáíl na meáin.

Bítear ag caint ar choinnioll teanga a bheith i bhfeidhm sna Gaeltachtaí le cinntiú go ndíolfar tithe nua le daoine le Gaeilge. Níl mé cinnte faoi eifeacht an choinníl teanga – cad is fiú bheith ag iarraidh daoine atá ag togáil tí sa Ghaeltacht a chur faoi scrúdú Ghaeilge – is iad na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht theana atá ag baint níos mó úsáide as an mBéarla!

Ach cad faoi coinnioll teanga a chur i bhfeidhm sna meáin cumarsáide. Mar shampla go gcuirfí ina luí ar chomhlachtaí nuachtáin is meáin chraolta eile go mbeadh orthu aitheantas a thabhairt don phobal Ghaeilge sa tír tre cláracha, ailt is eile a fhoilsiú nó a chraoladh. Bheadh orthu an choinnioll sin a shasamh le go mbeadh siad ag teacht ar sciar den bhuiséad ollmhór a bhionn á chaitheamh ag earnáil an Stait ar fhograíocht sna meáin seo.

Caitheadh luach €310m anuraidh ar fhograíocht sna nuachtáin naisiúnta. Is é mo bharúil go raibh isteach is amach le €100m ag teacht ón Stát. Ní chuireann sin san áireamh an méid airgid atá á chaitheamh ar fhograí Stáít ar na meáin chraolta.

Níl ann ach tuairim amháin. An bhfuil tuairim eile agaibh? Tuairim níos fearr?

5 thuairim ar “Fiche bliain gan bogadh suntasach….

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Bíonn ceisteanna faoi athbheochan na Ghaeilge an-dheachair i gcónaí.Ní h-iomaire é seo ina mbím ag treabhadh go minic.Ba cheart níos mó Gaeilge a bheith sna meán rialta cosúil leis an diabhal alt deachair san pappéar an taiféad.Ach sa deireadh caithfidh an t-uaillmhian a bheith san duine féin an Gaeilge a fhoglaim agus a úsáid ar bonn rialta.Fiú an dea scéal faoi na Gaelscoileanna is fíor ná labhrann na daltaí an Gaeilge nuair a fhagann siad an scoil.Ní fios dom cé an bóthar is fearr chun an Ghaeilge a athbheochan ach tá téipithe go tubaisteach ar na polasaithe go dtí an t-am seo.

    Freagra
  2. Cú Chonnacht

    Is cuma, dá ndéanfaí suirbhé amárach d’fheicfí, seans, 95% nó 94.9% agus mar sin de. Níl aon ní suntasach sa difríocht idir torthaí 1987-8 agus 2007-8.

    Freagra
  3. colm

    Ní tada é 1% i suirbhé mar seo, ní fiú a bheith buartha faoi.

    A mhalairt ghlan – má smaoiníonn tú ar an méid eachtrannaigh a tháinig chun cónaí sa tír sa tréimhse chéanna.

    Ach déanta na fírinne, níl fáth ar bith gan an Ghaeilge a bheith ar a thoil ag gach éinne a fuair a chuid oideachais sa tír seo – sé sin le rá, fáth ar bith seachas an bealach amscaí a mhúintear an teanga.
    Tá tíortha thar lear a éiríonn leo é seo a dhéanamh, an Ísiltír, an Danmhairg srl, gan trácht ar ceantracha éagsúla sa Spáinn ar nós na Catalóine, agus go pointe, Tír na mBascach.

    Freagra
  4. Seán Mór

    Is breá liom an smaoineamh go gcuirfí coinníoll teanga ar na meáin chumarsáide, a Choncubhair. San am i láthair, bíonn ailt ag cuid acu, agus má labhraíonn tú leo bíonn a bhformhór ‘báúil’… ach de bhrí nach bhfuil aon cheangal orthu rud ar bith a dhéanamh i nGaeilge ní dhéanann siad é.

    Tá dhá dhream fíorthábhachtach má tá muid le dlús a chur faoi labhairt na Gaeilge arís; an dream sin a raibh an Ghaeilge go measartha maith acu ar scoil a mhealladh ar ais chuig an teanga agus a athmhúscailt, agus an dream mór foghlaimeoirí fásta sin nach bhfuil in ann Foinse a léamh, ná RnaG a thuigbheáil, ná labhairt ar a sócúl le cainteoirí dúchais, agus a mhothaíonn ar an imeall i gcónaí, cé go bhfuil suim mhór acu sa teanga.

    Freagra
  5. Ping: Ó Cuív cáinte de bharr cur chuige ’sean fhaiseanta’ « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s