An chaint úd i gCairo….


Tá sé deacair a shamhlú, i ré seo an ‘soundbite’, go bhféadfadh oráid ó pholaiteoir bheith spreagúil, géar chúiseach agus dea thomhaiste. Ach is iad san – agus eile- na deathréithe atá á lua leis an gcaint a thug Barack Obama, Uachtarán Stait Aontaithe Mheiriceá, i gCairo inniu agus é ag iarraidh tús a chur le caidreamh nua idir SAM agus an domhan Mhuslamach.

Ní Muslamach mé – ach creidim gur eirigh leis an Uachtarán Obama aghaidh a thabhairt ar na gceisteanna tabhachtacha agus na lochtanna a bhí ar an dhá thaobh go h-eifeachtach agus i dteanga cúramach ach firinneach ag an am chéanna.

An mó uair a éisteann tú le polaiteoir agus iad ag ‘going forward’ agus a leithéid agus go dtuigeann tú go bhfuil sé nó sí i gcaint nach dtuigeann eisteoir nó cainteoir?

B’fhéidir go mbeidh mé ábalta teacht ar leagan físe den chaint ar Youtube ar ball – go dtí seo, is féidir an oráid a léamh i gcló anseo.

5 thuairim ar “An chaint úd i gCairo….

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Bí beacht agus cruinn, a Shéamuis, cad iad na rudaí fiúntacha a dúirt Obama agus Bush roimhe – agus cad iad na rudaí neamh fhiúntacha. Ón méid a chuala mise ó bhéal Bush, ní raibh sé ábalta cúpla focal a chur in ábairt gan praiseach a dhéanamh de. An bhfuilim ag déanamh ‘misunderestimating’ air?

    Tá an chaint seo spreagúil agus, le cois sin, tá sé simplí agus díreach!

    Freagra

Freagra