Ceisteanna don Aire

De réir Gaelport ar Twitter, tá an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le céistiú an Chéadaíon seo chugainn sa Dáil. Tá áthas orm sin a chlos gur mhaith liom deis a thabhairt do léitheoirí iGaeilge roinnt ceisteanna a fhoilsiú anseo agus is é an rud a dhéanfaidh mé go gcuirfidh mé ar aghaidh go dtí na h-urlabhraithe ag na páirtithe éagsúla iad féachaint an mbeidh seans acu ceann nó dhó a shleamhnú isteach mar aguisín nó ceist breise.

Seo iad roinnt de na céisteanna atá agam:
1. Maidir le Plean Ghaeilge 2028, cén uair a bheidh sé á phlé ag an gComhaireacht agus, ag glacadh leis go mbeidh sé ‘faofa’ ag an gcruinniú sin, cén uair a fhoilseofar é?
2. An mbeidh acmhainní breise ar fáil chun an Plean a chur i bhfeidhm? Cad as a dtiocfaidh na h-acmhainní seo mas amhlaidh an scéal?
3. An bhfuil sé i gceist ‘Údarás na Gaeilge’ a dhéanamh de ‘Údarás na Gaeltachta’ agus más amhlaidh an scéal an mbeidh baill an Údaráis sin le toghadh ag toghchán phoiblí? Is é Údarás na Gaeltachta an t-aon eagras stáit atá pobal bhunaithe sa chiall is go bhfuil daoine ón bpobal tofa ar bhórd an Údaráis; bheadh sé doghlactha dá dtarlódh sé nach dtiocfadh an cheangal seo idir an phobal agus an tÚdarás slán ó Phlean Ghaeilge 2028 agus go n-iompófaí é ina quango ar nós Foras na Gaeilge?
4. Cad é an ról, go beacht, atá á bheartú d’Fhoras na Gaeilge, foras a bunaíodh mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta? Glactar leis nach bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú ar bharr a bhuille, go bhfuil ceannaireacht mí eifeachtach air – cad iad na h-athruithe atá beartaithe?

Seo é bhúr deis cesteanna a chur agus bí ag faire anseo le fáil amach ar cuireadh do cheist agus, má cuireadh, cén freagra a tugadh….

Aon tuairim amháin ar “Ceisteanna don Aire

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Dá mbeidh na torthaí tochánaíochta chomh h-olc agus atá daoine ag tuar beidh ar Brian Ó Comhainn athbreithniú a dheanamh ar an Comhaireacht.Measaim go mbeidh deireadh le Ó Cuív agus Cullen.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s