Is é an cladhaire an bás a thagann
Go ciúin gan caint na teangan
Ar nós an taoide leathan
I gcuantaibh do shaol
Inniu a léigh mé an droch scéal faoi bhás ró óg Chiaráin Uí Chon Cheanainn, amhránaí óg ó Chonamara agus an t-é is óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada.
Níl a fhios agam conas mar a d’imigh sé uainn agus cad é an mire a bhí ar an mbás é a thógaint ón saol seo agus é chomh h-óg. Ach tá sé imithe.
Ní raibh aithne agam air ach bhí sé cloiste go minic agam ar an raidió ag ceol le binneas agus le dílseacht don traidisiún ónar fáisceadh é.
Guth sean nóis don ghlúin nua a bhí ann. Is saibhre sinn a chuala an guth sin – agus is saibhre traidisiún an tsean nóis de bharr éirim agus talainn an fhir óig seo.
Bhí an chur amach aige ar an sean nós gan aon amhras agus bhí sin soiléir óna chuid amhránaíochta. Agus bhí sé soiléir freisin sna nótaí eolgaiseacha is ealaíonta a chur sé ar fáil ar na h-amhráin is na fonnadóirí ar an ndluth dhiosca a sheol Cló Iar Chonnachta agus Ráidió na Gaeltachta ag an Oireachtas le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad 35 buaiteoir ar Chorn Uí Riada.
Mo léan lom ná raibh Ciarán ina measc mar nár bhuaigh sé an Chorn go dtí Oireachtas Chorcaí anuraidh.
Go raibh sé ag ceol i measc na n-aingeal.
Comhbhrón ó chroí lena mhuintir is a cháirde.
Is mór an tubaist é seo. Bhíodh Ciarán ag amhránaíocht go binn i Séipéil na Tulaigh ag na féilte móra – an uair deireannach ag Aifreann na Gine anuireadh.
Go dtuga Dia sólás dá mháthair agus a dhreifiúir Máirín.
Níor bhuail mé Ciarán ach an t-aon uair amháin–ag lorg cabhrach a bhíos maidir le téarma nó focal éigin a bhíos–agus b’é a bhí lách. Méala tubaisteach… R.I.P.
Is mór an briseadh croí a bhás. An-scoláire a bhí ann, an-fhear Gaelach, an-amhránaí, fear uasal, séimh umhal. Is mór an chailliúint é.
Nuacht an-bhrónach ar fad- ar dheis Dé go raibh a anam.
Cailliúint mhór agus briseadh croí do chuile dhuine a raibh aithne acu air. Fear óg uasal, lách, amhránaí breá agus cara. Go dtuga Dia sólás do Bhrídín, do Mháirín agus dá ghaolta agus cairde ar fad.
Aireoidh muid uainn go mor e. Saineolai teangan. Chuidigh se go mor linn. Suaimhneas siorai do.
Is mór an trua Ciarán bheith imithe uainn,
-sárcheoltóir an-lách, an-tuisceanach
dá aois a bhí ann-
agus gan é ach ag tús an róid.
Cailliúint an – mhór , fear chomh óg agus chomh ceolmhar sin, go nDeana Dia trócaire air.
Ping: Omós físe do Chiarán Ó Chon Cheanainn « iGaeilge