Athrú poirt Shinn Féin ró mhall chun Lá Nua a thartháil?

Is cosúil go gcaithfidh mé mo gheallúint féin a bhriseadh….

Tá deireadh ráite agam ar an ábhar seo go fóill – glacaim leis nach n-aontaíonn go leor liom ach ag an am chéanna, ní athraíonn sin mo sheasamh

….nó tá Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, tar éis a rá go poiblí: go mbeadh imeacht Lá Nua ina chéim siar.   Dúirt sé an méid céanna i mBéarla, mar sin caithfidh go bhfuil sé dáiríre. 

Is é an cheist simplí atá agam ná seo: céard tá SF chun déanamh chun an dochar a rinne siad a chur ina cheart? 

NUACHT TE BRUITE:   De réir foinse iontaofa, tá sé tugtha le fios dom go bhfuil an cinneadh déanta ag Grúpa Mheáin Bhéal Feirste agus go ndruidfear Lá Nua i mbéal na Nollag.  Tá cruinniú foirne le bheith ann amarach chun an cheist ‘a phlé’.  Níl fógra iomarcaíochta eisithe go fóill.  Tuigtear dom go ndúnfar an nuachtán GO CINNTE roimh na Nollag ach nach bhfuil an dáta dúnta tugtha go fóill. 

Más amhlaidh go bhfuil an scéal sin ag teacht chun solais agus uachtarán Shinn Féin ag déanamh raitis ag tacú le Lá Nua, mar atá sonraithe thuas, is léir nach bhfuil a fhios ag an láimh dheis céard atá ar siúl ag an láimh chlé.  Thuig mise i gcónaí nárbh baill den chorp chéanna iad Lá Nua/Lá agus SF ar aon nós….

 

Ach amháin na giorruithe ina raibh láimh againn féin!

Ach amháin na giorruithe ina raibh láimh againn féin!

7 dtuairim ar “Athrú poirt Shinn Féin ró mhall chun Lá Nua a thartháil?

  1. séamus Mac Seáin

    deireadh ré gan dabht ach an bhfuil glún óg de Ghaeilgeoirí díograiseacha ann inniu atá sásta an “lochrán a lás a sinsear rompa” a thógáil agus nuacht seirbhís laethúil Gaeilge a chruthú duinn athuair?

    Freagra
  2. GAEL ÓG

    “Deireadh ré gan dabht ach an bhfuil glún óg de Ghaeilgeoirí díograiseacha ann inniu atá sásta an “lochrán a lás a sinsear rompa” a thógáil agus nuacht seirbhís laethúil Gaeilge a chruthú duinn athuair?” SÉAMAS MAC SEÁIN

    Nach cinnte go bhfuil a Shéamais…

    Freagra
  3. Seán Mór

    A Ghaeil Óig, an bhfuil tú ag rá anseo go bhfuil plean ar bun ag dream óg éigin san am i láthair nuachtán laethúil a chur amach nuair a thiocfaidh deireadh le Lá Nua? Ba bhreá liom sin a fheiceáil. Ach mura bhfuil ann ach ‘mian’ nó ‘cuspóir’… tá an Ghaeilge báite i mianta agus i gcuspóirí.

    Freagra
  4. RG Cuan

    Ní fiú nuachtán laethúil a chur i gcló – is fiú go mór é a dhéanamh ar líne amháin. Tá sé dochreidte ar fad, in aois seo na teicneolaíochta, nár ghlac an Foras leis an mholadh seo sa chéad dul síos.

    Tá mé cinnte go mbeidh daoine ag iarraidh, agus in ann, seirbhís laethúil nuachta a chur ar fáil ar líne amach anseo.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    má’s fíor na scéalta faoi bhás “LÁ” agus creidim gur fíor tá nach mór dhá mhí ann le seirbhís nuachta ar líne a chur le chéile.Cad é mar a chuireann muid chuige?.Tá daoine ag blagáil gach lá mar atá (iGaeilge,An Druma mór srl.) agus daoine eile tá mé cinnte nach bhfuil an sean diúlach seo eolach orthu.Cad é mar is féidir iad sin a chónascadh le chéile agus séirbhís nuachta a dhéanamh astu?.Ar cheart do lá ,mar atá, an chéad cúpla mí eile a chaitheamh ag tabhairt isteach abhar na mblaganna sa pháipéar go bhféicé muid cád é is féidir a chur le chéile .B’fhéidir nach bás ach ath- fhás a bheadh i gcéist.tá trath na caointe thart agus trath an ghnímh tagtha.

    Freagra
  6. Seán Mór

    Sin an cineál cainte is maith liomsa a chluinstin, a Shéamais! Scríobhfaidh mé féin alt amháin ar a laghad sa tseachtain. Níos mó má bhíonn an t-am agam. Bheadh eagarthóir maith de dhíth, agus duine eolach ar dhearadh idirlín/nuachtáin. Ina dhiaidh sin, thiocfadh le cuid mhór daoine míreanna nuachta, tuairimí, anailís srl a chur ar fáil. An rud a chaithfear a sheachaint, i mo bharúil féin, ná cuma na blagadóireachta (cé go dtaitníonn an bhlagadóireacht liom féin). Caithfear ‘seirbhís nuachta’ a chur ar fáil.

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    is cinnte ,a Sheáin Mhóir, go gcaithfear cuma an bhlaig (na blaige?)a sheacháint agus sin an fath a mholaim na blaganna a chónascadh le “LÁ” fad is go bhfuil eagarthóir agus foireann éigin ar fáil leis an tseirbhís nua a mhúnlú.An féidir duine éigin an smaoineamh seo a chur ar aghaidh chuig “LÁ” no níl a fhios ag an “Luddite” seo an bealach lena dhéanamh

    Freagra

Freagra