Cad é an difir idir an Rí Chanúit agus eagarthóir nuachtáin?

B'fhearr don Ri Chanút é féin a sheachaint ar an dtaoide....Cérbh é an Rí Chanúit, a fhafraíonn tú.   Bhuel b’é an rí ar Shasana, an Danmhairg agus an Iorua é tuairim is míle bliain ó shin agus, in aineoin an trí thír sin bheith faoina réim, fuair sé tuiscint ná raibh sé uile chumachtach.   Nó rinne sé iarracht a rá leis an taoide iompú ar ais agus é ina shuí ar rí chathaoir ar an dtrá i mBosham i Sasana.  Theastaigh uaidh nach bhfliuchfaí a chlóca.  An toradh ar an scéal gur fliuchadh é mar níor iompaigh an taoide ná baol air. 

Go fóill baintear úsáid as an scéal sin le cur in iúl go bhfuil sé fánach tabhairt faoi roinnt rudaí.   Tá sé chomh fánach tabhairt faoin taoide a iompú droim ar ais agus tá sé chomh fánach céanna bheith ag troid in éadan taoide na blagadóireachta, mar atá mo shean chara, Dónall Mac Giolla Chóill, eagarthóir Lá Nua, in alt sa nuachtán sin inniu. 

Beidh a fhios ag Dónall go bhfuil díolachán nuachtáin ar fuaid an domhain ag titim, nuachtáin ar nós an New York Times is eile, de bharr go bhfuil an t-idirlíon anois ar an phríomh fhoinse eolais, nuachta agus, anuas ar sin, barúlacha is tuairimí.   Níl a fhios agam an bhfuil díolachán Lá Nua ag titim de bharr fás ar an ngréasán Ghaeilge ar an líon go fóill – ach is é mo thuairim nach bhfuil sé ag méadú.  Tá aois órga na nuachtáin ag druidim chun deiridh…sin an fath go bhfuil cuid is mó acu, Lá Nua ar thús cadhnaíochta sa tír seo, ag iompó i dtreo na h-idirlíne.

Ar aon nós, tuigeann na daoine a thuigeann na cúrsaí seo go bhfuil an blagadóireacht ag dul i méid.  Bunaítear na mílte blaganna gach lá….agus, má ghlacaimíd le tuairimíocht Dhónaill, is ionann sin agus alán daoine ag suí i seomraí dorcha gan d’fhoinse solais ann ach scáileáin riomhaire!

Níl gach blag chomh maith lena chéile.   Ach tá siad ag dul i bhfeabhas.  Más féidir liom é a rá, tá feabhas tagtha ar an mblag seo ó thosnaigh mé é tuairim is sé mhí ó shin.  Tá siad ag eirí níos slachtmhaire.   Tá siad ag eirí níos iontaofa.  An feidir brath orthu mar fhoinse neamh chlaonta eolais nó nuachta?  Ná bí amaideach.   Níl a leitheid de rud ann is foinse neamh chlaonta eolais nó nuachta – tá claonadh ar gach rud a léann tú.   Is é céim na claontachta an cheist.

Níl a fhios agam an dtaitníonn an cur síos a dheineann Dónall ar bhlagadóirí liom.   Daoine iad, dar leis, atá ag lorg ardán ghearáin mar nach bhfuil ardán eile ar fáil.  Daoine iad nach dtugtar cluas le h-éisteacht doibh i dtithe tabhairne nó ar chúinne sraide nó ar na h-aerthonnta! 

An é go gcreideann sé go dtugtar níos mó eisteacht d’eagarthóirí nuachtáin?   Eagarthóirí nuachtáin laethúla Ghaeilge ach go h-áirithe? 

Beag an bhaol – agus táim á rá san agus taithí mhaith agam ar an easpa eisteachta. 

Go deimhin creidim go mbionn i bhfad Éireann níos mó éisteachta á fháil ag an bhlagadóir ná mar a bhíonn á fháil ag leitheidí Lá Nua nó Foinse – nó is féidir liom bheith cinnte go bhfaighidh mé cúpla freagra ar chuid is mó den na míreanna a fhoilsítear anseo.  Is fada an lá ó chonac litir chuig an eagarthóir i Lá Nua agus ní bhionn ach corr cheann i bhFoinse ach an oiread…..

Ní h-ionann easpa litreacha agus easpa údar ghearáin bíodh a fhios agat.  Is ionann é agus easpa eisteachta.  

Dúirt Marshall McLuhan trath gur ionann an meán agus an teachtaireacht – The Medium Is The Message.   Bhí cuid den cheart aige.  Tá an meán tabhachtach agus is é an buntáiste atá an idirlíon ar nuachtáin ar nós Lá Nua gur féidir an abhar ar an idirlíon a léamh chomh luath is a fhoilsítear é.  Ní thagann an phroiseas idir an fhoilsitheoir agus an léitheoir.    

Ní gá deontas stáit chun blag a thosnú.  Níl sé ag brath ar bhainistíocht a bhaineann an chos eile ón bhfoireann nuair atá foghlamtha conas siúl ar leath chois.  Níl feidir le Foras na Gaeilge dhá lámh an bhlagadóra a cheangail taobh thiar dá dhroim le cinntiú nach ndéanfar íonsaí ar an ngé a bheireann an ubh órga, nó an leath ubh órga! 

Is é seo an aois ina bhfuil saorannaigh ag glacadh ról iriseoireachta orthu féin.  Tá siad á dhéanamh seo de bharr go bhfuil an meán ann chun seo a dhéanamh agus nach bhfuil iontaoibh acu as na h-iriseoirí ‘gairmiúla’, sagairt seanmóireachta ár linne, chun an gnó a dhéanamh agus glacadh leis na seanmóirí gan cheist.  Ní slí aon bhealaigh é meán cumarsáide na h-aoise seo nó an aois atá le teacht.  Níl srian leis na bealaí cumarsáide. 

Níl a fhios agam an mbeidh blag ag Dónall riamh.   Is cinnte nach bhfuil morán ama aige agus é mar eagarthóir nuachtáin tabhairt faoina leitheid….  Ach leanann taoide an tsaoil ag líonadh i gcónaí agus ní feidir é a stop in áit amháin mar a fuair Canút amach. 

An difir idir Canút agus Eagarthóir nuachtáin?  Thuig Canút an fhirinne sin breis is míle bliain níos túisce ná mar ar thuig eagarthóirí nuachtáin é…..an iar-eagarthóir nuachtáin seo san áireamh.

3 thuairim ar “Cad é an difir idir an Rí Chanúit agus eagarthóir nuachtáin?

  1. aonghus

    Rí Canúit bhocht. Deántar éagóir ar an bhfear bocht.
    Thuig sé go maith, sula ndearna sé an turgnamh cáiliúl úd, nach raibh sé uilechumachtach. Níor thuig a lucht tacaíochta é. Mar sin, ní raibh de rogha aige ach fiainaise a thabhairt dóibh.

    Cheap mise go raibh cuid mhaith stuaim in alt Dhónaill. Beidh áit ann don nuachtán i gcónaí, sílim; b’fhéidir nach mbeidh sé i gcló (cé nach bhfuilim cinnte faoi sin).

    Ach tá gá le h-udarás le muinín a bheith in eolas. Tiocfaidh sin le h-am ar an idirlíon. Tá meas ar bhlaganna thar a chéile (mar a luaigh Dónall).

    Leanann a lán rudaí ar an idirlíon “dlí cumhachta “, i. bíonn sciar sách beag samplaí fiúntacha in aon earnáil.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    Is lia duine na tuairim, buíochas le Dia, agus is breá liom an díospóireacht fán bhlagadóireacht idir Dónal agus Concubhair, bail ó Dhia orthu beirt.Tá saol na Gaeilge ró shéimh agus ró chumhang agus aithne ag daoine ar a chéile go minic, rud a fhágann go mbíonn an chumarsáid i nGaeilge leamh i dtólamh ach amháin faoi chúrsaí gramadaí!!!.Is breá liom an teannas atá le mothachtáil sa díospóireacht. Is comhartha beochta é atá de dhith go mór ma tá daoine le suim a chur i n iriseóireacht na Gaeilge.Leánaigí libh ag strócadh á chéile.Tá ár dtodhachaí in bhur lámha.

    Freagra
  3. Póló

    Bíonn an-chuid ráiméise ins na nuachtáin leis. Agus amantaí toisc srian ró-dhaingin a bheith ortha, ag na daoine mí-chearta.

    Tig le duine siúlóid bheag a ghlacadh idir mír bhlaig a scríobh agus é a chur sa phost, mar a deirfeá. Is fearrden tsláinte é.

    Níl aon gheis ar dhuine blag a léamh. Tuileann an blag a mheas féin.

    Freagra

Freagra