An Chorn ag an Ráidió

Gearóidin Néidi Frainc - bhuaigh si Corn Ui Riada faoi thri roimheDe réir an scéala seo ag Lá Nua ar maidin, d’fhograíodh inné go raibh socrú déanta ag RTÉ Ráidió na Gaeltachta le hOireachtas na Gaeilge na príomh chomórtais amhránaíochta a chraoladh beo i mbliana. 

Go fóill, áfach, beidh Corn Uí Riada, buaic phointe an Oireachtais, á chraoladh beo ag TG4.  Is ceart agus is cóír go mbeadh an príomh imeacht chultúrtha ag mór fhéile na Gaeilge á chraoladh beo ar staisiún teilifíse phobal na Gaeilge agus ag staisiún raidió phobal na Gaeilge. 

Bhí áthas orm nuair a chuala mé níos luaithe an tSamhradh seo go raibh socrú déanta go mbeadh an ocáid á chraoladh beo ag TG4.   Ach ba thubaisteach an bealach a d’iompaigh an scéal ina phráiseach de bharr, ar chúis nach dtuigim, go raibh cearta ‘eisíacha’ faighte ag TG4 ar an ocáid.  

Is mór an trua gur deineadh cacstaí den rud mar sin agus gur fagadh comhartha ceiste faoin mhór ocáid seo ar feadh cuid is mó den Samhradh. 

Ach tá an margadh déanta anois – beidh Corn Uí Riada ar an ráidió agus ar an dteilifís.   Ba mhaith an rud é go léireodh TG4 an faobhar iomaíoch céanna agus iad ag lorg na cearta craoltóíreachta do Chraobh na hÉireann sa Pheil agus san Iomáint is ar léirigh siad sa tóir ar an amhránaíocht ar an sean nós. 

Níl a fhios agam, áfach, an é an rud is fearr ar domhan go mbeadh ‘smacht eagarthóireachta’ ag Raidió na Gaeltachta ar an ocáid.   Mothaím go mbionn an cuma ar Chorn Uí Riada go minic go bhfuil sé mar a bheadh imeacht ag féis áitiúil.   Taithníonn an leathfhoirmeálacht sin le roinnt – ach tugaim faoi ndeara go ndeintear seó an mhór ar S4C de chomórtais amhránaíochta an Eisteddfod

Sílim gur cheart go mbeadh smacht ag an Oireachtas ar an seó agus go mbeadh siad i ndán a rá le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le TG4, is é seo an bealach a dheinfear an seó seo agus ba mhaith linn comhoibriú libh le go mbeidh sibh i ndán an jab is fearr is féidir libh a dhéanamh agus sibh á chraoladh!

An Eisteddfod - is mór idir é seo agus Oireachtas na Samhna

Aon tuairim amháin ar “An Chorn ag an Ráidió

  1. Póló

    Lán cheart agat faoin Eisteddfod. Is fíor fhéile náisiúnta í cé go bhfuil sí fós ábhairín lochtach.

    Cinnte, is cóir smacht eagarthóireachta a bheith ag an Oireachtas. Is fuath liom na meáin a fheiceáil ag preanseáil timpeall mar bhainisteorí stáite ar an dtaobh mí cheart den cheamaire/meic ar na hócáidí seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s