Ar nós cuma leo….

 

An bhfuil gá le dhá bhrát Bhriotanach ag Stormont?

An bhfuil gá le dhá bhrát Bhriotanach ag Stormont?

eigeandáil pholatúil ó thuaidh…arís.   Ach is cosúil gur beag speis atá á chur ann ag na meáin ó dheas. 

Bhíos ag fáire ar Nuacht RTÉ aréir – ach ní raibh aon rian de thuairisc ar na h-imeachtaí ag Stormont an lá inné go dtí an dara leath den chlár.   Tá an cosúlacht ar an scéal go bhfuil an spéir chun titim ar Stormont – ach má tharlaíonn sé sin, ar eigean go mbeidh speis ró mhór ann ag na meáin pé scéal é. 

Tá deireadh le séasúr na seafóide – agus ‘na Trioblóidí’ dár leo – agus mar sin ní bheidh siad ag coinneáil súil ró ghéar ar na h-imeachtaí ann. 

B’fheidir gur dea rud é sin – ní ar leas na siochána agus na córa i gcónaí na meáin a bheith ag suí ag fáire ar gach fhocal agus siolla agus iad ar thóír leideanna go mbeidh laethannta an fhoirnirt ag filleadh. 

B’fheidir go bhfuil baint ag an neamhshuim seo leis an dtuiscint atá agam ar an scéal – agus ag Eoghan O Néill –  sé sin nach bhfuil Sinn Féin sásta cruinnithe den Fheidhmeannas a cheadú mar go bhfuil an DUP ag seachaint an chumhacht a roinnt i gceart leo.  Léiriú ar an easpa roinnte cumhachta atá ag titim amach go bhfuil an DUP ag maíomh go bhfuil ag eirí leo teacht idir SF agus na spriocanna atá ag an phairtí phoblachtach.  Tá an DUP, go h-áirithe, ag cur stop le h-aistriú chumachtaí phoilíneachta agus slándála agus le reachtú Acht na Gaeilge. 

Léiríonn sé sin go bhfuil an DUP siocaithe go fóill sa sean chloch aois pholatúil agus go bhfuil sé deacair do dhíneasáir an pháirtí glacadh leis go bhfuil ré úr ann – agus tá siad, ar ndóígh, ag féachaint ar chúl agus iad ar an airdeall faoi Jim Allister, iar comhleacaí dá gcuid, agus a phairtí, an Traditional Unionist Voice. 

Dhírigh Fionnuala O’Connor a méar ar an bhfadhb ina colún inné san Irish Times: 

For Sinn Féin, the summer stalemate was a breathing space, marred only by splinter republican violence. Months of being poked in the eye by the DUP’s jeering and sneering brigade over the Irish tongue and education played badly in what republicans call “the base”, among supporters who have bitten tongues and swallowed hard. Every patronising reminder from a DUP front-runner that theirs is the largest party and sees no need to consider nationalist sensitivities makes it harder to sustain the illusion of Stormont as transition to a united Ireland – which ever more clearly has no resonance in the South, and little enough any longer in republican heartlands. Retaliation took the form of repeated lectures from Adams on the failings of others and the superiority of republicans.

 

Ar aon nós, dá mbeadh na meáin ag amharc go géar ar an scéal seo, thuigfidís go raibh cuid mhór den locht ar an DUP agus go raibh creidiúint ag dul do SF as a seasamh in éadan mhaistíneacht an pháirtí. 

Gan amhras is doichí go bhfuil aird na meáin dírithe ar na margaí airgeadais agus gurb é sin an fath is mó nach bhfuil siad ag campáil ar an bhfaiche oscomhair Stormont.

D’fhéadfadh buntáiste sealadach bheith ag an Tuaisceart de bharr an thuas seal, thíos seal, thuas seal atá ag titim amach sa mhargadh.   Is é sin de bharr go bhfuil bannaí cinnte ag an gcóras baincéireacht go ndéanfar £35,000 a aisioc ar airgead atá i dtaisce acu i mbainc ó thuaidh.  Sa deisceart, is é €20,000 uasmhéid an bannaí.   Tá fianaise ann go bhfuil airgead ag dul thar teorainn go gasta na laethannta seo….

Aontaím le hEoghan – An Druma Mór – gur ar eigean go n-aistreofar cumhachtai na poilíneachta agus slándála go luath agus gur lú an seans anois go reachtófar Acht Ghaeilge de bharr an eiginnteacht seo.  Is é seo an méid a deir Eoghan: 

Dúirt mé roimhe seo gur shíl mé nach mbeadh comhaontú idir Sinn Féin agus an DUP inniu. Ní thig leis an DUP comhaontú a dhéanamh le Sinn Féin faoi cheist na póilíneachta ná ceisteanna eile, mar go bhfuil an DUP scoilte ar fad ar na ceisteanna seo. Níl Nigel Dodds, Maurice Morrow, Jim Wells, Willie Mc Crea, srl ag dul isteach i gcomhaontú le Sinn Féin faoin cheist seo. Níl an dream seo ná go leor eile sa DUP fiú sásta focal a rá le Sinn Féinithe, gan trácht ar ghnó a dhéanamh leo. Tá baill tonoil an DUP sásta a bheith i gcumhacht ach ní siad sásta cumhacht a roinnt.
Mar sin ní bheidh comhréiteach ann faoi cheist na póilíneachta ná faoi Acht na Gaeilge dar liom.

An rud atá riachtanach sa chás sin, go mbeidh malairt pleán agus malairt éilimh ag pobal na Gaeilge.   Tacaíocht don Ghaelscolaíocht, tacaíocht do na meáin Ghaeilge, tacaíocht do ghrúpaí atá ag obair ar an dtalamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn…..sin atá de dhíth.

An bhfuil an pleán sin ann? 

[Sílim nach fada go mbeidh Foras na Gaeilge ag feidhmiú faoin módh cúram agus cothabhála de bharr seo.  Ar eigean go dtabharfar faoi ndeara é seo de bharr nach féidir aon ghníomh a lua leis an bhForas.  Agus tá an institiúid teanga tras teorainn imeallaithe go mór ag an dá rialtas, ag an Aire DUPach ó thuaidh ar fuath leis an Ghaeilge agus ag an Aire FF ó dheas ar fuath leis an bhForas.]

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s