Aer Lingus agus Samsung – droch scéal agus dea scéal

Is fiú scrúdú  a dhéanamh ar thorthai tubaisteacha Aer Lingus agus an scéal is déanaí faoin Samsung Tocco go bhfuil an fón dhá theangach seo le díol ó thuaidh den teorainn.

Tá an aerlíne náisiúnta, mar a bhí, tar éis a fhógairt go raibh cailliúnt €22m aici anuraidh.    Anuraidh fosta d’fhogair Aer Lingus go raibh sí chun aistriú ón Sionainn go Béal Feirste dá eitiltí tras Atlantach agus, de reir an aerlíne féin, go raibh deireadh á chur aici leis an nós beannú dá paisinéirí i nGaeilge.   Bhí eagla ar Aer Lingus go gcuirfeadh an cúpla focal Ghaeilge, dá laghad é, fáílte fuar roimh aondachtaithe.   

Ba chuma cad a rinne Aer Lingus nó níl rath go fóíll ar an mbogadh ón Sionainn go Béal Feirste.  Nior mheall beart frith Ghaeilge an aerlíne aon tacaíocht breise ó aondachtaithe agus is dóichí gur chuir sé naisiúnaithe, iad san a roghnódh Aer Lingus mar gheall ar dhílseacht náisiúnta, ó dhoras. 

An mbeidh athbhreithniú ar an bpolasaí anois?  Sin an ceist ar cheart cur ar Dermot Mannion, priomh fheidhmeanach Aer Lingus. 

Ar an láimh eile tá éileamh mhór agus dea thoil tuillte ag an bhfón póca nua ó Samsung, an Tocco, de bharr iarrachtaí na cuideachta idirnáisiúnta seo tuar théacs a aithníonn an Ghaeilge a bheith feistithe ar an bhfón.   Tá sé i gceist anois an Tocco, an fón dhá theangach seo, a dhíol ó thuaidh.   Nach bhfuil Samsung imníoch faoi fuacht na n-aondachtaithe? 

Nó an é go bhfuil ceacht Aer Lingus foghlamtha acu? 

Céard é an ceacht?  Ná cuir paisinéirí/custaiméirí ó dhoras gan fios a bheith agat go bhfuil tú chun slua níos toirtiúla a mhealladh leis an cur ó dhoras sin…..

2 thuairim ar “Aer Lingus agus Samsung – droch scéal agus dea scéal

  1. Alexander Dietz

    Is foghlaimeoir Gearmánach mise. Bhuel, is bocht an scéal é maidir le Aer Lingus nach bhfuil aon leagan Gaeilge ar fáil dena suíomh idirlín. Is náire é toisc gurb iad an aerlíne náisiúnta na hÉireann!

    Freagra

Freagra