An Phicnic Leictreach….

Tá na sluaite ógánach ag tabhairt a n-aghaidheanna an deireadh seachtaine beag seo ar Co. Laoise don phicnic leictreach – ocáid mór chun deireadh a chur leis an Samhradh.  Tá sé d’adh orm áfach go bhfuil cúramaí eile orm an deireadh seachtaine seo seachas bheith ag tabhairt aire nach gcuirfidh mé mo chrúbaí móra i lochán plodaigh. 

Orthu san tá súil agam bheith ag glacadh páirte i siúlóid  a bheidh á reachtáil i Múscraí amarach (Dé Satharn) mar chomóradh ar ocáid oscailte ar Shiúlóid Uí Shuilleabháin Béara. 

Ach is deas liom a fheiceáil go bhfuil Raidio na Life ag freastal ar bPicnic Leictreach seo agus go mbeidh tuairisciú beo á dhéanamh acu ar an imeacht do ghaeil na tíre – agus an domhain. 

Tacaím go h-iomlán leis an méid a deirtear faoi Raidio na Life – agus Raidio Fáílte – in eagarfhocal Lá Nua inniu.

Tá Raidio na Life/Raidio Fáílte/Raidio Rí Rá agus Raidio na Gaeltachta ag cruthú go bhfuil earnáil sláíntiúil raidio ann don Ghaeilge – ach léiríonn iarrachtaí na staisiúin neamhspleacha go bhfuil go leor eile ar féidir baint amach ach tabhairt faoi.   Tá beochraoladh ón bPicnic Leictreach ina léiriú ar an spiorad ceannródach seo.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s