Turasóireacht Pholatúil

Tá na Cluichí Oilimpeacha thart agus tá aird an domhain faoi láthair ar Denver i Colorado, an cathar ina bhfuil comhdháil Pháirtí Dhaonláthach SAM faoi láthair.    Is ann a bhronnfar bonn óir na polataíochta ar an Déardaoin nuair a ainmneofar Barack Obama mar ionadaí an phairtí i dToghchán Uachtarántachta SAM a bheidh á reachtáíl ar an gcéad Máirt i mí na Samhna. 

Ar ndóigh tá suim idirnáisiúnta san ocáid.  Agus is tabhachtach an ocáid í.  

Ach creidim go bhfuil sé thar fóír amach is amach go bhfuil toscaireacht de bheirt aire, ar a laghad, seolta ag an Rialtas chuig Denver.  

De réir tuairiscí, tá Nollaig O Diomasaigh, an Aire Iompair, agus Mary Hanafin, an Aire Ghnóthaí Pobail. Teaghlaigh agus Shoisialta, mar aon le Enda Kenny agus Eamon Gilmore, i Denver.  

In agallamh raidio ar RTÉ 1 níos luaithe, d’admhaigh an Aire Iompair nach raibh ticéad aige fiú agus go raibh a leitheid gann.   

Tá cuma amaitéarach ar sin mar fhreagra.  Ar aon nós, tá cuma ar an scéal gur ‘junket’ nach beag é seo agus gur am agus airgead amú é.  Glacaim leis go bhfuil costaisí na n-Airí á chlúdach ag an Rialtas agus, ar bhealach amháin nó eile, go bhfuil an cáiníocóir ag ioc as turasanna Enda agus Éamon, bíodh sé ag teacht go díreach ón Stát Chiste nó, b’fheidir, ag teacht via cistí na bpairtí ón statchiste.   An toradh céanna, sinne atá ag ioc as.  

  • ceartúchán:   Chuala mé an Aire Hanafin ar RTÉ Raidio na Gaeltachta ar maidin ag tabhairt le fios gurb í féin a bhí ag íoc as a costaisí féin freastal ar an ocáid.    Maith í.  

Cad is fiú beirt Aire mar aon le beirt ceannaire phairtí ón fhreasúra a chur ann? Cé atá ag ioc as an dturasóíreacht pholatúil seo?  Agus céard é an toradh a bheidh air?  Cad é an leas a bhainfidh an ghnath chos mhuintir as thar nais in Éirinn?

Nó an é go bhfuil na hAirí imithe go Meirceá le cinntiú go mbeidh margadh milis ann d’imircigh ón dtír seo i SAM a ligifidh doibh fánúint ansin go dleathach.   An bhfuil siad ag lorg gnólacht eigean Meirceánach teacht agus cúpla míle post a chruthú agus sinn a tharraingt ón sáinn eacnamúil?   Bheadh san go léir go brea – ach ní doigh liom go bhfeicfear aon toradh den tsort seo ón dturasóireacht pholatúil seo.   Ar an gcaoi céanna a chuaigh Martin Cullen, Sean Kelly agus eile ar chuairt – ar chostas an cháin iocóra – go Beising do na Cluichí OIlimpeacha, tá Nollaig, Mary, Enda agus Eamon, ar chuairt chostasach go Denver. 

B’fhearr doibh a mhíniú don phobal an buntaiste a bhainfimíd as nuair a fhileann siad…..

Aon tuairim amháin ar “Turasóireacht Pholatúil

  1. aonghus

    Má thuig mé i gceart í, is ar saoire atá Mary Hanafin thall, ar a costas féin. (Bhí sí ar adhmhaidin inniu).

    Ach fiú má tá muid ag íoc as:

    Tá sé deacair luach a chuir ar an saghas tadhlóireacht bhog seo, agus tá an Teach Bán tábhachtach do leas na tíre.

    Chomh fada is nach dtéitear thar fóir, níl locht agam ar an saghas seo turas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s