Freagra ó Aonghus stuama foilsithe san Indo

Seo an litir ó Aonghus a fhoilsíodh inné sa Sunday Independent mar fhreagra ar m’alt an tseachtain seo chaite.   Níl an litir ar fáil ar eagrán idirlín an Indo ar chúis éigean ach ós rud é gur cheannaigh mé an nuachtán, tá sé feicthe agam ar leathnach na litreacha.   Tá saghas tuairim agam nach gceannódh lucht leanta iGaeilge an nuachtán sin ach nár mhiste leo a fháil amach nuair a fhoilsítear alt nó litir ann faoin nGaeilge.

Litir stuama é mar a bheithfeá ag súil leis ó Aonghus – ar ndóigh ní aontaím leis cé go dtuigim an argóínt.

Seo chugaibh é…..

Dear Sir,
I am one of those who disagree with Concubhar Ó Liatháin’s analysis of
the purpose and success of the Official Languages Act. (Sunday
Independent 1 Nov)

There is a perfectly simple reason why the Act is full of details
about a bureaucracy. The purpose of the Act is to make the states
bureaucracies take Irish speakers into account, in a planned,
consistent and sensible fashion.

The compulsory English imposed by the State’s various arms on the
people of the Gaeltacht has been a major factor in the decline of
Irish in the Gaeltacht, and a significant factor in reducing the range
of places Irish is spoken outside the Gaeltacht.

The documents it requires translated are those used by the
bureaucracies to communicate with the public. That these can be
improved, and produced and distributed more cost effectively is true,
but not the purpose of the Act. To allow the bureaucracy to continue
to ignore Irish speakers in these documents – which the organs of the
State consider to be important – would be to signal that Irish
speakers need not be considered.

It should also be noted that it is not resources which would be
available for Irish language projects that are spent on these
measures.

Like every other legal measure, the cost of these measures are met
from the administrative budgets of public bodies, which received no
additional funding when the Act became law. And costs related to the
full range of the Act – not just the small number of translated
documents – consume less than a few percent of the administrative
budget, which itself is a small fraction of the actual budget of the
public bodies.

Nobody ever claimed that the Act would improve matters overnight – it
takes time to change attitudes and to undo the damage done by years of
compulsory English.

But the act is improving matters, and where it is put into effect
properly, has led to a jump in the amount of business conducted
through Irish.

is mise, le meas
Aonghus Ó hAlmhain

Bhúr mbarúlacha…..

11 de thuairimí ar “Freagra ó Aonghus stuama foilsithe san Indo

  1. una bhan

    Chonaic mé nár ghabh tú aon leithscéal inné leis an gCoimisinéir Teanga as d’alt míchruinn

    Freagra
  2. Rosie

    is trua nach bhfuil Ó Cuív chomh soiléir céanna agus Acht na dTeangacha á chosaint aige. cinnte tá airgead curtha amú ag eagraíochtaí stáit agus iad ag déanamh iarracht riachtanais an Achta a chomhlíonadh, ach is míbhainistíocht acmhainní agus míthuiscint ar fhorálacha na reachtaíochta is cúis leis sin.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní raibh leithscéal le gabhail, a Úna, mar ní raibh mí chruinneas san alt. Chomh fada agus go dtuigim an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir liom ar an nguthán, bhí sé ag gearán faoi chasadh, dar leis, a chuir mé ar an scéal agus nar thaitin leis. Má bhí gearán ag an gCoimisinéir Teanga, bhí – agus tá – an cheart aige an ghearán sin a chur in iúl don nuachtán sa ghnath bhealach. Mar a fheiceann tú, ní leisc leis an nuachtán litreacha ag dul i ngleic le scríobhnóirí sa nuachtán a fhoilsiú.

    Freagra
  4. aonghus

    Níl faic i mo litir nach bhfuil ráite go minic ag an Aire agus ag an gCoimisinéir.

    Ach ní chloistear faoi nuair a deir siad é.

    Tá gá le bolscairí maithe don Ghaeilge!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Is é an chéad chéim ó thaobh na bolscaireachta go mbeadh ardán ann. Ní bheadh litir Aonghus sa nuachtán ach go raibh alt uaim ann sa chéad dul síos….

    Is mór is trua an easpa cumarsáide idir lucht na Gaeilge agus an phobal mhór Bhéarla agus ní de bharr claonadh na meáin Bhéarla in éadan na Gaeilge an easpa seo.

    Tá teipthe ar lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta dul i ngleic leis an domhan mhór taobh amuigh – táimíd ró shásta is cosúil sa ‘comfort zone’ a thairgítear dúinn nuair a bhímid ag caint ar RnaG nó ag déanamh mhír ar TG4.

    Dar ndoigh tá pobail Gaelacha ar fuaid na tíre ag bunú Gaelscoileanna is eile – agus is ceart é sin a aithint.

    Ach léirigh an Aire agus an Choimisinéir Teanga an chlaonadh chúng seo, fánúint sa geiteo agus gan an cheist a phlé liom san Indo nuair a bhí an deis cruthaithe doibh, agus in áit an deis a thapú, dhírigh siad ar aghaidh orm ós comhair phobal na Gaeilge amháin nó tre iarraidh ormsa, mar a d’iarr an Choimisinéir Teanga, a gcuid oibre a dhéanamh ar a son.

    Freagra
    1. aonghus

      Tá roinnt den cheart agat. Ach is dóigh liom go mbíonn luach éagsúil ag alt tuairimíochta ag do leithéidí, agus ráiteas – a mbíonn blas ráiteas oifigiúil air ón Aire nó ón gCoimisinéir. Bíonn sé deacair ag a leithéidí an paisean chéanna a léirigh tusa a léiriú, toisc gurbh é an oifig, ní an duine, a bhíonn ag caint.

      Tá an cás amhlaidh don gCreideamh i gcoitinne agus an Eaglais CR go háirithe. Ní bhíonn an fórsa chéanna ag alt ag Easpag agus atá ag ráiteas duine “tuata”.

      Cá bhfuil – abair – John Waters na Gaeilge – le cuir in aghaidh an comhthuiscint “Irish was forced down our throats” a léiríonn leithéidí Kevin Myers?

      Sin atá de dhíth!

      Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Is léir domsa go bhfuil siad [ an Grúpa Indo] chomh dubh sin in éadan na Gaeilge – sé seo an grúpa nuachtáín céanna atá chun 200,000 coip a dhaileadh de Foinse gach seachtain ó 18ú Samhain ar chostas nach beag – go bhfuil siad tar éis a rá nár cheart do phointe réasúnta i dtaobh costas Acht na dTeangacha Oifigiúla bheith ag teacht ó chistí na rannóga éagsúla seachas ó lár chiste eigean don Ghaeilge a fhoilsiú ar eagla go dtuigfeadh daoine chomh mí réasúnta is atá sé bheith ag togáil ceiste faoin mbealach a chaitear airgead an cháiniocóra.

    Freagra
    1. aonghus

      Reic fógraíochta agus nuachtáin an t-aon gnó do ghrúpa an Indo. Bhain mo argóint faoi claonadh le hiriseoirí, ní le grúpa.

      Glacaim leis gur ar chuinsí spáis a fágadh ar lár é, seachas go bhfuil agenda rúnda ann. Ach leiríonn sé an deacracht, dar liom. Bhain d’argóint le hairgead a d’fheadfaí a chaitheamh ar an nGaeilge a bheith á chuir amú. Fagadh cuid suntasach de mo frith argóint ar lár.

      Bíonn alt go minic ann faoin “airgead a chuir amú” ar an nGaeilge. Tá gá le freagra air sin.

      Fágadh ar lár croí m’argóint freisin “To allow the bureaucracy to continue to ignore Irish speakers in these documents – which the organs of the State consider to be important – would be to signal that Irish speakers need not be considered.”

      Mar sin, níor foilsíodh freagra iomlán ar do argóint. Cinnte, ní hé leathnach na litreach an feithicil do sin pé scéal é. Tá gá le duine éigin le stádas chun alt a scríobh, agus é fháil foilsithe. Arís agus arís eile.

      Tá súil agam go leanfaidh tusa ort ag cur do thaobh. Ach ba mhaith liom tuairimí eile a fheiscint freisin. B’fhéidir go gcruthóidh an Foinse nua deiseanna dá iriseoirí foilsiú ar thaobh an Bhéarla. Tá súil agam é.

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s