An deireadh seachtaine seo táim ag tabhairt chun cuimhne m’athair, Dónal, a cailleadh um an dtaca seo anuraidh. Bhí sé 74 bliain d’aois.
Seo dán dá chuid a chum sé mar chuimhne ar chara eile liom a d’éag i Lúnasa 1997. Fear óg dárbh ainm Fiachra O’hAodha, fear chomh brea is a bhí ann riamh.
Fomhar 1997
Thainig na h-ealaí aréir,
Ar shaoire ón aigéin
Dhúisíodar mé ‘rís ar maidin
Is ní rabhais ag luí lem thaobh.
Cé leis go ndéanfad caint?
Cé dho go dtabharfad grá?
D’imigh tú leis an taoide
Agus ní thiocfair thar nais go brách.
Coiscéim ar lic an dorais,
cheapas gur tú a bhí ann.
Go h-oban cheartaigh m’aigne
Macalla ar fán ón uaigh.
Ó dá mba mise Críost
d’ardóinn tú arís ón mbás
Ó a Chríost na trócaire
Tabhair dom faoiseamh ar mo pháis.
Duilleoga fómhair ag séideadh
Tá mo smaointe leo chun fáin
Tá na gaotha tríom ag réabadh
Níl aon ghéag ná craobh díom slán;
Agus chím ar íor na spéire
An Nollaig a’ teacht ar luas
Du’ scamail tíntí is tóirní
A shloigfidh mé siar ‘na bpluais.
Seasaim ar imeall na h-aille,
Is an chuilithe mhealtach thíos fúm
Is níl loinnir de ghrian an Earraig
Ná den Samhradh ‘tá ‘mithe uaim
Ní h-aoibhinn blátha na n-áirne
Ná an samhaircín buí cois claí
Nuair a mhúch an chré do gháire
D’fheoigh gach bláth im chroí.
Mise bláth feochta i ngloine
Mise an luaithreach ar thoitín
Mise cúbhar bán ar an dtuille
Nó an peidhleacán insan draoib
Tabhair dom do sholas a chuisle
Cuir an dóchas arís im chroí
Mar anois má déantar mé a chroitheadh
Bead im luaithreach ar neamhní.
le Dónal Ó Liatháin
sin filíocht ambaiste.solás na bhflaitheas dó
Is amhlaidh a mhothaigh mé féin nuair a chuaigh m’athair féin sa chré ach níl na focail agam le cur síos air. Caithfidh sé gur ardfhile a bhí i d’athair.
Ní maith liom do thrioblóid, a Chonchubhair.
Dán iontach deas. An mbeidh alt leat sa Sindo amárach?
Taitníonn do dhán go mór liom.
Naughtie naughtie a Chon
Dán álainn, agus buanú cuimhne thar bharr.
Súil agam go bhfuil sé i gceist agat na dánta seo a chuir i gcló, mura bhfuil siad cheana.
Leaba i measc naomh na nGael go raibh acu araon, d’athair agus ábhar an dáin.
Focail áille. Is uasal é do dhúchas, a chara.