Ar an ngearrliosta…arís.

Tá iGaeilge i measc na mblaganna atá luaite ar ghearrliosta don ghradam as ucht an bhlag is fearr chun úsáid a bhaint as an nGaeilge ag Gradaim Blagála na hÉireann/Irish Blog Awards.

Ar an ngearrliosta in éineacht le iGaeilge, tá na blaganna seo:

Bronnfar na Gradaim ag ocáid in Ostán an Radisson i nGaillimh Dé Satharn seo chugainn.   Tá creidiúint ar leith ag dul do Edgecast Media.   Seo an chomhlacht atá á reachtáil ag Conn O Múineacháin, mo sheanchara.

Taithníonn sé liom go bhfuil roinnt blaganna nua ar an ngearrliosta, thar mar a bhí anuraidh, rud a leiríonn go bhfuil roinnt beochta san earnáíl ach is údar díomá é nach bhfuil na blaganna a bhuaigh an chomórtas ag an Oireachtas luaite ann.

Ag caint dom ar ghradaim, an bhfuil a fhios ag éinne céard atá ag titim amach le Gradaim Meáin Cumarsáide an Oireachtais i mbliana?    An mbeidh siad ann ar chorr ar bith?       Mura mbionn siad ann, an n-aireoimíd uainn iad?     Ní thosnóidh mé ar an bposrt sin anois….

Táim ag súíl go mbeidh mé i lathair don oíche i nGaillimh.  Creidim go gcaithfidh lucht blagála na Gaeilge bheith níos gníomhaí sa bhlagaisféar.     Is sa bhlagaisféar atá an seans is fearr go mairfidh iriseoireacht chlóite na Gaeilge, dar liom.

Aon tuairim amháin ar “Ar an ngearrliosta…arís.

Freagra