An Ghaeilge ina caitheamh aimsire – Jim Allister

Dar le Jim Allister, polaiteooir atá ina cheannaire ar an nGuth Thraidisiúnta Aondachtach, tá airgead á chur amú ar an Ghaelscoileanna ar an mBaile Meanach a fhéadfaí bheith á chaitheamh ar mhaoiniú scoileanna do pháistí le riachtanais speisialta.

Ar ndóigh, níl tuismitheoir ar bith le páíste ag freastal ar Ghaelscoil a shéanfadh maoiniú ar pháiste le riachtanas speisialta.  Tá páistí acu le riachtanais speisialta an oiread is atá ag tuismitheoirí eile nach seolann a bpáistí chuig Gaelscoileanna agus tá an seirbhís atá á fháil acu chomh h-olc nó níos measa ná na scoileanna Béarla.

Ach seo chugainn Jim Biogóideach Mac Allasdar agus é ag iarraidh a chur ina  luí nár cheart tacú le Gaeloidachas mar, dar leis, is caitheamh aimsire atá ann.

Is dócha go gcreideann sé go bhfuil sé ar thalamh slán agus é ag labhairt ar son páistí le h-uathachas agus riachtanais speisialta eile agus ag íonsaí na Gaeilge.

Ach tá iliiomad bealaí ann chun go gcaithfeadh an Rialtas airgead ar shiamsaiocht agus ar chaitheamh aimsire. D’fhéadfá a rá gur ionann Arm na Breataine agus club siamsaiochta agus caitheamh aismire do dhaoine fásta, club thar a bheith dainséarach agus costasach.  Cad abea an ‘Territorial Army’ ach club óige do dhaoine fásta?  Ach is cuimhin  liom Jim agus gach aondachtóir eile ag sarú a cheile chun an Territorial Army a chosaint ó thua Seansailéir na Breataine, Alistair Darling agus Gordon Brown roimis.

Anuas ar sin, tá ar pháistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna oideachas a fháil an oiread is atá ar pháistí a fhreastalaíonn ar an ghnath choras oideachais. Agus tá sé  léirithe go mbionn toradh níos fearr ar chostas níos lú le fáil ag páistí na gaelscolaíochta, thar páistí an ghnath chórais.

Mar sin de, titeann argóint Allister ar a thóin.

Gan amhras, ba cheart go mbeadh sin ar eolas ag an abhcóide seo.  Ach níl i gceist anseo ach geaitsíocht don slua,  ag léiriú go bhfuil sé níos frith Ghaelaí ná an DUP.  Geaitsí dainséaracha iad seo mar anois beidh ar an DUP a chruthú don phobal a thugann vóta don pháirtí sin go bhfuiil siad san níos frith Ghaelaí arís.

5 thuairim ar “An Ghaeilge ina caitheamh aimsire – Jim Allister

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Taréis na mBinsí Fíosraithe i mBaile Átha Cliath ni raibh móran meas agam ar abhcóidí, sin sar ar fuair mé amach go raibh Jim Biogóideach Mac Allasdar ina abhcóide.

    Freagra
  2. ormondo

    Má tá naimhdeas Shéamais Mhic Alastair i leith na Gaelainne fréamhaithe sa chiníochas ní fiú plé leis ar bhonn réasúnach. Ach an bhfuil a fhios ag mo dhuine gur ann do Ghaeilge na hAlban?

    Aisteach go leor ach déanann an fear céanna cigireacht ar chaighdeán na Gaelainne labhartha i bParlaimint na hEorpa.

    Freagra

Freagra